Seanad debates
Wednesday, 16 July 2014
Adjournment Matters
Seirbhísí Eitilte
6:05 pm
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source
Ar maidin, bhí strus agus brú orm, ach anois um tráthnóna tá mé réidh.
Tá áthas orm an deis seo a fháil an t-ábhar tábhachtach seo a phlé anseo sa Seanad inniu. Ba dheas liom i dtús báire cúlra an scéil a mhíniú don Seanad. In 2001, rinneadh Ollscoil Cranfield staidéar neamhspleách ar na seirbhísí aeir chuig na hoileáin thar ceann na Roinne. Rinneadh moladh sa tuarascáil sin do sheirbhís aeir idir Inis Bó Finne agus an Clochán i gContae na Gaillimhe. Mar thoradh ar sin, tógadh cinneadh rúidbhealaí a thógáil chun go bhféadfaí seirbhís aeir a sholáthar. Ar ndóigh, ní miste a nótáil go bhfuil seirbhís farantóireachta do phaisinéirí agus seirbhís lastais chuig Inis Bó Finne a maoiniú ag an Roinn i rith an ama.
Mar chúlra ar an scéal, bhí réamhobair ar siúl d'fhorbairt na n-aeradróm chomh fada siar leis na nóchaidí. Ag amanna éagsula, bhí plé ag Údarás na Gaeltachta agus ag Comhairle Contae na Gaillimhe leis na forbairtí sin. I ndiaidh cur agus cúiteamh, socraíodh go nglacfadh an Roinn seilbh ar na haeradróim agus ceannaíodh na suíomhanna dá réir. I gcás an aeradróim ar an gClochán, tá an suíomh i seilbh na Roinne. I gcás an aeradróim ar Inis Bó Finne, ceannaíodh an talamh seo trí ordú ceannaigh éigeantaigh le comhoibriú ó Chomhairle Contae na Gaillimhe. Níl an talamh seo aistrithe go hoifigiúil chuig an Roinn on gcomhairle go fóill agus tá an Roinn ag obair leis an gcomhairle chun é seo a dhéanamh. Tuigtear dom go bhfuil €8.6 milliún caite ar na rúidbhealaí go dáta, idir ceannach na talún agus forbairt an bhonneagair ar na suíomhanna ag Inis Bó Finne agus ar an gClochán. Ta céim a haon den phróiseas chun ceadúnas a fháil do na haeradróim curtha i gcrích ag an bpointe seo agus tá cead pleanála faighte do chríochfoirt ar an da shuíomh.
Mar gheall ar an gcúlú eacnamaíoch agus i bhfianaise an bhrú atá ar sholáthar na Roinne, tógadh cinneadh i mí lúil anuraidh gan dul ar aghaidh leis na forbairtí ar an dá shuíomh agus go ndéanfaí socruithe chun na suíomhanna a chur de láimh. Níl cinneadh criochnúil déanta ag an Roinn go fóill faoin mbealach is fearr chun é seo a dhéanamh. Go bunúsach, feictear dom go bhfuil dhá rogha anseo, is iad sin na haerstráicí a chur ar léas fadtearmach nó iad a dhíol. Tá an dá rogha á meas ag an Roinn i láthair na huaire. Ni miste a rá go bhfuil roinnt teagmháil neamhfhoirmiúil déanta ag páirtithe éagsúla leis an Roinn mar gheall ar na haerstráicí. Cé nach bhfuil cinneadh tógtha go fóill, is féidir leis an Teach seo a bheith cinnte go dtabharfar faoi na haerstráicí seo a chur de láimh trí phroiseas oscailte soláthar poiblí.
No comments