Seanad debates
Wednesday, 24 November 2021
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
10:30 am
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú toisc nach dtagann sé faoi scóip an Bhille.Mar sin ní bheidh sé cuí é seo a chur san áireamh. Cé nach bhfuil sé iomlán soiléir céard atá i gceist ag an Seanadóir anseo, glacaim leis go bhfuil sé ag déanamh tagairt do chóras ainmniúcháin d’eastáit de thithíocht nua. Tá sé i gceist agam an cheist seo a láimhseáil trí na caighdeáin nua agus bheinn ag súil go mbunóidh na comhairlí contae an coiste logainmneacha chun na ceisteanna logainmneacha a phlé. Tá an córas seo i bhfeidhm i nGaillimh agus tá sé ag obair amach go maith. Ar an mbonn sin ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.
No comments