Seanad debates
Wednesday, 24 November 2021
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage
10:30 am
Niall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 35:
I leathanach 43, idir línte 33 agus 34, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 33 den Phríomh-Acht
15. Leasaítear alt 33 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):“(4) In aon logainm nua arna dhearbhú ag an Aire nó ag údarás áitiúil le haghaidh aon fhorbairt nua ó theacht i ngníomh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, ní dhearbhófar ach an leagan Gaeilge agus is ag an logainm Gaeilge amháin a bheidh feidhm agus éifeacht.”.”.
Is leasú simplí é seo a chinnteoidh go mbeidh aon logainm nua sa Stát dearbhaithe i nGaeilge amháin. Cuideoidh sé seo leis an nGaeilge a lárú i bpobal nua agus le feiceálacht na Gaeilge, chomh maith le hiarracht a dhéanamh deireadh a chur le Béarlú na hÉireann, a thionscainn arm na Breataine. Tá an múnla seo i bhfeidhm ag údaráis áitiúla ar leith cheana féin, ar nós Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ach ba chóir go mbeadh sé mar pholasaí náisiúnta sa Stát go léir. Teanga álainn í an Ghaeilge agus ba chóir dúinn a bheith bródúil aisti. Sin an fáth gur cheart don Aire Stáit glacadh leis an leasú seo.
No comments