Seanad debates

Wednesday, 7 March 2018

Seachtain na Gaeilge: Statements

 

10:30 am

Photo of Catherine ArdaghCatherine Ardagh (Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus cuirim fáilte go dtí an Seanad roimhe arís. Tá rath mór tagtha ar Sheachtain na Gaeilge ón am agus a raibh mé i mo ghasúr. Caithfimid iarracht a dhéanamh sa Seanad agus i dTeach Laighean an tseachtain a choimeád mar sheachtain gur fiú í a chéiliúradh. Ba chóir dúinn go léir iarracht níos mó a dhéanamh teagmháil a dhéanamh lena chéile as Gaeilge. Tá sé ar cheann de chuspóirí Fhianna Fáil ó thráth a bhunaithe an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo i measc na ndaoine agus cearta na ndaoine a labhraíonn an teanga a chosaint. Tá an teanga náisiúnta ar cheann de sheoda cultúrtha na tíre seo agus ní féidir cur síos ar an tábhacht chinniúnach atá léi dá réir. Nuair atá 100 bliain caite ó tharla Éirí Amach na Cásca, is ríghéar an gá borradh agus brí a chur an athuair sna hiarrachtaí úsáid na Gaeilge a bhuanú agus a fhorbairt.

Seasann Fianna Fáil go daingean leis an straitéis 20 bIiain don Ghaeilge, a thug an páirtí chun cinn agus é i rialtas, agus lena chur i bhfeidhm. Thug an páirtí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 isteach chomh maith. Bhí Fianna Fáil i mbun feachtais ar son maoiniú breise don Ghaeilge agus cuirimid fáilte roimh an €2.5 milliún de mhaoiniú breisie le haghaidh an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur chun cinn in 2018. Is díol trua nach raibh aon dhúthracht maidir leis an teanga, nó le cearta teanga a chosaint, ag rith dáiríre leis an Rialtas roimhe seo, a bhí faoi cheannas Fhine Gael. Ní mór ceannródaíocht leanúnach agua cistíocht ionas go mbeadh rath ar an straitéis 20 bliain a thabhairt i bhfeidhm. Anuas air sin, leagadh amach mar ghealltanas i gclár an Rialtais sa bhliain 2011 go ndéanfaí smaoineamh ar deireadh a chur leis an nGaeilge éigeantach san ardteistiméireacht. Is léiriú eile é sin ar mheon Fhine Gael.

I manifesto Fhianna Fáil le haghaidh olltoghchán na bliana 2016, rinne an páirtí feachtasaíocht ar son na mbearta seo a leanas.Dúirt muid gur cheart go mbeadh Aire sinsearach ann a bheadh an Ghaeltacht agus an Ghaeilge mar phríomhchúraimí air nó uirthi, gur cheart coiste Oireachtais a chur ar bun a bheadh freagrach as gnóthaí na Gaeltachta agus na Gaeilge, gur cheart go dtabharfaí faoi na deacrachtaí cistíochta a bhí ag Foras na Gaeilge agus ag Údarás na Gaeltachta trí acmhainní breise a chur ar fáil dóibh, agus gur cheart go gcinnteofar go mbeadh an Ghaeilge i gcónaí mar chroíchuid den churaclam le haghaidh an teastas sóisearach agus an ardteistiméireacht. Cé nach bhfuil Fianna Fáil sa Rialtas, táimid agus beimid ag gníomhú go tairbheach sa Fhreasúra ag féachaint leis na haidhmeanna polasaí sin a bhaint amach. Dírítear ar an nGaeilge faoi thrí chinn de théamaí i gclár an Rialtais na bliana 2016: an straitéis 20 bliain, cúrsaí teanga agus eacnamaíochta sa Ghaeltacht, agus an Ghaeilge mar theanga iomlán. Caithfidh mé a rá go gcoinneoidh Fianna Fáil an Rialtas dílis do na gealltanais dá réir sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.