Seanad debates

Wednesday, 24 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 29:

I leathanach 29, línte 27 go 43, leathanaigh 31 agus 33, agus i leathanach 35, línte 1 go 8 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “Caighdeáin a thabhairt isteach

19A.(1) Déanfar gach comhlacht poiblí a aicmiú i gceann amháin de thrí earnáil. Déanfar tríú páirtí, pearsa aonair nó comhlacht a sholáthraíonn seirbhísí thar ceann comhlacht poiblí a aicmiú san earnáil chéanna leis an gcomhlacht poiblí dá soláthraíonn sé na seirbhísí sin. I gcás go soláthraíonn tríú páirtí seirbhísí thar ceann níos mó ná comhlacht poiblí amháin, déanfar an tríú páirtí sin a aicmiú ar leithligh i leith na seirbhísí a sholáthraíonn sé do gach ceann de na comhlachtaí poiblí éagsúla.

(2) Is iad na trí earnáil Earnáil 1, Earnáil 2, agus Earnáil 3. Déanfaidh comhlachtaí poiblí agus tríú páirtithe a sholáthróidh aon seirbhísí thar ceann aon chomhlacht poiblí a aicmeofar in Earnáil 1 an caighdeán is airde a sholáthar ó thaobh seirbhísí poiblí a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit. Déanfaidh comhlachtaí poiblí agus tríú páirtithe a sholáthróidh aon seirbhísí thar ceann aon chomhlacht poiblí a aicmeofar in Earnáil 2 caighdeán níos ísle a sholáthar ó thaobh seirbhísí poiblí a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit. Déanfaidh comhlachtaí poiblí agus tríú páirtithe a sholáthróidh aon seirbhísí thar ceann aon chomhlacht poiblí a aicmeofar in Earnáil 3 an caighdeán is ísle a sholáthar ó thaobh seirbhísí poiblí a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit.

(3) Déanfaidh comhlacht poiblí a aicmeofar in Earnáil 1 na seirbhísí go léir a sholáthróidh sé a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit. Déanfaidh sé na seirbhísí sin a sholáthar ar comhchéim ó thaobh caighdeáin, inrochtaineachta, cáilíochta agus tráthúlachta, is cuma cén teanga oifigiúil ina mbeidh sé ag soláthar seirbhíse. Maidir le tríú páirtithe a sholáthraíonn seirbhísí thar ceann an chomhlachta phoiblí, soláthróidh siad na seirbhísí sin de réir na gcaighdeán céanna.

(4) Déanfaidh comhlacht poiblí a aicmeofar in Earnáil 2 líon comhaontaithe seirbhísí a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit. Déanfaidh sé na seirbhísí sin a sholáthar de réir caighdeán comhaontaithe, ó thaobh inrochtaineachta, cáilíochta agus tráthúlachta. Maidir le tríú páirtithe a sholáthraíonn seirbhísí thar ceann an chomhlachta phoiblí, soláthróidh siad na seirbhísí sin de réir na gcaighdeán céanna.

(5) Déanfaidh comhlacht poiblí a aicmeofar in Earnáil 3 líon comhaontaithe seirbhísí a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit. Déanfaidh sé na seirbhísí sin a sholáthar de réir caighdeán comhaontaithe, ó thaobh inrochtaineachta, cáilíochta agus tráthúlachta. Maidir le tríú páirtithe a sholáthraíonn seirbhísí thar ceann an chomhlachta phoiblí, soláthróidh siad na seirbhísí sin de réir na gcaighdeán céanna.

(6) Socróidh an Coimisinéir Teanga na caighdeáin fhoriomlána i leith gach ceann de na trí earnáil. Sannfaidh sé nó sí gach comhlacht poiblí d’earnáil áirithe tar éis dul i gcomhairle leis an gcomhlacht poiblí. Maidir le hEarnáil 2 agus le hEarnáil 3, beidh an chumhacht ag an gCoimisinéir Teanga chun comhaontú le hathrú ar na caighdeáin a chuirfear i bhfeidhm maidir le comhlachtaí poiblí éagsúla laistigh de na teorainneacha foriomlána a shocrófar do gach ceann de na hearnálacha sin.

(7) Maidir leis na comhlachtaí poiblí agus na tríú páirtithe a sholáthraíonn aon seirbhísí thar ceann aon chomhlacht poiblí a aicmeofar in Earnáil 2 nó a aicmeofar in Earnáil 3, ní fhanfaidh aon cheann díobh san Earnáil sin ar feadh tréimhse is faide ná 5 bliana. Aistreofar gach comhlacht poiblí agus tríú páirtí a sholáthraíonn aon seirbhísí thar ceann aon chomhlacht poiblí tar éis 5 bliana chuig Earnáil níos airde ionas go n-aicmeofar in Earnáil 1 é laistigh de 10 mbliana.

(8) Déanfaidh an Coimisinéir Teanga faireachán ar fheidhmíocht gach comhlachta phoiblí agus tríú páirtí a sholáthraíonn aon seirbhísí thar ceann aon chomhlacht poiblí de réir na gcaighdeán don Earnáil ina mbeidh an comhlacht poiblí sin nó an tríú páirtí sin aicmithe.

(9) Beidh na cúraimí seo a leanas ar an gCoimisinéir Teanga:
(a) an caighdeán seirbhíse i ngach Earnáil a shocrú;

(b) athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar fheidhmíocht gach comhlachta phoiblí i ngach earnáil, agus má mhainníonn comhlacht poiblí an caighdeán sin a chomhlíonadh, tuarascáil a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais ina leith;

(c) tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do chomhlachtaí poiblí a bheidh ag féachaint le stádas Earnáil 1 a bhaint amach laistigh de 10 mbliana ar a mhéad.
(10) Beidh feidhm ag na caighdeáin agus ag na forálacha seo amhail ón 1 Eanáir 2025 d’ainneoin aon achtachán eile.”.

Labhróidh mé ar leasú Uimh. 29 ar dtús báire agus ar leasú Uimh. 30 díreach ina dhiaidh, má bhíonn sé in ord. Maidir le leasú Uimh. 29, is é seo an múnla a bhí molta ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán in 2018 do na caighdeáin teanga nua atá molta. Is mór an trua go bhfuil an Bille seo beagnach achtaithe againn anois agus fós níl aon fháil againn ar dhréachtchaighdeán atá ceaptha a bheith mar bhunús don chóras nua iomlán ag teacht in áit na scéimeanna teanga. Tá sé aisteach fiú gur caighdeáin teanga atá tugtha orthu nuair atá caighdeán oifigiúil foilsithe ag an Oireachtas cheana féin faoi bhunrialacha gramadaí na Gaeilge. Rinne mo chomhghleacaithe Shinn Féin sa Dáil é sin a chur ina luí ar an Aire Stáit ach rinneadh neamhaird orthu.

Ar a laghad, sa chóras seo atá molta againn, tá creatlach leagtha amach. Bheadh comhlachtaí poiblí briste síos i dtrí earnáil ag brath ar cé chomh riachtanach agus atá seirbhísí Gaeilge uathu don phobal. Bheadh dul chun cinn i gceist ó earnáil íseal go hearnáil ard. Is é an Coimisinéir Teanga a bheadh freagrach as dualgais ag na caighdeáin éagsúla a shocrú, agus tá sé bunaithe ar an gcóras sa Bhreatain Bheag. Mura bhfuil bunchreatlach mar seo leagtha amach sa reachtaíocht, tá contúirt ann go mbeidh na fadhbanna céanna atá againn leis na scéimeanna anois ann leis na caighdeáin, go mbeidh ar an Aire gach comhlacht a fhorordú go haonarach, agus go mbeidh próiseas fadálach i gceist. Fiú mura bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh leis seo, an bhfuil an caighdeán le feiceáil againn go fóill?

Maidir le leasú Uimh. 30, d'fhéadfaimis a rogha a chur isteach sa Bhille agus na forálacha teanga is deise agus is uaillmhianaí a riamh a chur isteach, ach gan fiacla taobh thiar de, ní fiú tráithníní iad. Toisc nach bhfuil aon phionós nó consequence ann nuair a sháraítear an reachtaíocht teanga, is minic gur chuma sa tsioc le comhlachtaí poiblí má tá tuarascáil eile foilsithe ag an gCoimisinéir Teanga fúthu.Ní tharlaíonn aon rud faoi. Chuir coimisinéir teanga na Breataine Bige in iúl don chomhchoiste le déanaí go bhfuil tábhacht ag baint lena chuid cumhachtaí pionósacha in ainneoin nár úsáid sé riamh iad. Tá an bhagairt ann agus toisc sin, ní dhéanann comhlachtaí na dualgais teanga a shárú ar fhaitíos go n-úsáidfí iad. Tá foráil sa Bhille seo a thugann cead don Rialtas córas cúitimh a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go n-íocfadh comhlachtaí cúiteamh le duine a sáraítear a chearta teanga ach níor baineadh úsáid as na forálacha sin riamh agus ní léir go bhfuil aon suim ag an Aire Stáit ann ach an oiread. Mar sin, táimid ag moladh go n-ullmhófaí tuarascáil laistigh de bhliain ó achtaíodh an fhoráil seo faoi na féidearthachtaí a bhainfeadh le córas fíneálacha a chur i bhfeidhm. Molaim leasuithe Uimh. 29 agus 30.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.