Seanad debates

Monday, 8 March 2021

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Fiona O'LoughlinFiona O'Loughlin (Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire go dtí an Teach. Is mór an onóir domsa a bheith ag caint i nGaeilge don chéad uair sa Teach seo mar gheall ar Sheachtain na Gaeilge.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi Ghaelscoil Chill Dara agus Gaelcholáiste Chill Dara. Tá aithne agam ar na múinteoirí sna scoileanna sin agus molaim iad as a tiomantas agus grá dár dteanga dhúchais. Ba mhór liom cloisteáil na daoine óga ag caint faoin nGaeilge.

D'fhoghlaim mé mo bheagán Gaeilge i nDaingean Uí Chúis sa teach tábhairne agus siopa McCarthy. Bhí mé ag smaoineamh go minic ar na fir agus na mná a bhíodh ag bualadh liom an samhradh sin nuair a bhí mé ag obair sa teach tábhairne. Bhí mé ag cleachtadh mo chúpla focal an samhradh sin. Is iad na hagallaimh sin a chur suim ionam sa Ghaeilge. Tá cuimhne bhreá agam ar bhean an tí, Ita McCarthy, agus an céad míle fáilte a chur sí romham agus roimh gach duine a thug cuairt ar theach McCarthy.

Is mór an náire orm nach mbím ag caint as Gaeilge go minic. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Daithí de Faoite, cathaoirleach Chill Dara le Gaeilge, agus a fhoireann mar gheall ar Mheitheal Chill Dara 2021 an Satharn seo caite.B'shin an dara meitheal faoi phleanáil teanga i gContae Chill Dara. Eagrófar imeacht gach bliain as seo amach. Tugann an meitheal deis iontach do phobal na Gaeilge, do ghníomhaithe teanga, do sholáthraí seirbhíse agus d'éinne a bhfuil spéis acu i ndul chun cinn na Gaeilge casadh le daoine eile atá ag obair ar son na teanga i gContae Chill Dara. Chuala mé go raibh sé an-mhaith ar fad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.