Seanad debates
Wednesday, 21 March 2018
Address to Seanad Éireann by Mr. Mícheál Ó Muircheartaigh
10:30 am
Mr. Mícheál Ó Muircheartaigh:
Gabhaim míle buíochas leis an gCathaoirleach agus leis na Seanadóirí uilig. Tá sé i gceist agam labhairt faoin tionchar a bhí ag an stair ar chúrsaí Gaeilge agus gnéithe eile de chultúr na hÉireann i rith na mblianta fada. Táim thar a bheith buíoch don gcuireadh seo a sheol an Seanad chugam chun aitheasc a thabhairt anseo agus Bliain na Gaeilge mar théama. Tá sé i gceist agam labhairt faoin tionchar sin, mar a dúirt mé, a bhí ag an stair. Bhíomar go léir imithe i dtaithí ar Sheachtain na Gaeilge i rith na mblianta when it was suggested to people to use whatever Gaeilge they had during that special week. Mar sin, tá sé ionann agus bheith réabhlóideach, revolutionary even to brand 2018 as Bliain na Gaeilge. It is a mighty leap forward in comparison with the usual reminder about a week’s promotion of the native language.
Molaim Conradh na Gaeilge agus eagrais eile as ucht an misneach agus an díograis atá acu i leith na bliana seo, the 125th anniversary of the founding of Conradh na Gaeilge, or the Gaelic League as some people refer to it. Dar liomsa tá cúrsaí i bhfad níos fábharaí ag an bpointe seo dár stair ó thaobh cur chun chinn na Gaeilge agus na préamhacha eile de chultúr na tíre ná mar bhí aon uair ó bunaíodh an Stát. The present is a time of great opportunity for further development in the cultural field and I will return to that later.Más ea, beidh gá le dáiríreacht - sincerity - a chur leis an iarracht ar an mbliain seo a úsáid go tairbheach. The sincerity must come from the top down ag tosnú anseo i dTeach Laighean, mar a bhfuil Dáil Éireann agus Seanad Éireann lonnaithe. Nach breá an spreagadh a bheadh ann do phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus dóibh siúd go bhfuil bá acu leis an teanga dá mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag cuid mhaith dos na Teachtaí Dála agus Seanadóirí? It would encourage the people of Ireland who want Irish to survive if a greater number of Deputies and Senators were fluent in the Irish language.
Beidh cuimhne agam go deo ar chlár teilifíse a craoladh le linn feachtas toghcháin Dála na bliana 2011. During the 2011 general election campaign, bhí ceannairí na bpáirtithe ar fad faoi agallamh trí mheán na Gaeilge ar TG4. Bhí an ceathrar, an Teachta Éanna Ó Coinnigh, an Teachta Micheál Ó Máirtín, an Teachta Gearóid Mac Ádhaimh agus an iar-Theachta Éamon Mac Giollamóir, ar a suaimhneas ag plé na gceisteanna, na polasaithe agus mar sin de. All the party leaders were perfectly at ease debating the affairs of the election in the national language ar an gclár seo a bhí ar TG4 sa bhliain 2011. Maybe this will be expected of future leaders as time moves onwards. Ní nach ionadh go raibh pobal na Gaeilge bródúil as an gclár teilifíse sin. Bhaineadar taitneamh agus sásamh as agus thug sé misneach dóibh. Tá súil agam go bhfeicimid a leithéid go luath arís, maybe during the next general election campaign. It is a question of whether the leaders of the moment will be ready. I hear that one leader is already in training for it. Tarlóidh sé má bhíonn an toil ann. If the will is there to do it, it will happen. It will put very little strain on the national resources.
Projects and schemes that have been prepared or are about to be prepared by organisations in the wide-ranging cultural wing will need financial support if we want to drift with the renewed interest in language, etc. As I see it, language is by far the most significant element in our culture. Creidim go bhfuil sórt Éire nua againn faoi láthair agus gur athrú meoin is mó atá á spreagadh. Tá an ghlúin óg agus roinnt mhaith de dhaoine beagáinín níos sine ná iad lárnach san Éire nua seo. Is deisceabail iad agus is sárchomhartha dóchais dúinn go léir é sin. The new Ireland I see is of relatively recent birth. It is accepted that the gradual decay of the use of Irish as a spoken language began in the cities and towns of eastern Ireland many years ago. There is no need to list the causes right now, but the wheel turns if it is given time. Eastern Ireland is now foremost in embracing a good deal of what we call Irish heritage. For example, tá níos mó imreoirí le Gaeilge labhartha le fáil iontu ar fhoirne Bhaile Átha Cliath. There are more people with fluent Irish on Dublin teams of all grades nowadays than there are on the teams of any other county outside the Gaeltacht counties.
A strong leaning towards Irish heritage is evident in most of the country and in many places overseas, go mórmhór i gcás ceol agus rince. Tá teanga na Gaeilge chun deiridh sa rás forbartha leis na healaíona. Ní mór a thuiscint gur moille forbairt ar theanga ná na cinn eile. Is féidir a rá go bhfuil na cathracha agus bailte ag tabhairt tacaíochta don scéim seo anois. Is maith an múinteoir í an stair. Tuigimid go léir go raibh muintir na hÉireann scriosta brúite tar éis an Ghorta Mhóir, the devastating Famine of the 1840s. Mar a déarfadh Peig Sayers, bhí spiorad na ndaoine le cos amháin san uaigh agus an chos eile ar a bhruach. The spirit of the people had one foot in the grave and the other on the brink. That was the measure of the people’s spirit in the post-Famine period. Níor fhollas dóchas i mórán áiteacha. Efforts were made to rekindle the spirit. I refer, for instance, to the Fenian movement and to the agitation among tenant farmers for freedom from the power of landlords.
I mo thuairim, tharla eachtra sa bhliain 1876 a chur síolta as ar tháinig préamhacha athbheochana, agus atá lárnach i stair na tíre. Sa bhliain sin, bunaíodh an Society for the Preservation of the Irish Language’. This vibrant society attracted the attention of many people, including Michael Cusack, an fear a bhunaigh an GAA ocht mbliana níos déanaí. Ba mhó go mór suim an Chíosógaigh sa Ghaeilge roimhe sin. Cainteoir dúchais Gaeilge a bhí ann ó Chontae an Chláir. Dúirt Dubhghlas de hÍde, fear eile a bhí sa chumann a bunaíodh in 1876, gurb é Mícheál Cíosóg an cainteoir Gaeilge is fearr a chuala sé riamh. Bíodh sin mar atá sé, ach is féidir a rá gur eascair a lán gluaiseachtaí, coistí agus eagraíochtaí as an Society for the Preservation of the Irish Language. Chuir sé daoine ag machnamh. There is nothing like putting people thinking. From the varied deliberations, it became clear that the state of Irish music, song, dance, sport and drama, etc. was poor and low. It was almost close to extinction at that time.
It was timely for the seeds of preservation of the many facets of the old native traditions to be truly sown. The results are relevant to us today as a vital part in defining who we are. Tháinig an dóchas thar n-ais. Bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael nó an GAA sa bhliain 1884, Conradh na Gaeilge in 1893 agus Sinn Féin in 1903. Several other movements began at this time. All of them were geared at getting Ireland to be a better place. Bhí an seanspiorad thar n-ais i muintir na hÉireann. Bhí éileamh mór ar chraobhacha de Chonradh na Gaeilge. Chláraigh daoine gan Ghaeilge agus lucht gnó leo. Is é sin an míniú ar an gcúis gur i mBéarla a bhíodh miontuairiscí roinnt de chruinnithe chraobhacha an chonartha sna blianta tosaigh. That the minutes of meetings of the Gaelic League in many places were written in English suggests that people with little or no Irish were anxious to be part of the new confidence. Is cosúil go raibh fáilte roimh gach duine a tháinig thar thairseach isteach.
Ina iomláine, the last 25 years of the 1800s must be viewed as setting the scene for Ireland’s future, with thoughts of freedom and self-government becoming more frequent as the years went on. Bhí an spiorad i réim arís, buíochas le Dia, agus tá sé linn ó shin. Bhí daoine cumasacha bainteach leis an Society for the Preservation of the Irish Language. Mar a luaigh mé, bhí Mícheál Cíosóg, Dubhghlas de hÍde agus go leor eile gníomhach ag múineadh ranganna Gaeilge in ionaid mar an Celtic Literary Society. They were all active where action was needed. Músclaíodh arís an tsuim a bhíodh i gceol na hÉireann sna seanlaethanta nuair bhíodh na taoisigh Ghaelacha i gcumhacht agus pátrúnacht á dhéanamh acu ar ghnéithe a bhain leis an traidisiún Gaelach. Bhí an traidisiún sin bríomhar agus folláin agus mar a chéile leis na préamhacha eile de na seantraidisiúin, an spórt ina measc.
Ar shlí amháin, tá sé ait go raibh spórt san áireamh ag an am nuair a bhí na seantaoisigh ann, mar bhí bac ar dhaoine teacht le chéile chun spórt a eagrú de réir Acht a ritheadh 500 bliain roimhe sin agus nár cuireadh ar ceal go dtí aimsir an Ghorta. Is é sin an fáth nár bunaíodh aon chumann spóirt in Éirinn go dtí gur tháinig na 1860í tar éis an Ghorta. Bhí spórt ann d'ainneoin an dlí. A very strange law that was passed in 1367 had made it illegal for any group of people to come together for the purpose of organising sport. Chuirfí i bpríosún iad. Dá mbeadh an riail sin ann anois, bheadh a lán agaibhse agus mise i bpríosún chomh maith. Dar ndóigh, buille trom don chultúr a bhí ann nuair thit córas agus cumhacht na dtaoisigh Ghaelacha as a chéile tar éis Cath Cionn tSáile na bliana 1603. The defeat at the Battle of Kinsale dealt a deadly blow to Irish culture for a while. The defeat of the Irish chieftains led to a road of decline for poetry, music, language and Irish heritage in general due to the lack of patronage from any source. Is as sin a thuigtear an tábhacht a bhí le gluaiseacht na hathbheochana sa bhliain 1876.Is as a tháinig na feiseanna a bhí go líonmhar agus cosa curtha i dtalamh athuair ag na míreanna éagsúla den dtraidisiún. I saol na linne seo, is léas mór dóchais é an fhorbairt atá tagtha ar oireachtas na Gaeilge le cúpla bliain anuas. Is féile mór é anois, go bhfuil aird ag pobal mór ar le cúpla bliain. Cad déarfadh sibh le oireachtas breise i mbliain seo na Gaeilge agus an ceann seo amuigh faoin aer mar a bhíonn a lán rudaí na laethanta seo agus é a bheith amuigh faoin aer in aice le Teamhair na Rí? Cinnte go gcosnódh sé roinnt airgid ach deireann Baill an Rialtas linn go bhfuil an eacnamaíocht ag treabhadh leis go maith agus cá bhfios ná go mbeadh deontas le fáil i gcomhair an oireachtas a thabhairt amach faoin aer. Tá sé go maith istigh i dtithe agus in óstáin agus sa hallaí mór ach is fearr fós a bheadh sé anois agus arís amuigh faoin aer.
Creidim go láidir i gcleachtadh na poiblíochta agus nach cuid dár n-oidhreacht é, nach duine dár saoithe fadó a dúirt muna bhfuil agat ach pocán gabhair, bí i lár an aonaigh leis. Even if you only have a puck goat for sale you should be in the middle of the market with it agus sin rud gur cóir breis béime a chur air poiblíochta an Gaeilge.
Leanaimis orainn anois i dtreo na linne seo agus b'fhéidir go bhféadfaimis truslóg fada a thógaint ó thús na haoise seo caite go dtí an lá inniu. Tuigim gur sa tréimhse sin a tharla eachtraí móra i stair ár dtíre ag tosnú le réiteach ar Chogadh na Talún le hAcht Wyndham 1903 a bhí i bhfad chun tosaigh ar Achtanna a chuaigh roimhe. Bhí Éirí Amach na Cásca sa tréimhse sin, Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad sular bunaíodh An Saorstát. The solution of the Land War and the events of the Rising of 1916, the War of Independence that followed agus an Cogadh Cathartha have all been well chronicled and they are familiar to the current young generations only in recent times.
I suggested earlier that they belong to a new Ireland. Éire nua ach conas ann dó? How did it happen and why did it happen? Athraíonn an saol de réir a chéile agus sin mar a bheidh go deo na ndeor. Is dóigh liom go raibh tionchar an-mhór ar fad ag an mbealach gur deineadh comóradh agus ceiliúradh ar eachtraí Éirí Amach 1916 sa bhliain 2016. Chuaigh an léiriú agus an comóradh sin go mór i bhfeidhm ar na daoine óga agus daoine eile nach raibh eolach ar na cúrsaí sin roimhe sin. Chuaigh an comóradh a bhí snadhmtha le chéile i bhfeidhm ar a lán daoine agus thuigeadar don gcéad uair an spiorad, an dóchas agus an íobairt a rinne daoine ó gach páirt in Éirí Amach 1916 agus na heachtraí ina dhiaidh.
Sin é an ghlún nua. D'fhoghlaim siad le déanaí agus tá siad fillte ar an ndúchas go mórmhór na daoine óga. Is mó go mór anois a meas agus a grá ar thraidisiúin an chultúir, ná mar a bhí roimh 2016 agus gan amhras ar na daoine a bhí sáite san iarracht chun an lá sin a thabhairt chun cinn, saoirse a fháil agus an cultúr a chothú.
Ní gá go mbeadh aon sampla amháin a thabhairt agus is é Pádraig Mac Piarais a roghnaím agus roghnódh a lán daoine é. Múinteoir a bhí ann. Bhunaigh sé Scoil Éanna i Ráth Fhearnáin i mBaile Átha Cliath. Bhí éileamh ag tuismitheoirí ar an léinn, an Ghaeilge teanga na scoile agus bhí béim ar iomáint mar phríomh spórt na scoile. Bhí baint ag Pádraig le heagrú comórtaisí spóirt do na scoileanna i mBaile Átha Cliath. Chuir sé féin comórtas ar siúl. File ab ea é agus eagarthóir An Claidheamh Soluis, the sword of light, the promotional organ of Conradh na Gaeilge. B'shin é an sort duine a bhí ann agus tá cuma ar an scéal gur fear é a bhí thar a bheith gnóthach leis na cúraimí sin go léir ach bhí fís aige. Thug sé cead a chos don bhfís a bhí an-ghar dá chroí agus tá sé luaite i ndán leis ag deireadh an dán:
Do thugthas [m'aghaidh]
ar an ród so romham,
ar an gníomh do [dhéanfad],
's ar an mbás do gheobhad.
Eisean agus na daoine a bhí ina theannta sa ghluaiseacht a d'fhág oidhreacht shaibhir againn agus tá sé sin anois ag an Éire nua a rinne mé tagairt dó.
Tá muinín agam as an ghlún óg agus creidim go bhfuil sé caothúil don Stát ag an bpointe seo céimeanna a thógaint chun cur leis an dea-mhéin atá ann faoi láthair don Ghaeilge agus iliomad gnéithe eile den gcultúr uasal saibhir atá inár seilbh. Narbh fhiú go mór saineolaithe a ghairm le chéile ag an Rialtas go luath i mbliain na Gaeilge chun teacht ar scéim. A scheme that would give an injection of energy and invention to the giant which is our native language. That language is calling for extra support agus ba chóir go dtiocfadh sé ón Rialtas.
Tugaim an meon nua faoi ndeara nuair a bhím ag spaisteoireacht ar fud na tíre. Labhrann a lán daoine Gaeilge liom agus is léir go mbíonn fonn orthu sin a dhéanamh. Is léir dom go bhfuil méadú mór tagtha ar an líon daoine go bhfuil Gaeilge acu agus a bhaineann úsáid as nuair a bhíonn an deis acu. Is breá liom casadh leis na daoine sin.
In a gcás, ní mór creidiúnt a thabhairt do thuismitheoirí agus don gcóras oideachais ó thaobh na Gaeilge de a thug misneach, tuiscint agus mothú tábhachta dóibh. Mar a tharla céad bliain roimhe sin, tháinig eagraíocht nua isteach i réimse an oideachais go luath i seachtóidí na haoise seo caite, Gaelscoileanna. Arís, ní mór dul siar sa stair. Rinne an Rialtas a tháinig i gcumhacht tar éis bunú an Stáit iarracht fónta lena chinntiú go mbeadh fáil ag na bunscoileanna ar fud na tíre go léir ar mhúinteoirí go mbeadh togha na Gaeilge acu. Bunaíodh coláistí ullmhúcháin, coláistí cónaithe in ionaid eagsúla sa tír. Cuid acu do bhuachaillí agus scar eile do chailíní den aois ghrúpa a bheadh ag freastal ar oideachas dara leibhéal. De bhunadh na nGaeltachtaí a bhformhór, ach tháinig daoine ó chontaetha eile chomh maith. Gaeilge gnáth theanga na gcoláistí sin agus deineadh an múineadh ar fad trí mheán na Gaeilge.
Tar éis dhá bhliain a chaitheamh i gcoláiste oiliúna ina dhiaidh sin, chiallaigh sé go raibh sruth de mhúinteoirí go raibh togha na Gaeilge acu ar fáil chun dul ag múineadh ins na bunscoileanna ar fud na tíre ar fad. Tús maith a bhí ann cinnte ag an Rialtas nua. I lár na 20í a bunaíodh na coláistí ullmhúcháin sin ach nach bhfuil sé ráite nach mbíonn i ngach aon rud ach seal agus cuireadh deireadh leo go luath ins na 1970í.
Ag an am bhí a lán scoileanna dara leibhéal ag teagasc trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre agus baisteadh A scoileanna orthu siúd. Tháinig laghdú de réir a chéile ar líon na scoileanna sin agus ar an líon a bhí ag teagasc trí mheán na Gaeilge ins na bunscoileanna freisin. I dtús na 1970í den aois seo caite, ní raibh ach ceithre scoil déag lasmuigh de na Gaeltachtaí ag teagasc trí mheán na Gaeilge agus b'shin géarchéim má bhí géarchéim ann riamh.
Ó thaobh na Gaeilge de, bunaíodh eagraíocht Gaelscoileanna agus é de mhian acu go mbeadh oideachas ar fáil trí Ghaeilge agus go mbeadh béim ar gach aon chéim de cultúr na Gaeilge ins na scoileanna sin. Mar a dúirt mé ní raibh ach seacht scoil sa tír iomlán ag an am a bhí ag teagasc trí mheán na Gaeilge ach d'éirigh go seoigh le gluaiseacht na nGaeilscoileanna agus na Gaelcholáistí dara leibhéal atá ar fud na tíre anois agus tá rath orthu. Is folláin é go bhfuil rogha ag tuismitheoirí oideachas trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil chomh maith le scileanna trí Bhéarla a deintear an teagasc go léir. It is of the utmost importance that parents have a choice of having their children taught through the medium of either Irish or English agus glacann gach aon duine leis sin anois.
Sula rachaidh mé go dtí cúpla pointe breise, teastaíonn uaim sampla amháin a thabhairt den éifeacht a bhí i bPádraig Mac Piarais chun daoine go raibh fís acu féin teacht go dtí Scoil Éinne. An ainm a luafidh mé ná, duine darbh ainm Proinsias De Búrca. Bhí aithne agam ar Phroinsias De Búrca, fear go raibh an-aithne aige ar Phádraig Mac Piarais. Rugadh é i gContae Chill Dara ach d'aistrigh an clann go dtí Ráth Fhearnáin go luath ins na 1990í, 1990, bliain nó dhó ina dhiadh sin.Cuireadh é go dtí scoil chónaithe dara leibhéal thíos i gCeatharlach. Bhí sé bliain ann. Thóg sé a chamán leis ach dúradh leis nuair a shroich sé an áit gur cruicéad spórt na scoile. Ní raibh aon dul as aige ach cruicéad a imirt. Ach ar ámharaí an tsaoil, mar a dúirt sé féin liom nuair a bhí sé sa bhaile ar saoire an samhradh ina dhiadh sin, do chonaic sé fógra i bhfuinneog siopa i Ráth Fhearnáin i dtaobh scoil an Phiarsaigh. Thaitin sé leis go raibh gach rud trí Ghaeilge agus thaitin an Gaelachas leis, ach ba é an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm air ná gurbh é iomáint cluiche na scoile. Chláraigh sé ansin ann. Bhí sé faoi thionchar Phádraig Mac Piarais. Chuaigh sé go dtí an ollscoil. D'fhill sé ar an gcoláiste mar mhúinteoir. Ghlac sé páirt san Éirí Amach. Bhí sé sa GPO sa bhliain 1916 agus bhí sé i ngéibheann ina dhiadh sin. Nuair a bhí deireadh leis na trioblóidí bhuaigh sé bonn uile-Éireann faoi dhó san iomáint le hÁtha Cliath agus sa pheil faoi thrí. Go dtí an lá a fuair sé bás níor labhair é le héinne a raibh Gaeilge acu aon rud ach Gaeilge leo. Is minic a dúirt sé mura bhfaca sé an fógra sin a tharraing sé go dtí Coláiste Éanna, ní ghabhfadh sé ar an mbóthar ar thug taitneamh an-mhór dó.
Anois mar chríoch, tá cúpla moladh le cur i láthair agam. Is dóigh liom gur chóir díríú ar na Gaeltachtaí. Ní fheadar an dtuigeann a lán daoine sa Rialtas chomh thábhachtach is atá na Gaeltachtaí. Tá an Ghaeilge agus na traidisiúin chomh láidir ansin agus a bhí siad ar fud na hÉireann 500 bliain ó shin. Ba chóir dul i dtoll orthu scéimeanna atá curtha le cheile i rith na mblianta nár cuireadh i bhfeidhm riamh, iad a chur i bhfeidhm agus deis a thabhairt don Ghaeilge leathnú amach ó na Gaeltachtaí. Tá súil agam go dtarlódh sé.
Rud eile a dhéarfainn - agus nílim ag cáineadh an Rialtais - ná go bhfuil dualgas air a chinntiú go mbeidh soláthar cuí d’oidí bunscoile le ardchaighdeán Gaeilge ar fáil chomh luath agus is féidir. Tá sé sin práinneach mar níl dótháin dóibh ann ag an bpointe seo i mo thuairimse. Tá an óige go maith agus tá nós acu anois a bheith gafa leis na meáin chumarsáide. Is dóigh liom gur chóir béim níos mó a chur leis sin - le teaghmháil idir na scoileanna éagsúla a bhfuil Gaeilge acu. Tá sé go hiontach go ndéanann siad an rud sin go léir trí Ghaeilge.
Táím chun Páirc an Chrócaigh a lua anois. Bíonn an Ghaeilge labhartha ar fheabhas ar fad ann. Tá tabhairt ainmneacha na bhfoirne, caint faoi na himreoirí agus na hathruithe agus gach rud go hiontach ar fad. Ach níl a oiread agus focal amháin Gaeilge le feiscint os na hardáin ar fud na háite ar fad. Tá a lán fógraí ann ach theip orm - agus thriail mé é cúpla uair - focal amháin Gaeilge a aimsiú. Nuair a luaim é sin le daoine deir siad gur caithfear a bheith branded chun rudaí a bheith ann agus de réir dealraimh níl an Ghaeilge branded. Fiú amháin nuair a bhítear ag féachaint isteach ar an ardán ón bpáirc, nuair a bhíonn bonnra á dhéanamh, ní fheictear Páirc an Chrócaigh scríofa faoi ach Croke Park. Ní chosnódh sé aon rud rudaí mar sin a athrú agus tá súil agam go dtarlóidh sé.
Chuala mé ar Raidió na Gaeltachta inné go bhfuil stráice talún ar Oileán an Bhlascaoid fógraithe ar díol. Is cuid dár n-oidhreacht é an t-oileán féin as ucht na ndaoine a tháinig as. Molaim go gceannódh an Rialtas an stráice talún sin agus úsáid a bhaint as chun scéim Ghaeilge éigin a chur ar siúl. B'fhéidir gur mithid go mbeadh club Gaelach i dTeach Laighean nó, mar a thugann na daoine óga air anois, pop-up Gaeltacht.
Pé rud, is dóigh liom go bhfuil mo dhóthain ráite agam. Táim an-bhuíoch ar fad don gcuireadh a fuaireas. Dúradh gurb é an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh a chur tús leis. Gabhaim míle buíochas leis agus le gach duine as an gcuireadh agus an onóir a thabhairt domsa bheith i láthair inniu. Críochnóidh mé le seanfhocal Gaeilge eile - go mbeirimid beo ar an am seo arís nuair a bheidh an Ghaeilge slán sábháilte.
No comments