Seanad debates
Tuesday, 18 July 2017
Commencement Matters
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
12:00 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Gabhaim mo bhuíóchas leis an Seanadóir as a gcuid focal. Rinne mé dearmad tagairt don Roinn Oideachais agus Scileanna atá ag bogadh ar aghaidh leis an tumoideachas. Ba mhaith liom m'aitheantas a ghabháil leis na hoifigigh san Roinn sin. Chonaic mé an fiúntas atá ag an Ghaeilge tríd an tír agus tríd an domhain. Labhair an Seanadóir fá dtaobh den cheangal le Bostún agus Ceanada. Faoi láthair tá daoine ag foghlaim Gaeilge i Londain agus i Sydney san Astráil. Chuir an Roinn airgead ar fáil do na tograí sin. B'fhéidir go mbeidh deiseanna móra amach anseo. Dá mbeadh aon bhealach ann a bheadh mise ábalta cuidiú leis an Seanadóir nó leis an teanga, tá mé oscailte dó sin.
Fá choinne na figiúirí maidir le hÚdarás na Gaeltachta, bhí €2.4 milliún breise sa Roinn don Údarás in 2016. Tá mé ag amharc go mbeidh breis airgid ann. Rachaidh airgead díreach go dtí na comharchumainn trí Údarás na Gaeltachta. Tá an t-airgead thar a bheith tábhachtach. An chéad fhocal a d'fhoghlaim mé in 2014 ná "deontas". Tá sé sin tábhachtach fosta. Cím na buntáistí ansin.
No comments