Seanad debates

Thursday, 20 February 2014

An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Tairiscint

 

1:40 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Luaigh sé cuid mhaith rudaí ó thaobh imeallú na teanga nuair a thug sé ráiteas agus é ag éirí as, ina measc "fórsaí níos láidre agus níos forleithne fós ann ar cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta". Bhí sé ag tagairt don Státseirbhís. Maidir leis an gcóras atá luaite ag an Aire Stáit inniu, dúirt sé nár chreid sé go raibh "aon seans ann go n-éireoidh leis an gcóras nua atá beartaithe méadú a chur ar líon na státseirbhíseach le Gaeilge". Dúirt sé gur cheap sé "nár tugadh don oifig riamh na hacmhainní riachtanacha lena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán". Mhínigh sé gur "buanchearta", seachas "lamháltais ná pribhléidí ... a thugtar le linn aimsir na flúirse", iad cearta teanga. Dúirt sé go raibh sé ag éirí as "ar bhonn prionsabail" mar nach raibh sé sásta "bheith páirteach sa chur i gcéill" a bhí ar bun maidir leis an teanga. Thagair sé don mhéid a bhí lé rá aige agus é ag seoladh ard-fheis Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2008, a leanas:


Tá sé tábhachtach nach ligfimis i ndearmad, áfach, nach fiú tráithnín féir aon straitéis mura gcuirtear i bhfeidhm í. Caithfidh aontú agus foilsiú na straitéise a bheith ina thús ar aistear nua seachas ina cheann scríbe.
Dúirt an coimisinéir ag an am gur "beart de réir briathra", in áit "focail mhilse", a bhí ag teastáil. Bhí sé ag gearán nach raibh "aon iniúchadh ná léirmheastóireacht neamhspleách á dhéanamh ar fheidhmiú na straitéise". Dúirt sé gur thug Seosamh Mac Donnacha "cáipéis mharbh" ar an straitéis. Chuir sé i gcuimhne dúinn go ndúirt Seosamh Mac Donnacha nár cheart dúinn a rá go bhfuil Roinn na Gaeltachta ann níos mó, ós rud é nach bhfuil againn "ach fo-rannóg ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta". Dúirt Seán Ó Cuirreáin "go bhfuil cuid mhór de phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a d’aontódh" leis an méid a bhí le rá ag Seosamh Mac Donnacha.

Dúirt Seán Ó Cuirreáin go gcreideann sé "gur gá go mbeadh an díospóireacht seo bunaithe ar an fhírinne, iomlán na fírinne agus an fhírinne amháin" agus "gur cheart i gcónaí tosú leis an staid réalaíoch". Dúirt sé ina ráiteas gur deacair dó "faraor, aon mhuinín ró-mhór a bheith agam as an chóras nua pleanála teanga atá beartaithe faoi Acht na Gaeltachta". Dúirt sé go raibh sé "go mór in amhras an gcreideann fiú na daoine sin a bhfuil cúram oifigiúil orthu i dtaca le feidhmiú na straitéise agus na pleanála teanga ina gcroí féin go bhfuil aon seans dáiríre ann go mbeidh rath nó dea-thoradh go cinnte ar na beartais seo". Luaigh sé Seán Mag Leannáin, iar-phríomhoifigeach sa Státseirbhís, a dúirt go bhfuil sé i gceist ag an Stát "to starve the Official Languages Act of the resources to implement it ... [and] let the whole thing wither on the vine", nó go bhfuil an Stát chun a ligean don teanga dul in éag de bharr faillí. Dúirt sé "go dtógfadh an córas nua [atá molta ó thaobh na Státseirbhíse de] thart ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin sa Roinn [Oideachais agus Scileanna] le líofacht i nGaeilge a dhúbailt ón 1.5% atá ann faoi láthair go dtí 3%".

Bhí Seán Ó Cuirreáin an-cháinteach i dtaobh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, atá freagrach as cur i bhfeidhm na straitéise. Dúirt sé nár daingníodh ach "26 scéim teanga nua [le] trí bliana [agus nach raibh] oiread agus post amháin i scéim teanga amháin sonraithe go cinnte mar phost a mbeadh cumas sa Ghaeilge riachtanach lena aghaidh". Thug sé le fios nach bhfuil Gaeilge ag deichniúr as an 16 oifigeach Gaeilge le cúram teanga atá fostaithe sna Ranna éagsúla. An bhfuil an tAire Stáit ag rá liom, sa chomhthéacs sin, nach raibh cáineadh á dhéanamh aige ar pholasaithe an Rialtais? Bhí cáineadh géar á dhéanamh aige. Is é sin an fáth a raibh 7,000 duine ar an mbóthar an lá faoi dheireadh. Úsáideadh an mana "dearg le fearg" ag an mórshiúil Dé Sathairn seo caite. Cinnte, bhíomar ann le bród dár dteanga, ach tá daoine dearg le fearg maidir le cur chuige an Rialtais i leith na Gaeilge. Chuir sé iontas orm ráitis an Tánaiste agus an Taoiseach i ndiaidh na hócáide a chloisteáil. Dúirt siad nár thuig siad céard a bhí ag cur as do phobal na Gaeilge agus go raibh fonn orthu bualadh leo ionas go bhfeicfidís céard atá ag cur as dóibh. Tá an Taoiseach i gceannas ar an gcoiste Rialtais atá freagrach as an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Tá sé ag admháil sna meáin náisiúnta nach dtuigeann sé céard atá ag cur as do phobal na Gaeilge. Léiríonn sé sin dom an easpa tuisceana atá ag leibhéal an Rialtais maidir leis na deacrachtaí atá againn.

Tá an tAire Stáit ag suí ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le dhá bhliain. Rinneadh próiseas athbhreithnithe agus iarradh aighneachtaí ón bpobal i dtaobh an Achta. Tá na haighneachtaí ag an Aire Stáit ina oifig le os cionn dhá bhliain. Cén fáth nach bhfuil siad foilsithe aige? Tá an ráiteas céanna - go bhfuil sé i gceist cinn an Bhille a dhéanfaidh leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú "go han-luath" - cloiste againn arís inniu. Tá sé sin á rá ag an Aire Stáit le sé mhí ar a laghad. Cén uair a fheicfidh muid cinn an Bhille sin? Ghearr an Rialtas seo maoiniú ó Fhoras na Gaeilge nuair a bhí an tAire ó Thuaidh sásta breis airgid a chur ar fáil. Tá an Rialtas faillíoch ó thaobh earcaíocht sa Státsheirbhís. Tá siad ag brú ar aghaidh le cónascadh nach bhfuil aon fháilte roimhe. Ní raibh a fhios ag aon Ombudsman faoi go dtí gur tháinig an Rialtas amach leis. Chuir an Rialtas deireadh le foilsiú comhuaineach na mBillí sna Tithe seo. Rinne an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta bagairt ar fhostaithe a bhí ag tabhairt amach maidir le polasaí Gaeilge na Roinne, cé nach raibh siad fostaithe ó thaobh na Gaeilge sa Roinn. Tá an Rialtas faillíoch go hiomlán ó thaobh daingniú na scéimeanna faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ní raibh na Ranna ag comhoibriú leis an gcoimisinéir a bhí ann go dtí seo.

Fáiltím roimh cheapachán Rónán Ó Domhnaill. Is fear den scoth é. Muna gcuireann baill an Rialtais cuma cinnte orthu féin maidir le cur i bhfeidhm na rudaí ar fad atá le cur i bhfeidhm acu, beidh sé i bhfad níos deacra ag Rónán Ó Domhnaill an jab a dhéanamh mar is ceart. Ní bheadh aon ghlacadh ag pobal na Gaeilge leis sin. Ní chuirfimid suas leis. Mar a dúirt mé cheana, ní chóir go mbeadh Seán Ó Cuirreáin ag éirí as mar Choimisinéir Teanga. Ba chóir go mbeadh an tAire Stáit ag éirí as mar go bhfuil sé faillíoch go hiomlán ó thaobh an cur chuige maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sa Stát seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.