Seanad debates

Thursday, 20 February 2014

An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Tairiscint

 

1:30 pm

Photo of Terry BrennanTerry Brennan (Fine Gael) | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit ar ais go dtí an Teach. Tá scéal beag le hinsint agam ar dtús. Cúpla seachtain ó shin, fuair mé ceachtanna Gaeilge ón Seanadóir Ó Clochartaigh, ó Harry McGee agus ón fear céanna sin, Rónán Ó Domhnaill. Trí seachtain i ndiaidh a chéile fuair mé ceacht a mhair uair a chloig nó mar sin. Tá an Ghaeilge ar fheabhas acu go léir agus táim féin ag déanamh iarrachta í a fhoghlaim. Bhí an triúr acu an-chabhrach domsa mar dhuine nach bhfuil an Ghaeilge chomh líofa aige agus atá sí acu.

Tuigim gur ón gCeathrú Rua, i gceartlár Ghaeltacht na Gaillimhe, é an tUasal Rónán Ó Domhnaill, ón áit chéanna ina gcónaíonn an Seanadóir Ó Clochartaigh. Bhí sé mar chomhfhreagraí polaitíochta le Nuacht RTE agus TG4 le beagnach seacht mbliana anuas. Tacaím go láidir leis an rún go gceapfaí mar choimisinéir é. Tuigim nach bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla gan locht agus go bhfuil deacrachtaí ann le hé a chur i bhfeidhm, go háirithe maidir le córas na scéímeanna teanga. Sin ráite, tuigtear dom go bhfuil athraithe chun feabhas a dhéanamh beartaithe mar thoradh ar an athbhreithniú atá déanta ar an Acht. Ní inniu ná inné a tháinig an fhadhb sa státchóras maidir le seirbhísí poiblí a sholáthar i nGaeilge chun tosaigh. Tuigim go bhfuil córas nua le bheith curtha i bhfeidhm sa Státseirbhís chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo de réir a chéile. Fáiltím roimhe sin.

Tacaím go láidir freisin leis an rún seo atá os comhair an tSeanaid inniu, go gceapfaí an tUasal Ó Domhnaill mar Choimisinéir Teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.