Seanad debates
Tuesday, 18 July 2017
Commencement Matters
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
12:00 pm
Pádraig Ó Céidigh (Independent) | Oireachtas source
Tá me beagánín sásta. Tá mé an-bhuíoch don Aire Stáit as ucht teacht isteach anseo agus an cheist a fhreagairt. Mar a thuigeann sé, is ceist an-tábhachtach é seo ó thaobh na tíre de agus ní hamháin ó thaobh na Gaeltachta de. Dúirt sé cúpla rud ar a rinne mé roinnt rudaí. Tá obair an-mhaith á dhéanamh ar fud na tíre ó thaobh na Gaeilge de. Mar a dúirt an tAire Stáit, agus tá mé breá sásta agus buíoch don Aire Stáit as ucht a léirigh sé é, tá obair an-mhaith ar siúl i dTuaisceart Éireann. Bheadh sé an-tábhachtach, dar liom, go dtabharfadh an Rialtas tacaíocht ó thaobh aitheantas na Gaeilge de sa Tuaisceart. Níl fáth ar bith nach mbeadh sé sin ann. Is cearta daonna é sin. De réir mar a thuigim, aontaíodh é sin cúpla bliain ó shin ó thaobh na páirtithe polaitiúla ar fad ansin. Tá mé breá sásta gur luaigh an tAire Stait an tAire Stáit a bhí roimhe, an Teachta Seán Kyne, mar rinne seisean go leor obair.
Ceann de na rudaí is tábhachtaí a tharla sé nó seacht bliana ó shin ná go raibh an tAire Stáit, nuair a thosaigh sé ina Aireacht anseo an uair deireadh, ar bheagán Gaeilge ach anois tá Gaeilge an-mhaith aige. Bhí sé in ann labhairt ansin óna intinn agus óna chroí agus ní ó nótaí. Tugann sé sin ardú croí agus inspioráid do mhuintir na Gaeltachta agus do mhuintir na Gaeilge mar feictear dúinn go bhfuil sé lándáiríre faoi sin.
Tá naíscoileanna fíorthábhactach. Tá an Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna ag tabhairt tacaíochta do naíscoileanna agus go fad buan é sin go mbreathnaítear ní hamháin ar bunscoileanna agus meánscoileanna ach ar naíscoileanna freisin. Seo na gasúir beag idir b'fhéidir dhá bhliain agus cúig bliana sula dtéann siad ar an scoil.
B'fhéidir an rud is tábhachtaí a dúirt an tAire Stáit ná go mbeidh blank page ann ó thaobh plean iomlán don tír in 2018. Dúirt sé go mbeidh sé ag lorg inputs agus tuairimí ó dhaoine éagsúla agus ní hamháin ó státseirbhísigh nó na gnáthdhaoine a thugann é ach ón phobal ina iomláine. Tá an-suim agam a bheith páirteach ansin, más féidir, agus tacú, mar an Aire Stáit, mar cheannaire, leis seo a thabhairt tríd.
Gabhaim mo mhíle buíochas leis an Aire Stáit as ucht teacht isteach. Tá mé ag tnúth go mór leis an bplean iomlán don tír in 2018.
No comments