Seanad debates

Wednesday, 7 March 2018

Seachtain na Gaeilge: Statements

 

10:30 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Go raibh maith agat a Chathaoirligh agus go raibh maith agat freisin fa choinne an chuiridh go dtí an Seanad inniu. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don Teach seo as an gcuireadh a thug sibh dom labhairt libh le linn Sheachtain na Gaeilge agus ar ndóigh le linn Bhliain na Gaeilge 2018.

Tá an Rialtas seo dírithe ar theacht leis an tiomantas dár gcultúr agus dár dteanga atá le feiceáil i mórán de na heagraíochtaí díograiseacha atá ar fud an Stáit, taobh istigh agus taobh amuigh de na Gaeltachtaí. Chuige sin, cuireadh maoiniú breise de €2.5 milliún ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin in 2018. San áireamh sa bhuiséad don bhliain seo tá €1.4 milliún breise chun tacú leis an phróiseas pleanála teanga faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge, cuireadh €400,000 de mhaoiniú breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun infheistiú ina chláir caipitil agus chun tacaíocht do chomharchumainn agus d’eagraiochtaí forbartha pobail na Gaeltachta a mhéadú, rud a fhágann go bhfuil an maoiniú caipitil don údarás méadaithe go €7 milliún, cuireadh €450,000 ar fáil do Bhliain na Gaeilge 2018, agus rinneadh Ieithdháileadh breise de €687,000 ar scéimeanna tacaíochta teanga na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá €2.65 milliún á chur ar fáil faoi bhuiséad 2018 do chur i bhfeidhm an phróiseas pleanála teanga i mbliana. Is ionann sin agus ardú €1.8 milliún thar an allúntas a bhí ar fáil don phróiseas anuraidh. Ina theannta sin, tá ardú ar an gcistíocht atá ar fáil do na gnáthchláir reatha ar thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhfuil dlúthbhaint acu chomh maith le cur i bhfeidhm an straitéis 20 bliain. Leis an allúntas méadaithe atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht trí chéiIe, tá ag éirí le mo Roinn tacú tuilleadh le cur i bhfeidhm na straitéise agus an phróiseas pleanála teanga mar a bhaineann sé leis an Ghaeltacht, na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge.

Tuigfidh na Seanadóirí gur ar an Roinn Oideachais agus Scileanna a thiteann an fhreagracht an polasaí don oideachas Gaeltachta 2017-2022 a chur i bhfeidhm. D’fhéadfaí a rá gur aisfhreagra suntasach is ea an polasaí seo ar a bhfuil ráite agus molta sa straitéis 20 bliain mar a bhaineann sé le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht. Mar Iéiriú breise ar dháiríreacht leanúnach an Rialtais seo chun cúram a dhéanamh do chur i bhfeidhm na straitéise, is díol suntais é go bhfuil aonad polasaí oideachais Gaeltachta faoi Ieith bunaithe cheana féin ag mo chomhghleacaí, an tAire, an Teachta Bruton, chun cur i bhfeidhm an pholasaí a bhrú chun cinn. Léirionn sé seo uile go bhfuil céim thábhachtach eile chun cinn glactha ag an Rialtas ar son na Gaeilge agus cur i bhfeidhm córasach na straitéise.

Tá sárobair ar bun ag na heagraíochtaí taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, ag obair go díograiseach - sa Deisceart, sa Tuaisceart agus go hidirnáisiúnta - chun úsáid na teanga a chaomhnú agus a fhorbairt ar fud na tíre, agus is deas liom gur tugadh aitheantas dóibh sa bhuiséad. Tá ceannáras nua anois ag Foras na Gaeilge, agus é anois lonnaithe ar Shráid Amiens i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Guím gach rath orthu san ionad úr seo. Bíonn Foras na Gaeilge ag gníomhú ar bonn leanúnach i gcomhréir leis an sé cheanneagraíocht atá faoina chúram, is iad sin Gaeloideachas Teoranta, Gael Linn, Glór na nGael, Oireachtas na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Cumann na bhFiann. Tá Foras na Gaeilge freagrach as oibriú le pobail i mbailte seirbhíse Gaeltachta, de réir mar is cuí, agus i líonraí Gaeilge chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna ceantair sin. Cuidionn sé le pobal na Gaeilge agus lucht spéise na Gaeilge ar fud an domhain trí bhéim a chur ar sheirbhísí agus áiseanna ar líne.

Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do réimse Ieathan tionscadal trí scéimeanna éagsúla a chuidíonn leis an aos óg. Tá an scéim Gaelbhratach dírithe ar scoileanna agus á fheidhmiú i 70 scoil. Tá deiseanna foghlama á gcur ar fáil chomh maith trí scéim na gcampa samhraidh. Tá scéimeanna agus tionscadail ar fáil ón bhforas chun úsáid na teanga sna healaíona, sna meáin agus sna hilmheáin a chur chun cinn, lena n-áiritear scéim na gcomplachtaí drámaíochta, scéim na bhféilte, scéim na foilsitheoireachta agus scéim na dtionscadal litríochta. Tuigtear an ról an-tábhachtach atá ag gnólachtaí maidir le forbairt agus spreagadh na Gaeilge, go háirithe sna limistéir pleanála teanga. Cuirtear tacaíocht ar fáil ón bhforas d'fhorbairt na Gaeilge san earnáil gnó tríd an bhfeachtas feasachta Gnó Means Business agus trí scéimeanna ar nós scéim na gcomharthaí dátheangacha.

Is cuid luachmhar dár n-oidhreacht logainmneacha na tíre. Tá forbairt leanúnach á déanamh ar an suíomh logainm.ieag an mbrainse logainmneacha, ar cuid de mo Roinn é, i gcomhar le Fiontar agus scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus le tacaíocht airgid ón Rialtas. Sa bhliain 2017, mar shampla, scrúdaigh agus shocraigh an brainse na leaganacha Gaeilge de 400 logainm i gContae Chill Mhantáin, agus de 200 logainm i gContae Chiarraí. I gcaitheamh na bliana fosta, cuireadh na Ieaganacha Gaeilge do 1,500 logainm i gContae Laoise os comhair an Choiste Logainmneacha le hiniúchadh. Is coiste Stáit neamhspleách é an Coiste Logainmneacha, ceaptha ag an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an Ghaeltacht, agus a oibríonn ar bonn deonach. Tá moladh mór ag dul do bhaill an choiste sin as a gcuid oibre. Tá an-éileamh ar an suíomh Iogainm.ie. I gcaitheamh na míosa seo caite, mar shampla, thug 26,000 cuairteoir uathúil cuairt ar an suíomh agus sa bhliain 2016, tháinig fiosrúcháin tríd an suíomh Idirlín céanna faoi thart ar 1,000 logainm.

Mar atá ráite go minic roimhe seo, ní miste dom a threisiú arís gur dóigh liom go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní nádurtha is luachmhaire atá againn. Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ag baint le pobal labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltachta a chothú chun saibhreas oidhreachta na teanga a choinneáil beo agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta gach a dhéanamh laistigh dá chumhacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar an bpobal. Tá a fhios againn go bhfuil dearcadh dearfach ag tromlach an phobail i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid, cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Tá sé riachtanach go leanfar ag baint leas as an teanga mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht agus go gcuirfear an teanga chun cinn ar bonn níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht.

Ar deireadh, ba mhaith liomsa tiomantas agus dáiríreacht an Rialtais i Ieith chur i bhfeidhm an straitéis 20 bliain a threisiú uair amháin eile anseo inniu. Táim sásta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile. Is maith liom an seans inniu labhairt agus comhrá a dhéanamh faoi Bhliain na Gaeilge agus Seachtain na Gaeilge. Dá mbeadh aon smaointí ag teacht aníos, beidh mé sásta oibriú leis na Seanadóirí orthu. Gabhaim aitheantas chuig an seachtar ó Gaillimh atá ina suí anseo, Seanadóir Ó Céidigh ina measc, faoi choinne an chláir atá leagtha amach don choicís seo chugainn maidir leis an Ghaeilge a spreagadh sa Seanad. Beidh mé sásta teacht ar ais. Fuair mé teachtaireacht an Seanadóra aréir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.