Seanad debates

Thursday, 20 February 2014

An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Tairiscint

 

1:40 pm

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael) | Oireachtas source

Tá mé anseo chun labhairt ar an topaic an-tábhachtach seo. B'fhéidir gurb í an topaic is tábhachtaí atá ar an gclár againn. Mar a deirtear, "tír gan teanga, tír gan anam". Caithfimid ár dteanga, ár gcultúr agus gach rud eile a fheabhsú agus a chur chun cinn. Tá sé i gceist agam roinnt moltaí atá déanta ag Conradh na Gaeilge a léamh. Níl aon bhua ag baint le dul siar. Caithfimid dul amach agus obair a dhéanamh chun an teanga a chur chun cinn. Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le Seán Ó Cuirreáin as an obair iontach a rinne sé nuair a bhí sé mar Choimisinéir Teanga. Bhí obair mhaith á dhéanamh aige. Caithfidh mé mo bhuíochas a chur ar an taifead. Tá fear iontach eile, Rónán Ó Domhnaill, á moladh ag an Aire Stáit inniu. Tá CV iontach aige le TG4. Ní raibh a fhios agam go dtí go raibh mé ag éisteacht leis an díospóireacht thuas an staighre go dtagann sé ón gCeathrú Rua. Is bónas eile é gurb as Contae na Gaillimhe é. Níl aon bias agam ar chor ar bith.

Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil le Rónán Ó Domhnaill.

Caithfimid na haidhmeanna atá ag Conradh na Gaeilge, Julian de Spáinn agus gach duine eile a chur chun cinn. Caithfimid seirbhísí Stáit trí Ghaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta, gan cheist nó choinníoll, roimh dheireadh 2016. Caithfimid seirbhísí Stáit a chur ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeilge ar comhchaighdeán le seirbhísí trí Bhéarla. Sin ceart sibhialta, iad a bheith ar comhchaighdeán. Is í ár dteanga í agus tá ár gcultúr agus ár dteanga an-tábhachtach. Caithfear deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil don Aontas Eorpach. Beidh na toghcháin Eorpacha ar siúl go luath agus seo an t-am anois leis an cheist seo a chur ar ais ar an gclár. Caithfear an pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó Dheas agus sa Straitéis don Ghaeilge ó Thuaidh.

Ní bheidh muid in ann gach rud atá sa straitéis 20 bliain a dhéanamh, ach caithfimid cúig nó sé phointe a phiocadh amach agus iad a dhéanamh. Molaim don Aire Stáit é sin a dhéanamh. Caithfidh sé seo a dhéanamh ionas gur féidir linn na coinníollacha a chomhlíonadh in am. Caithfidh sé freisin, Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú i mbliana. Is é an tAire Stáit an fear is fearr le seo a dhéanamh. Tá an teanga go líofa aige, i bhfad níos líofa ná mar atá sí agamsa. Tá suim aige sa cheist seo agus tá a chroí san áit cheart. Táim cinnte go mbeidh sé in ann rud éigin a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur ar an gclár díreach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.