Seanad debates

Tuesday, 18 July 2017

Commencement Matters

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

12:00 pm

Photo of Pádraig Ó CéidighPádraig Ó Céidigh (Independent) | Oireachtas source

Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit. Táim an-sásta go bhfuil sé ar ais sa suíochán sin arís. Tá mé cinnte ón aithne atá agam air go ndéanfaidh sé chuile iarracht ó thaobh forbairt a dhéanamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Tabharfaidh mé chuile tacaíocht dó sa gcás sin.

An dtabharfaidh an Aire Stáit imlíne dúinn ar an straitéis 20 bliain a cuireadh le chéile in 2010 ó thaobh na Gaeilge de? Feictear domsa agus do go leor daoine go bhfuil teipthe ar sin agus nach bhfuil ag éirí leis. Táimid seacht mbliana istigh ann anois. Tá roinnt staitisticí agus figiúirí ón ndaonáireamh agam. Deireann an plean go mbeidh méadú ar an líon daoine a labhraíonn an Ghaeilge ó 83,000 go dtí 250,000. Tharlaigh a mhalairt. Táimid imithe ó 83,000 in 2010 go dtí 73,800 anois. Sin laghdú de 10%. Táimid ag rá go n-ardófar líon na gcainteoirí dúchais 25% ón méid atá ann faoi láthair agus, faraor, is é a mhalairt atá ag tarlú. In 2010, bhí thart ar 20,000 cainteoir dúchais ann. De réir an daonáirimh in 2011, bhí 23,000 ann agus tá an figiúr sin íslithe go dtí 20,000 in 2016.

Ní fheictear dom go bhfuil ag éirí leis an straitéis sin. Bhain mé úsáid cúpla úair as rud a dúirt John Wayne uair amháin i seanscannán. Dúirt sé, "When you are on a dead horse, the best thing to do is to get off." Tá fadhb mhór againn ó thaobh na Gaeilge de, ó thaobh labhairt na Gaeilge de agus ó thaobh na straitéise de because, dar liomsa agus dar le go leor daoine, níl ag éirí leis. Bhí comhráite agam leis an Aire Stáit le roinnt seachtainí anuas. Tá a fhios agam go bhfuil sé ag iarraidh bheith dairíre agus é seo a fhorbairt, ach ceaptar nach bhfuil ag éirí leis an straitéis. Caithfimid tosnú arís. Níl tada mícheart leis sin. Tarlaíonn sé i gcúrsaí gnó agus cúrsaí saolta an-mhinic. Is maith an rud é agus is rud ciallmhar é le rá gur gcaithfimid tosnú le plean nua.

Bhí mé ag caint leis na comharchumainn inné. Tá a fhios agam go bhfuil aithne ag an Aire Stáit orthu. Bhí mé ag caint le Cathy Ní Ghoill ó Inis Mór. Bhí mé ag rá léi go mbeidh mé ag caint leis an Aire Stáit faoi seo agus dúirt sí liom go bhfuil teipthe go glan ar an bplean Gaeilge. Is é an rud atá ag teastáil uainn sa Ghaeltacht agus ó phobal na Gaeilge ná postanna agus seans a thabhairt dúinn teach a thógáil inár n-áit féin. Mar atá fhios agam, agus tá a fhios ag an Aire Stáit ina cheantar féin, tá fadhbanna móra ó thaobh pleanála de. Tá an talamh againn. Ní talamh maith é ach tá talamh againn. Táimid ag iarraidh tithe a thógáil ann agus táimid ag iarraidh postanna. Má thugtar deis dúinn, cheapfainn go n-éireódh go geal leis an nGaeilge agus leis an gcultúr agus go mbeidh tobar todhchaí na tíre seo ann ó thaobh na staire agus an chultúir de.

Tá lagdhú an-mhór tagtha ar chúrsaí infheistíochta. Tá laghdú de 70% tagtha ar infheistíocht in Údarás na Gaeltachta ó 2007 go 2016. Níl ach 30% den mhéid airgid a bhí ag an údarás sin aige anois. Tá laghdú de thart ar 40% tagtha ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge. Tá dhá rud ann. Is rud amháin é an méid airgid a chuirtear ar fáil, ach is dóigh liom go bhfuil an dara rud níos tábhachtaí. Tá a fhios agam go bhfuil an Aire Stáit liom ar seo. Is é an fhadhb eile ná an chaoi ina gcaitear an t-airgead sin. Sin rud an-tábhachtach. B'fhéidir san am atá caite go bhféadfaí é a chaitheamh i bhfad níos éifeachtaí.

Tabharfaidh mise chuile tacaíocht don Aire Stáit cabhrú leis sin más féidir go gcuirfí straitéis nua ar siúl a bheidh bunaithe ar an bpobal áitiúil sa chaoi gur féidir leo bheith ina gcónaí agus a bheith ag obair san áit inar rugadh agus tógadh iad in áit a bheith ag dul go Dorchester, Boston nó áiteanna eile ar fud na cruinne. Bheadh an straitéis sin bunaithe ar fhostaíocht agus comhoibriú idir na Ranna Stáit éagsúla. Dar liomsa go bhfuil na Ranna Stáit i gcineál silos dóibh féin. D'éirigh an Wild Atlantic Way, an Slí Atlantaigh Fhiáin, thar barr. Is sampla amháin é sin de rud a tháinig isteach i rith ré Rialtais an Aire Stáit agus rinne sé an-dul chun cinn. Tá go leor eile gur féidir a dhéanamh ar an gcás sin. Tá ag éirí go maith le coláistí Gaeilge. Tugann siad sin €20 milliún sa mbliain isteach don eacnamaíocht áitiúil. Sin rud an-mhór do phobail Gaeltachta atá ar imeall na tíre seo.

Is rudaí atá fíorthábhachtach freisin iad na comharchumainn. Tá laghdú mór tagtha ar thacaíocht airgid do chomharchumainn. Is bealach an-saor don Stát é sin le go leor obair a fháil déanta i gceantair áitiúla. Tá titim an-mhór ó thaobh tacaíocht do na comharchumainn de. Is coistí deonacha iad na boird comharchumann. Níl fostaithe ach cúpla duine ach tá siad ar chois leis an bpobal áitiúl agus tuigeann siad céard atá ag teastáil ó thaobh cúrsaí forbartha áitiúla de. Ba bhreá liom dá bhféadfaí glór níos láidre a thabhairt do na comharchumainn áitiúla ó thaobh forbairtí agus pleananna áitiúla de. Sin go díreach é ach-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.