Seanad debates

Wednesday, 24 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 1:

I leathanach 7, idir línte 24 agus 25, an méid seo a leanas a chur isteach: “ciallaíonn ‘inniúlacht’ i gcomhthéacs na Gaeilge san Acht seo, agus in aon reachtaíocht eile, líofacht de leibhéal B1 nó níos airde ar an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha;”.

Is iontach an rud é go bhfuil sprioc sa Bhille seo go mbeidh 20% d'earcaithe nua sa Státseirbhís inniúil sa Ghaeilge faoi 2030. Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Snodaigh agus a chomhghleacaithe Dála ó Shinn Féin agus ó pháirtithe eile as é sin a bheith daingnithe sa Bhille anois, rud nach raibh ann ag tús an phlé. É sin ráite, níl aon sainmhíniú ann faoi céard is brí le "inniúlacht". An leor go mbeidh 20% d'earcaithe in ann "Dia duit" a rá faoi 2030 nó an bhfuil muid dáiríre faoin 20% seo a bheith in ann feidhmiú trí Ghaeilge agus seirbhísí a sholáthar do Ghaeilgeoirí? Tá seans ann nárbh fhiú an Bille seo muna bhfuil sainmhíniú soiléir ar cad atá uainn. Is é sin an fáth go bhfuil an leasú seo á mholadh ag Sinn Féin. Fuair sé a lán tacaíochta ó Theachtaí de chuid gach páirtí sa Dáil agus tá sé bunaithe ar dhea-chleachtas Eorpach, is é sin, go gcuirtear bunchaighdeán riachtanach sa dlí. Ní mór d'aon duine a earcófar de bharr an Ghaeilge a bheith aige nó aici a bheith in ann an bunchaighdeán seo, ar a laghad, a léiriú. D'fhéadfadh an Rialtas caighdeán níos airde a lorg i gcás post éagsúla ach, ar a laghad, beidh an bunleibhéal seo ag 20% d'earcaithe nua.

Roghnaigh muid leibhéal B1 ar an gcreat comhchoiteann tagartha Eorpach le haghaidh teangacha toisc gurb é sin an creat a úsáidtear go forleathan ar fud na hEorpa chun cumas an duine i dteanga a mheas. Baineann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí leas as freisin cheana féin i gcásanna áirithe. Is éard is brí le leibhéal B1 ná úsáideoir neamhspleách, is é sin, daoine atá ábalta: na príomhphointí a thuiscint i gcaint chaighdeánach shoiléir maidir le ceisteanna aithnidiúla a ndéantar tagairt dóibh san obair, ar scoil, i gcaitheamh aimsire agus araile; déileáil le formhór na staideanna a thitfeadh amach agus iad ag taisteal i gceantar ina labhraítear an teanga; téacs simplí ceangailte a scríobh ar thopaicí atá aithnidiúil nó ar spéis leo iad go pearsanta; cur síos a dhéanamh ar thaithí agus ar imeachtaí, ar a mianta, ar na rudaí a bhfuil súil acu leo agus ar a n-uaillmhianta; agus cúiseanna agus mínithe achomair a thabhairt ar thuairimí agus ar phleananna. Muna bhfuil daoine in ann na nithe seo a dhéanamh, níl siad inniúil sa Ghaeilge agus ní cóir dóibh a bheith glactha laistigh den 20%. Má tá leibhéal níos ísle Gaeilge acu nó Gaeilge fháilteach ar nós "Dia duit" agus cúpla focal eile amháin acu, ba chóir go mbeidh siad fós fostaithe, ach lasmuigh den 20%. Ba chóir dúinn Gaeilge fháilteach a spreagadh don 80% eile sa Státseirbhís.

Bhí Conradh na Gaeilge ag lorg leibhéal B2, leibhéal níos airde, mar bhunleibhéal ach tuigimid go bhfuil gá éigin le solúbthacht, mar a bhí molta ag saineolaithe in Ollscoil Mhá Nuad, fad is nach bhfuil an iomarca solúbtha. Is é seo a bhí le rá ag Siuán Ní Mhaonaigh stiúrthóir Theastas Eorpach na Gaeilge i lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad:

Aithnítear leibhéal B2 go forleathan ar fud na cruinne mar an bunleibhéal atá ag teastáil ó dhuine i dteanga chun a c(h)uid oibre a dhéanamh trí mheán na teanga sin. Bíodh sin mar atá, tá riachtanais agus scileanna éagsúla ag teastáil i róil agus i gcomhthéacsanna éagsúla. D’fhéadfadh duine atá ag leibhéal B1 ard, mar shampla, déileáil le fiosrúchán an-bhunúsach ar an nguthán nó teachtaireacht shimplí a thógáil. B’fhéidir gur leor é sin a róil nó i gcomhthéacsanna áirithe.

É sin ráite, ní bheadh na scileanna teanga ag an duine sin le mórán cúraimí eile a láimhseáil trí Ghaeilge, mar shampla, déileáil le comhrá casta nó achrannach le baill den phobal, miontuairiscí a scríobh, nó comhfhreagras scríofa a láimhseáil. I mbeagán focal, ní bheadh an duine sin in ann seirbhís shásúil leanúnach a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ba chóir don chóras 20% a bheith ag freastal ar an dualgas sin agus seirbhís shásúil leanúnach a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ghlac an tAire Stáit le tábhacht an cheist seo nuair a dúirt sé go scrúdódh sé conas an fhoráil faoin gcreat comhchoiteann tagartha Eorpach le haghaidh teanga a láidriú agus go dtiocfadh sé ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála chun é a fheabhsú. Níl sé sin déanta aige. Ag an bpointe seo, ba mhaith liom a fháil amach cén fáth. Mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, gan an fhoráil seo, tá dainséar ann go gceapfar 20% d'earcaithe nua don Státseirbhís le Gaeilge ach nach mbeadh aon Ghaeilge acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.