Seanad debates

Wednesday, 7 March 2018

Seachtain na Gaeilge: Statements

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Tá sé i gcónaí fíor-álainn Gaeilge Thír Chonaill a chluinstin sa Teach seo. Deireann a lán daoine gurb í an Ghaeilge is binne nó is deise in Éirinn, ach is doiléir an fíor é sin i ndiaidh óráid an tSeanadóra Uí Chéidigh.

Cosúil leis an Seanadóir Ó Céidigh, a luaigh an fáinne óir, caithim an fáinne sin beagnach gach lá taobh istigh agus taobh amuigh den Teach seo. Mar a luaigh an Seanadóir agus cainteoirí eile, tá ról lárnach ag an teanga inár saol. Ar mo chéad lá sa Teach seo agus ar mo chéad lá i Halla na Cathrach i mBéal Feirste, chaith mé sean-heirloom ársa atá againn sa chlann. B'fhéidir nach bhfuil sé ró-luachmhar ó thaobh airgid de, ach léiríonn sé an stair, an saibhreas agus an oidhreacht a bhaineann leis an Ghaeilge. Sna 1940í, bhí mo sheanathair, Séamus Mac an Bheatha, imtheorannaithe ar an long phríosúin Al Rawdah. He was interned on the Al Rawdah. Tháinig na cimí le chéile chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a mhúineadh dá chéile.Nuair a bhain siad leibhéal proifisiúnta amach, agus iad imtheorannaithe, rinne siad fáinní as na píopaí copair a bhí ar an long. Ní raibh ór ar bith acu ar an Al Rawdahna laethanta sin. Nuair a tháinig siad amach agus scaoileadh saor iad, chuaigh siad uilig go dtí seódóir agus chuir siad an copar seo in ór. Sin rud a chaithim. B'fhéidir go gcaithfidh mé an fáinne sin an tseachtain seo chugainn agus ar an lá atá an Seanadóir Ó Céidigh ag moladh dúinn chomh maith.

Déarfaidh mé cúpla rud níos dáiríre agus an tAire Stáit linn. Dar ndóigh, cuirim fáilte roimh Bliain na Gaeilge mar chreidim go mór i luach agus i dtábhacht ár dteanga náisiúnta. Is mór an trua é nár thug an Rialtas maoiniú sa bhreis leis an bhliain speisialta seo a chomóradh. Tháinig an mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus bhí ar an bhforas airgead a bhaint ó tionscadail eile dá bharr sin. Ar an drochuair, léiríonn sé seo an cur chuige atá ag an Rialtas ó thaobh na Gaeilge de: béal ghrá agus cur i gcéill cuid mhaith den am. Bíonn an Rialtas ag maíomh go bhfuil an-chuid á dhéanamh aige ach ag an am céanna bíonn sé ag gearradh siar ar sheirbhísí do mhuintir na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge. Cuir i gcás an bád farantóireachta a bhfuaireamar ar Thoraí: seanbhád míchuí agus cuma caite air le freastal ar phobal beo Gaeltachta. Seo siombal eile oiriúnach don tslí ina mbíonn an Rialtas ag déileáil le riachtanais mhuintir na Gaeltachta.

Is maith an rud é an Ghaeilge agus na tréan-iarrachtaí atá an-chuid daoine ag déanamh a mholadh. Ní dóigh liom féin, áfach, go dtuigeann roinnt bhaill an Rialtas an práinn atá i gceist leis an Ghaeilge agus, go háirithe, leis an Ghaeltacht. Muna bhfuilimid ionraic faoin fhadhb, ní bheidh mé in ann dul i ngleic léithi. Aithním agus deirim anseo go creidim go dian go bhfuil an tAire Stáit ag déanamh a fhíordhíchill chun dul i ngleic ar a chomhghleacaithe san Rialtas.

Creidim go bhfuil ardmholadh tuillte ag Conradh na Gaeilge agus, b'fhéidir níos tábhachtaí arís, ag na grúpaí agus eagraíochtaí uilig atá ag glacadh páirt i Seachtain na Gaeilge agus i mBliain na Gaeilge. Tá siad ag iarraidh a bheith gníomhach agus bríomhar ó thaobh úsáid agus feiceálachas na Gaeilge ar fud fad na tíre. Tá sé tábhachtach a rá gur imeachtaí uileÉireann agus domhanda iad Seachtain na Gaeilge agus Bliain na Gaeilge. Mar gheall ar na meáin sóisialta, címid Pop-up Gaeltachtaí ar fud na cruinne. Tá siad ann ó Hong Cong go Nua Eabhrac go Béal Feirste go Luimneach. Tá siad in achan áit, agus rudaí thar a bheith dearfach agus maith iad.

Aontaím leis an Seanadóir Ó Céidigh agus tuigim an méid a bhí sé ag rá maidir leis na srianta atá ar Fhoras na Gaeilge ó Thuaidh. B'fhéidir ceann de na srianta is mó atá curtha ar an fhoras ó Thuaidh ná gur fhaigheann sé i bhfad níos lú airgid ná mar a fhaigheann sé ó Dheas. An srian is mó atá orainn ar fad sna Sé Chontae ná nach bhfuil reachtaíocht fiúntach aonarach i bhfoirm Acht Gaeilge againn. Níl sé sin curtha i bhfeidhm. Ba mhaith liom mo mholadh a thabhairt don Rialtas ó thaobh an tseasaimh a bhí aige maidir leis an Acht. Aontaíonn an Rialtas gur cheart go mbeadh Acht féin-seasmhach atá bunaithe ar chearta curtha i bhfeidhm ó Thuaidh. Bhí sé deas focail an Aire Stáit i dtaobh an ábhar sin a chluinsint arís inniu.

Tá gá go gcuirfeadh an Rialtas Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm ionas go mbeadh an Stát in ann freastal ar dhualgais mhuintir na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeltachta chomh maith. Is gá go mbunófar cultúrlann i mBaile Átha Cliath. Tá sé do-chreidte nach bhfuil ceann againn cheana féin, áit do lucht labhartha na Gaeilge inár bpríomhchathair.

Bhí Comhchoisteum Feidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta ar cuairt thart ar cheathrú Gaeltachta Bhéal Feirste ar na mallaibh agus baineadh geit as roinnt mhaith acu. Chuir sé iontas orthu an Ghaeilge a fheiceáil chomh beo bríomhar i gcomhthéacs uirbeach i gcroílar iarthar Bhéal Feirste. Is é i gceist leis an cultúrlann na tionscadal a bhfuil tacaíocht aige ón chomhairle cathrach i mBéal Feirste. Scríobh mé chuig an Aire Stáit ar na mallaibh chun cuireadh a thabhairt dó teacht ar cuairt é féin le hamharc ar an cheathrú Gaeltachta agus b'fhéidir cúpla ceacht a fhoghlaim agus an deachleachtas a fheiceáil curtha i bhfeidhm ansin idir na grúpaí pobail, cultúrtha, spóirt, na gnóanna príobháideacha agus na tionscail gnó uilig atá ag titim amach sa cheathrú Gaeltachta. Tugaim an cuireadh sin don Aire Stáit arís.

Bhí manna ag ceannródaithe na seanfhondúirí Ghaeltachta Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste a cuireadh ar bun go mall sna 1950idí agus go luath sna 1960idí: Ná habair é, déan é. Sin an moladh a dtabharfainn do dhaoine san Oireachtas ó thaobh labhairt na Gaeilge agus an moladh a dtabharfainn don Aire Stáit agus don Rialtas maidir leis an Ghaeilge: Ná habair é, déan é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.