Seanad debates
Wednesday, 16 July 2014
Adjournment Matters
Seirbhísí Eitilte
6:05 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Táim an-bhuíoch as an bhfreagra sin. Is scéal maith é go bhfuil an obair fós ar siúl agus nach bhfuil an cinneadh glactha go hiomlán. An mbeadh an tAire sásta bualadh leis na páirtithe éagsúla a bhfuil suim acu sa scéal seo, go háirithe Garda Cósta na hÉireann? Measann daoine sa gceantar go mbeadh sé an-tábhachtach go mbeadh seirbhís dá mhacasamhail ann. B'fhéidir go bhfuil féidireacht ann an t-aerstráice a bheith oscailte, ó thaobh turasóireachta de. Tuigtear dom go bhfuil grúpaí éagsúla ag rá go bhféadfadh siad an t-aerstráice a rith mar aerfor tráchtála, i gcomhar le Garda Cósta na hÉireann agus go bhféadfadh na rudaí éagsúla tarlú ag an am céanna. Bheadh sin iontach úsáideach. Dá mbeadh an tAire Stáit sásta bualadh leis na daoine seo ag am feiliúnach chun na ceisteann seo a phlé, bheadh sin an-chuiditheach.
No comments