Seanad debates

Monday, 8 March 2021

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Aire Stáit. Is mór an tábhacht a thugann muid sa Teach seo don Ghaeilge agus do stádas na Gaeilge inár sochaí. Is coicís na Gaeilge atá i gceist anois, agus de réir a chéile tá na hócáidí seo ag dul níos mó, ach guím Seachtain na Gaeilge shona ar gach duine.Déanaimís uilig iarracht an Ghaeilge a labhairt sna laethanta seo, an méid agus is féidir linn, chun cur le tábhacht na Gaeilge inár dtír agus chun borradh agus tacaíocht a thabhairt do lucht labhartha na Gaeilge, bíodh siad sa Ghalltacht nó sa Ghaeltacht.

Aithním an méid a dúirt an tAire Stáit faoi na himeachtaí éagsúla uilig, na rudaí atá ar siúl ar leibhéal an chultúir, ar leibhéal na teicneolaíochta, ar leibhéal na meáin sóisialta agus ar leibhéal spóirt, agus tá suim agus ról áirithe ag an Aire Stáit i gcúrsaí spóirt. Muna bhfuil struchtúr faoin méid sin ar fad, ina bhfuil tábhacht á léiriú ag an Stát agus ag struchtúir an Stáit ar leibhéal na reachtaíochta agus ar leibhéal na gcearta, beidh sé an-deacair dul chun cinn a dhéanamh sa mheántéarma, gan a bheith ag caint faoin bhfadtéarma. Caithimid a bheith dearfach faoi na rudaí maithe ar fad atá ag dul ar aghaidh agus tréaslú leis na daoine sin, bíodh siad sna meáin cumarsáide nó sna hearnálacha spóirt nó cultúir.

Ag an am céanna, caithimid an cheist a chur anseo i dTeach na Parlaiminte: an bhfuilimid dáiríre faoin nGaeilge? Is maith an rud é go mbíonn an díospóireacht seo againn go bliantúil, ach mar atá ráite agam cheana, tá géarghá go mbeadh dearcadh níos dearfaí ag an Stát agus ag an Rialtas maidir leis an nGaeilge. Nach aisteach an rud é, mar shampla, go bhfuil Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 ag dul tríd an Dáil ach is beag cainte atá ann faoi sin sna meáin cumarsáide nó sa chóras polaitíochta féin fiú?

Ceann de na rudaí is tábhachtaí a chaithimid díriú isteach air i gcónaí ná an céatadán sa státseirbhís, i measc oibrithe Stáit, atá in ann agus atá sásta déileáil leis an bpobal trí Ghaeilge. In ainneoin an méid atá sa reachtaíocht agus in ainneoin na gealltanais ar fad, tá an fhadhb ansin i gcónaí ó a athraíodh an struchtúr agus an dlí san 1970idí. Sa lá atá inniu ann, níl daoine le Gaeilge in ann seirbhís sásúil a fháil trí Ghaeilge agus ba chóir go dtosnódh an Stát mar tá stádas na Gaeilge sa Bhunreacht. Ba chóir go mbeadh an Stát dáiríre faoi go dtí go bhfuil sé riachtanach ar státseirbhísigh a earcófar go bhfuil Gaeilge acu ag an tús nó ar a laghad go bhfuil scála ama ina gcaithfidh siad leibhéal áirithe feabhas sa Ghaeilge a bhaint amach, ar nós tréimhse promhadh. Ní féidir a rá go bhfuil an córas dílis don Ghaeilge agus dáiríre faoin Ghaeilge.

Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ar chomharthaí bóithre, i siopaí gnó agus mar sin. Sin an tábhacht a bhaineann leis na scéimeanna teanga. Má amharcaimid ar an gcuraclam, tá sárobair á déanamh ag na scoileanna Gaeilge, ag na Gaelscoileanna agus ag na múinteoirí uilig. Smaoiním, mar shampla, ar an gcúrsa ábhar oide i Marino agus an baitsiléir san oideachas trí mheán na Gaeilge. Tá an-dóchas le feiceáil ansin sa chóras oideachais, agus ba chóir dom a rá go bhfuil sé sin ó Thuaidh agus ó Dheas.

Ag an am céanna, bhí mé ag léamh rud suimiúil inniu a scríobh Éanna Ó Caollaí i The Irish Timesagus é ag caint faoin athbhreithniú ar an sraith sinsearach. Luann sé an dá shiollabas nua atá molta don chúrsa Gaeilge don ardteistiméireacht ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, NCCA. Tá idirdhealú molta idir shonraíocht T1, a bheadh oiriúnach do dhaoine a fhreastalaíonn ar scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus a bheadh ardchaighdeán acu, agus sonraíocht T2, a bheadh ann dóibh siúd a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Bhéarla. Fiafraíonn Éanna Ó Caollaí an mbeidh sé de dhualgas ar scoileanna an rogha a thabhairt do mhic léinn T1 nó T2 a dhéanamh. Más rud é go mbeidh ábhar nó caighdeán níos lú inghlactha ag an gcuid is mó de scoileanna, an bhfuil an contúirt ann go mbeadh go leor scoileanna ann nach mbeidh ag tabhairt deis do na mic léinn ardchaighdeán a bhaint amach trí Ghaeilge? Sin rud a chuirfeadh isteach orm. Luann sé freisin an chaoi ina mbronntar 25 pointe bónais don mhatamaitic ag an ardleibhéal.Ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt leis an Seanadóir O'Loughlin, más féidir, cúig nóiméad agus trí nóiméad an duine.

Tá súil agam go bhfuil an Teach go léir ag baint taitneamh as Seachtain na Gaeilge, nó coicís na Gaeilge faoi mar a dúirt an Seanadóir Mullen. Dar ndóigh, is é inniu Lá Idirnáisiúnta na mBan agus bhí seans again díriú isteach ar chúrsaí feimineacha inniu agus iad a phlé. Tá cúrsaí Gaeilge á bplé againn faoi láthair agus tá ionannas i gceist freisin.

Tá fáilte roimh an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus roimh an Aire Stáit, an Teachta Chambers, go dtí an Seanad. Caithfidh mé a rá go bhfuilim fíorbhródúil as a bheith i mo Sheanadóir de chuid Fhianna Fáil ag déanamh plé ar ár dteanga dhúchais inniu le hAire Stáit as mo pháirtí féin atá freagrach as an nGaeltacht. Tá forbairt na teanga agus cur chun cinn na Gaeilge mar ghnáth-theanga bheo bhríomhar na tíre ina phríomhaidhm de chuid Fhianna Fáil. Tá na Gaeltachtaí mar chroílár an chothaithe sin agus is tobair iad le saibhreas teanga agus cultúir don chuid eile den tír agus ba chóir dúinn gach tacaíocht a thabhairt dóibh.

Mar is eol dúinn, tá Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 ar Chéim an Choiste sa Dáil faoi láthair. Is dul chun cinn suntasach é seo ó thaobh cearta teanga do mhuintir na Gaeltachta agus do phobal labhartha na Gaeilge. Tá sé fíorthábhachtach mar bíonn go leor deacrachtaí ag daoine atá ag iarraidh a saol a chaitheamh trí Ghaeilge. Molaim an tAire Stáit as an aird a thug sé don reachtaíocht seo a luaithe is a chuaigh sé i mbun oifige. Cuirfear deireadh le go leor constaicí atá ann faoi láthair nuair a achtaítear an reachtaíocht seo. Mar shampla bíonn fadhbanna go rialta ag daoine maidir leis an síneadh fada á úsáid acu agus iad ag déileáil le comhlachtaí Stáit.Léiríonn sé sin drochmheas iomlán. Baineann an síneadh fada le féiniúlacht. Tá sé dochreidte go bhfuil a leithéid fós ag tarlú ach táimid ag tnúth leis an lá nach mbeidh sé ina fhadhb. Is ceart bunúsach é a bheith in ann d’ainm ceart a úsáid. Tá tionscal na baincéireachta sa tír seo ag ligean phobal labhartha na Gaeilge síos arís agus arís eile. Nílimid in ann ár gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge fiú ar líne. Léiríonn sé sin drochmheas.

Impím ar na bainc atá ag feidhmiú sa tír seo na seirbhísí a sholáthar do líon mór daoine ar mian leo a gcuid baincéireachta a dhéanamh trí Ghaeilge. Impím ar an Aire Stáit, an Teachta Chambers, agus ar an Aire, an Teachta Martin, dul i dteagmháil leo maidir leis an ábhar sin. Níl sé inghlactha a thuilleadh. B’fhéidir go bhfuil deis ann anois, leis an tsamhail baincéireachta pobail atá á phlé faoi láthair, bainc poiblí áitiúla nua a fhorbairt atá sásta seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge.

Tá díomá orm nach bhfuil faisnéis shláinte tábhachtaí maidir leis na srianta agus vacsaíní Covid-19 ar fáil ag an am céanna leis an leagan Béarla nó ar chor ar bith fiú. Tá sé seo luaite agam cúpla uair cheana féin. Tá súil agam go luafaidh an tAire é sin leis an Taoiseach agus leis an Aire Stáit mar go bhfuil sé scanrúil. Caithfimid freastal ar mhuintir na Gaeltachta agus ar phobal labhartha na Gaeilge ar bhealach dáiríre. Níl aon leithscéal ann i lár paindéime gan a bheith ag cur faisnéise shláinte in iúl go leordhóthanach.

Tá baol faoi leith ann do na Gaeltachtaí ar fud na tíre de bharr Covid-19. Is cuid lárnach de gheilleagar na Gaeltachta iad na coláistí samhraidh. Téann breis agus 27,000 scoláire go dtí na coláistí samhraidh gach bliain agus is fiú €50 milliún iad don gheilleagar áitiúil. Dar ndóigh, ní raibh aon scoláirí ann anuraidh agus níl dearcadh dearfach ann don samhradh seo chugainn ach an oiread. Braitheann na ceantair sin ar thurasóireacht freisin. Tugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht iontach do chomhlachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Tá a fhios agam gur thug an Rialtas maoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta anuraidh agus thug an Rialtas tacaíocht do na coláistí samhraidh agus na mná tí chomh maith, ach tá gá le plean fadtéarmach le haghaidh níos mó infheistíochta chun cosaint a thabhairt dóibh don todhchaí.

Ba chóir dúinn go léir iarracht a dhéanamh táirgí ó chomhlachtaí Gaeltachta a cheannach freisin. Cheannaigh mé buidéal vodca an tseachtain seo caite ó Dhrioglann Loch Measc atá lonnaithe i nGaeltacht Mhaigh Eo agus bhí sé go hálainn. Bhí gloine nó dhó agam ag an deireadh seachtaine chun seachtain na Gaeilge a cheiliúradh.

Críochnóidh mé leis sin. Tá níos mó le rá agam maidir le toghcháin dhíreacha le haghaidh bhord Údarás na Gaeltachta, earcaíocht, ranganna Gaeilge saor in aisce a chur ar fáil, meadú líon na nGaelcholáistí dara leibhéil, stádas na teanga sna Sé Chontae agus mar sin de. Tá mo chuid ama críochnaithe, áfach, agus mar sin fágfaidh mé anseo é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.