Seanad debates

Tuesday, 18 July 2017

Commencement Matters

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

12:00 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Ar dtús, chuir an Seanadóir iontas orm nuair a chuir sé an cheist síos i mBéarla. Is é polasaí mo Roinn nuair a chuirtear ceist i mBéarla go dtugtar an freagra i mBéarla. Tá mé thar a bheith sásta an cheist seo a fhreagairt trí Ghaeilge. Is í an teanga is fearr sa tír seo. Ar dtús gabhaim buíochas leis an Seanadóir faoi choinne na ceiste. Cinnte, bíonn díospóireachtaí i gcónaí fadúda an teanga agus fadúda an Ghaeltacht a bhogadh chun tosaigh.

Bhí an Seanadóir ag caint fadúda na huimhreacha. Cinnte fosta, tá deacrachtaí agus dúshláin ann fadúda daoine atá abálta Gaeilge a labhairt istigh sa Ghaeltacht agus taobh amuigh de. Tá mise ag amharc i dtreo na rudaí dearfacha. Nuair a tháinig mé isteach sa phost seo in 2014 bhí conspóid ag an am gur ainmníodh Aire Stáit le freagracht as an nGaeltacht nach raibh a chuid Gaeilge ró-mhaith ag an am. Chonaic mé an sár-obair a bhí ag dul ar aghaidh istigh sa Ghaeltacht agus an reachtaíocht a bhí ag dul ar aghaidh fadúda, mar shampla, limistéar pleanála na mbailte seirbhíse. Tá dualgais mhóra ar Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeilge faoi choinne pleanáil teanga a chur i bhfeidhm nó a bhrú chun cinn. Ba mhaith liom mo thacaíocht agus mo chuidiú a thabhairt chuig na daoine a bhíonn ag obair ar phleanáil teanga. Chas mé le daoine a n-oibríonn ar sin i nGaillimh coicís ó shin - daoine ó Chorcaigh, ó Chiarraí, ó Phort Láirge, ó Ghaillimh agus ó Thír Chonaill fosta. Tá na daoine sin ag amharc ar an airgead agus ar an chuidiú atá de dhíth chun an phleanáil teanga a chur i bhfeidhm. Tá siadsan ag obair in achan bealach i dtreo an todhchaí.

Bhí an Seanadóir ag caint faoi Shlí an Atlantaigh Fhiáin, an cultúr, an oidhreacht, an teanga ach go háirithe, agus na postanna atá ag teastáil ón nGaeltacht. Tá cuid mhór obair dhearfach déanta agus tá sárobair déanta maidir leis an teanga a bhogadh chun cinn. Agus é sin ráite, fadúda na bailte seirbhíse taobh amuigh den Ghaeltacht, mar shampla Leitir Ceannain agus cathair na Gaillimhe, beidh mé ag amharc chuig na coistí deonacha a luaigh an Seanadóir agus an obair a dhéanann siad ar son an teanga. Ba mhaith liom bheith ag amharc i dtreo na rudaí dearfacha atá ag tarlú amach anseo. Tá an t-údarás freagrach as na bailte taobh istigh den Ghaeltacht, mar shampla an Clochán Liath, Daingean Uí Chúis agus Béal an Mhuirthead. Beidh breis bailte ar an liosta fosta. Tá cuid mhór oibre ag dul ar aghaidh ar na líonraí Gaeilge ar son an teanga fosta, mar shampla, i mBaile Locha Riach agus i gCluain Dolcáin. Beidh sé tábhachtach go mbeidh rudaí fite fuaite idir an Ghaeltacht agus limistéir taobh amuigh de.

Tá an fuinneamh sa Tuaisceart, sna Sé Chontae, tábhachtach fosta. Chas mé le suas le 100 duine i mBéal Feirste inné. Bhí siad i rang CLG Uladh. Chas mé le suas le 100 duine, ó Ard Mhacha, Aontroim, Fear Manach agus Tír Eoghain, a bhí ag foghlaim Gaeilge. Tá sé sin thar a bheith suimiúil. Dá mbeadh aon ghá mór de dhíth fadúda na rudaí sin a bhogadh chun cinn, tá mé sásta leanúint ar aghaidh leis an díospóireacht fadúda sin.Tá an Seanadóir ceart fá dtaobh de na coláistí samhraidh. Tá sárobair déanta agus tá siad ag bogadh ar aghaidh. Mar shampla, tá Coláiste Lurgan i gcontae an Sheanadóra, agus beidh suas le 600 duine ag dul go dtí Árann Mór i mbliana.

Bhí laghdú mór san airgead a bhí ar fáil do na comharchumainn thar na blianta a chuaigh thart. Tá siadsan ag obair go deonach fosta. Bíonn siad ag obair ar achan rud maidir leis an teanga chomh maith le cúrsaí forbartha agus fostaíochta. Tá mé ag amharc ar an chuidiú dóibh freisin.

Tá breá obair ag dul ar aghaidh sna bunscoileanna sna Gaeltachtaí. Tá an clár cúntóirí teanga ann. Tá eolas maith ag an Seanadóir ar obair Muintearas. Tá an eagraíocht sin ag obair go dian dícheallach ar son na teanga sna scoileanna. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach.

Maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), bhí cruinniú agam leis an gCoimisinéir Teanga cúpla seachtain ó shin. Bhí mé ag obair leis an gCoiste Gaeilge, Gaeltachta agus na nOileán. Tá an Seanadóir ar an gcoiste. Dá mbeadh aon chuidiú de dhíth maidir leis an mBille seo, tá mé ar thaobh an choiste. Chomh maith leis sin, tá na dréachtóirí ag obair ar an leasú faoi láthair. Thug an Rialtas tiomantas agus gealltanas mór chuig an Bille cúpla mí ó shin. Ba mhaith liom mo aitheantas foirmiúil a ghabháil chuig an iarAire Stáit le freagrach as cúrsaí Gaeltachta, an Teachta Seán Kyne, a chuir fíor-iarracht isteach sna rudaí sin.

Is é mo thuairim pearsanta ná gur b'fhéidir go mbeadh deiseanna leis an clár Éire Ildánach amach anseo. Bhí comhrá ollmhór agam leis an Taoiseach an tseachtain a chuaigh thart maidir leis seo. B'fhéidir go mbeadh bealach ann an bhliain seo chugainn fá dtaobh den teanga a chur chun cinn nó a bogadh chun tosaigh. Tá mé ag amharc ar phlean ollmhór sa tír. B'fhéidir go mbeidh ról ann ó thaobh Bliain na Gaeilge 2018. Tá suim mhór ann. Beidh mé ag fáil tuairimí agus smaointe fá dtaobh den phlean sin amach anseo fosta.

Maidir le h-iarratas an Sheanadóra fá dtaobh de a bheith ag obair le chéile, tá mé thar a bheith sásta é sin a dhéanamh. Tá sé sin de dhíth. San am a chuaigh thart, bhí an Ghaeilge mar pháirt den díospóireacht polaitíochta. Níl anois ach tá freagrachtaí agus dualgais orainn uilig fá dtaobh den teanga. Tá freagrachtaí agus dualgais ar dhaoine ón tuaisceart agus ó Chorcaigh agus ar dhaoine atá taobh amuigh den Rialtas, den chóras agus de na rannóga éagsúla. Ba mhaith liomsa obair taobh amuigh den pholaitíocht ar son na teanga. Tá sé sin de dhíth. Tá gá mór ann dó agus tá suim mhór ag daoine ar an teanga taobh amuigh de na cúrsaí sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.