Seanad debates

Wednesday, 24 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tuigim cinneadh an Chathaoirligh agus tá ardmheas agam air ach níl clú dá laghad agam cén dóigh a bhfuil leasú Uimh. 26 as ord. Ar aon nós, is scéal eile é sin. Maidir le leasú Uimh. 27, tá baol ann faoi láthair nach gcuirfear i bhfeidhm an dualgas ar chomhlachtaí poiblí freastal ar phobal na Gaeltachta ina dteanga féin go deo. Tuigtear go bhfuil gá le spriocdhátaí éagsúla le haghaidh comhlachtaí éagsúla ach ní cóir go mbeadh siad in ann éalú go deo na ndeor. Is é sin an fáth go bhfuil spriocdháta deiridh ag teastáil, mar atá molta ag Conradh na Gaeilge. Tá go leor ama againn roimh 2030. Más féidir córas i leith an 20% de nua-earcaithe a chur i bhfeidhm faoin am sin, mar atá beartaithe ag an Aire Stáit, ba chóir go bhféadfaí seirbhísí Gaeilge a sholáthar sa Ghaeltacht faoin am sin freisin.

Tá sé thar a bheith náireach nach mbeidh siad á soláthar fiú 100 bliain tar éis é a bheith molta ag Coimisiún na Gaeltachta in 1926 agus geallta ag an Stát seo go gcuirfí bunsheirbhísí ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Thuig an Stát chomh fada siar sin go ndéanfadh seirbhísí i mBéarla amháin daoine a iompú ar an mBéarla ach níor leasaíodh an fhadhb riamh. Tá An Garda Síochána ag briseadh an dlí toisc a laghad gardaí le Gaeilge atá aige sa Ghaeltacht. Ní fheileann teiripeoirí urlabhra gan Ghaeilge do pháistí gan Bhéarla. Tá sé cloiste againn go bhfuil seandaoine fágtha i dtithe altranais Gaeltachta gan comhluadar ina dteanga féin. Is iad seo na bunrudaí. Ní mór don Rialtas iad a réiteach sula bhfuil an Ghaeltacht Béarlaithe go hiomlán.Is é seo an t-aon éileamh a bhí ag oifigigh phleanála teanga na hÉireann agus b'fhéidir gurb é seo an t-éileamh is tábhachtaí ar an mBille seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.