Seanad debates

Wednesday, 21 March 2018

Address to Seanad Éireann by Mr. Mícheál Ó Muircheartaigh

 

10:30 am

Photo of Denis O'DonovanDenis O'Donovan (Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Uasal Mícheál Ó Muircheartaigh; a bhean chéile, Helena; baill dá chlainne, Éamonn Ó Muircheartaigh, Niamh Ní Mhuircheartaigh, Aonghus Ó Muircheartaigh, Neasa Ní Mhuircheartaigh, Nuala Ní Mhuircheartaigh, Eadaoin Ní Mhuircheartaigh agus Doireann Ní Mhuircheartaigh; Dominic Wilkinson, céile Neasa; Éibhlín, Máire agus Caitlín, deirfiúracha Mhícheál; Liam de Barra, céile Chaitlín; Dónal, dearthair Mhícheál; Éibhlín, céile Dhónail; Caitríona Ní Dhúbháin, iníon Éibhlín agus neacht Mhícheál; Bríd Uí Mhuircheartaigh, baintreach dhearthair Mhícheál; Mícheál Ó Muircheartaigh, mac Bhríde; agus Emer Uí Chrualaioch, neacht Mhícheál.

Is onóir speisialta atá agam inniu bheith in ann, thar ceann gach Comhalta sa Teach seo, fáilte mhór go Seanad Éireann a chur roimh an Uasal Mícheál Ó Muircheartaigh. Aoi speisialta atá ann, anseo linn inniu faoi fhorálacha Bhuan-Orduithe an tSeanaid. Tugann na forálacha sin deis dúinn cuireadh a thairgeadh do dhaoine a bhfuil obair mhór déanta acu i réimse an tsaoil phoiblí agus an tsaoil chathartha chun aitheasc speisialta a thabhairt don Teach. Theastaigh uainn Bliain na Gaeilge a chomóradh agus a chéiliúradh agus ba dheacair duine níos oiriúnaí a roghnú don ócáid seo ná Mícheál Ó Muircheartaigh.

Is duine é an tUasal Ó Muircheartaigh a bhfuil an-aithne air i ngach contae agus ag gach crosbhóthar in Éirinn mar thoradh ar na blianta a chaith sé ag craoladh ó Pháirc an Chrócaigh agus go leor áiteanna eile faoinár gcluichí náisiúnta. Agus é ina chraoltóir den scoth, thug an tUasal Ó Muircheartaigh an Ghaeilge díreach isteach i ngach teaghlach in Éirinn agus chuig na mílte Éireannach atá scaipthe ar fud an domhain.

Ní hamháin gur sheas an tUasal Ó Muircheartaigh amach mar gheall ar an stíl chraolacháin speisialta a bhí aige agus an saineolas atá aige ar chúrsaí peile agus iomána, ba é freisin an modh inar nós leis an Ghaeilge a úsáid, í fite fuaite leis an mBéarla, blas breá Chiarraí le clos, chun scéalta na gcluichí a thabhairt dúinn. Thuig an tUasal Ó Muircheartaigh go maith, in ainneoin easpa líofachta a bheith ar chuid mhór den lucht éisteachta agus féachana, go raibh dúil ag líon suntasach acu sa Ghaeilge. Thug sé rochtain do dhaoine ar a dteanga náisiúnta féin leis an stíl nádúrtha cainte a bhí aige agus an meon dearfach a léirigh sé.

While the death of the Irish language has been foretold on many occasions, and while we would be failing in our duty not to recognise the challenges it faces, I believe that there are also many reasons for positivity. The evident goodwill that so many of our people have towards the language needs to be harnessed and their use of an Ghaeilge encouraged. I hope that the presence of Mícheál Ó Muircheartaigh here today, with the popular approach to the language which was the hallmark of his broadcasting style, will help to remind people that the language can be accessible and inspirational at the same time.

Sula leanfaimid ar aghaidh, ba mhaith liom ár mbuíochas a ghabháil leis an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh a mhol dúinn an ócáid seo a eagrú agus a rinne go leor oibre chun an ócáid a chur i gcrích. Tá an Seanadóir Ó Céidigh ar na daoine is mó a spreagann muid chun úsáid a bhaint as an nGaeilge anseo sa Seanad, fiú mura bhfuil Gaeilge líofa againn. Anois tá an fheadóg séidte agam agus tá Mícheál i lár na páirce.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.