Seanad debates

Wednesday, 7 March 2018

Seachtain na Gaeilge: Statements

 

10:30 am

Photo of Pádraig Ó CéidighPádraig Ó Céidigh (Independent) | Oireachtas source

Tá sé, agus coinnigh suas é. Ba mhaith liom achainí a chur ar chuile dhuine sa Seanad. B'fhéidir go rachaimid síos go dtí Conradh na Gaeilge an tseachtain seo chugainn leis na fáinní seo a cheannach agus go n-úsáidfimid iad ina dhiaidh sin. Ní gá go mbeadh togha na Gaeilge acu siúd a gcaitheann iad. Tá fáinne óir, fáinne airgid agus mar sin de ann. Ní chosnaíonn siad ach cúpla euro. B'fhéidir go léireodh sé sin go bhfuilimid níos dáiríre faoin Ghaeilge.

Molaim an tAire Stáit. Tá sé lándáiríre faoin Ghaeilge. De réir mar a thuigim, beidh sé ar phainéal na Dúnaibh le haghaidh Comórtas Peile na Gaeltachta agus ag imirt corner back. Níor mhaith liom bheith i mo corner forward agus an Aire Stáit i mo mharcáil más rud é go bhfuil sé sa pheil mar atá sé sa pholaitíocht. Go bhfóire Dia orainn, ní bheadh seans agam. B'fhéidir go mbeidh mé ag an gcomórtas ag breathnú ar an Aire Stáit agus ag féachaint cén sórt peileadóir é.

Ba mhaith liom bheith níos dáiríre faoi chúpla rud ó thaobh na Gaeilge de. Ar nós mo chomhghleacaí, an Seanadóir Ardagh, cuirim fáilte roimh an infheistíocht thábhachtach de €2.5 milliún atá déanta. Léiríonn sé sin go bhfuil dáiríreacht éigin ann ó thaobh an Rialtais de maidir le forbairt na Gaeilge. Bíonn imní orm ag an am seo den bhliain, agus Seachtain na Gaeilge ar siúl agus muid ag teacht suas le Lá Fhéile Pádraig, nuair atáimid ag caint ar an nGaeilge. Ní gá dom tuilleadh a rá ach go gcuireann sé i gcuimhne dom an fógra, "a pet is not just for Christmas", a bhíonn ar an teilifís ag teacht suas go dtí an Nollaig gach bliain. Táimid uilig dáiríre faoin Ghaeilge. Táimid an-bhródúil as an teanga agus as dreamanna ar nós Cumann Lúthchleas Gael. Nuair a bheidh muintir na hÉireann ag imirt rugbaí ag an deireadh seachtaine, agus geansaithe na hÉireann orthu, beimid an-bhródúil astu freisin.

Seasann muid mar chuid den Eoraip agus mar chuid den domhain mhór. Is féidir linn ár bhfóin póca á úsáid chun ceangal a dhéanamh le chuile dhuine. Tá sé tábhachtach sa chomhthéacs sin go seasaimid suas ar son who we are. Dúirt mé cheana le mo chara, Trevor Ó Clochartaigh, atá tar éis an Teach a fhágáil - tá sé an-dáiríre faoin Ghaeilge agus tá súil agam go n-éireoidh go breá leis agus é ag obair anois le TG4 - go bhfuil motto beag scríofa agam ar whiteboard sa bhaile: "success is not what you have; success is who you are". Who we are as Irish people is the Irish language and culture. Tá na nithe seo an-tábhachtach agus táimid an-bhródúil astu. Tá sé fíorthábhachtach go mbrúfaimid ar aghaidh mar ionadaithe pobail na tíre seo agus go mbeimid mar cheannródaithe agus leaders in this area. Glacaim leis go n-aontaíonn an tAire Stáit go bhfuil go leor eile le déanamh go fóill.

Ba mhaith liom cúpla rud beag fánach eile a lua. Níl siad fánach, ar bhealach. Is fiú níos mó infheistíochta a dhéanamh sna coláistí Gaeilge. Nuair a thagann go leor scoláirí as gach cuid den tír chucu, feiceann siad na Gaeltachtaí agus céard atá ar siúl iontu don chéad uair. Nuair a bhí mé ag caint le beirt dhuine i dTeach Laighin ar maidin, dúirt siad liom gur thuig siad an Ghaeilge agus an Ghaeltacht don chéad uair nuair a bhí siad ag freastal ar choláistí Gaeilge i nDún na nGall agus i gConamara. Nuair a bhí mé in Árainn, ar Inis Oírr, an tseachtain seo caite, dúradh liom go bhfuil scoláirí as an nGalltacht ag freastal ar scoileanna meánscoile, ach go háirithe, agus bunscoile sa Ghaeltacht. Tá sé seo ag tarlú sa Rinn, mar shampla. Tagann daoine ó Bhaile Átha Cliath chun freastal ar na meánscoileanna sna Gaeltachtaí sin agus an Ghaeilge a fhoghlaim. Bíonn na daoine seo fite fuaite leis an bpobal áitiúil. Tá mé ag iarraidh go gceanglófar le chéile pobal na Galltachta agus pobal na Gaeltachta. Is mar a chéile muid - we are two sides of the one coin.

Ba mhaith liom cúpla rud a rá ó thaobh na Gaeltachta de. Níl aon mhaith plean Gaeilge a bheith againn don Ghaeltacht muna bhfuil daoine in ann postanna a fháil sa Ghaeltacht. Tá mise in ann cónaí sa Ghaeltacht. Tá fadhbanna móra le cúrsaí pleanála agus cúrsaí taistil sa Ghaeltacht. Caithfear joined-up thinking ó na Ranna éagsúla a bheith ann. Maidir le cúrsaí oideachais, tá go leor scoileanna a bhí le dúnadh. Níl a fhios agam cén chaoi ina bhfuil siad anois. Molaim go láidir an plean an-mhaith atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de. Molaim go láidir Foras na Gaeilge freisin, ach tá fadhb mhór ag an bhforas, mar is eol don Aire Stáit. Mar gheall nach bhfuil Rialtas ag teacht le chéile i dTuaisceart Éireann, níl an tacaíocht airgid gur chóir go mbeadh ag an bhforas ag dul chuige. Tá srianta móra ar Fhoras na Gaeilge mar gheall ar sin. Faigheann Údarás na Gaeltachta idir 50% agus 60% den mhéid airgid a fhaigheann IDA Ireland agus Fiontraíocht Éireann chun postanna a chruthú. Nílim, agus níl éinne eile anseo, ag iarraidh go mbeadh dímheas á dhéanamh ar dhaoine díreach má labhraíonn siad an Ghaeilge. Tuigim nach bhfuil sé sin ag teastáil ón Aire Stáit.

Tá mé an-bhuíoch don Aire Stáit gur labhair sé faoin ócáid speisialta a bheidh againn ar an 21 Márta seo chugainn. Tá tacaíocht an tSeanaid agus tacaíocht an Aire Stáit faighte agam don lá speisialta sin. Tá sé i gceist go dtiocfaimid uilig le chéile sa Seanad chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Beidh aoichainteoir ag teacht isteach. Tá roinnt moltaí agam don Aire Stáit ó thaobh polasaithe an Rialtais ag dul ar aghaidh. Ba bhreá liom casadh leis roimh ré agus labhairt leis faoi na moltaí sin. Beidh mé ag lorg tacaíocht na Seanadóirí ar fad, le cúnamh Dé, ionas go mbeimid le chéile ar aon lá amháin. Is rud deimhneach, seachas rud polaitiúil, é seo. Tá súil agam go mbeimid in ann bunábhar phlean Seanad Éireann ó thaobh forbairt na Gaeilge de a aontú le tacaíocht an Aire Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.