Seanad debates

Thursday, 20 February 2014

An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Tairiscint

 

1:20 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Aithním é mar dhuine a bhfuil an grá don Ghaeilge go smior ann. Níl aon amhras faoi sin. Fáiltím freisin roimh an gceapachán nua. Is cinnte gur duine cumasach é Rónán Ó Domhnaill. Tá na cáilíochtaí agus na buanna cearta aige. Beidh saol na Gaeilge agus muintir na Gaeilge ag faire amach, ní le cinntiú go bhfuil an obair seo ar siúl aige, ach le cinntiú go bhfaigheann sé an chabhair agus an comhoibriú go bhfuil géarghá leo chun an obair seo a chur i gcrích.

Tháinig 10,000 duine amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite. Bhí sé thar a bheith soiléir go raibh daoine buartha ní hamháin faoi stádas na Gaeilge ach freisin faoi thodhchaí na Gaeilge. Bhí éadóchas orthu go mórmhór toisc go bhfuil an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ag éirí as oifig. Ceapann muintir na Gaeltachta agus na daoine atá ag saothrú ar son na teanga gach lá go bhfuil dísbeagadh a dhéanamh orthu ó thaobh na Gaeilge.

Nuair a tháinig an tAcht comhionannas teanga i réim i dtosach, thug sé ardú croí dóibh siúd a bhí ag lorg a leithéid ar feadh na mblianta. Cuireadh an straitéis 20 bliain le chéile ina dhiaidh sin mar thacaíocht don reachtaíocht sin. Bhí na deacrachtaí móra a bhuail daoine nuair a rinne siad iarracht saol iomlán a bheith acu trí Ghaeilge - ní raibh seirbhís ar fáil ó na comhlachtaí poiblí, mar shampla - mar chúlra ar na tionscnaimh sin. Thug an sárobair a bhí á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta, TG4 agus na scoileanna lán-Ghaeilge dóchas dúinn, ach diaidh ar ndiaidh bhí sé soiléir nach raibh sé ar cumas daoine seirbhísí a fháil trí mheán na Gaeilge ón Státchóras nó na comhlachtaí poiblí.

Luaigh an Coimisinéir Teanga an cúis a bhí le sin nuair a dúirt sé gur chreid sé nach raibh an dea-thoil cheart don Ghaeilge ag daoine áirithe taobh istigh den Státchóras, cé gur chóir dóibh an reachtaíocht a bhí ann a chur i bhfeidhm. Níos measa fós, ní raibh na daoine ann chun an tseirbhís a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Tá áthas orm gur labhair an tAire Stáit faoi earcaíocht sa Státchóras. Is é sin bun agus barr an scéil, i ndáiríre. Tá an reachtaíocht ann, tá an straitéis ann agus, níos tábhachtaí fós, tá an dea-thoil ann i measc an phobail. Muna bhfuil daoine sa Státchóras le cumas Gaeilge cuí chun seirbhísí a chur ar fáil, is cuma cén pholasaí Stáit atá ann. Ní féidir an pholasaí sin a chur i gcrích muna bhfuil na daoine sin ar fáil.

Bhí an ráiteas a dhein an Seán Ó Cuirreáin an-oscailte. Ní duine conspóideach é. Tá áthas orm go raibh an tAire Stáit sásta inniu é a lua go dearfach. Is duine faoi leith é. Níor chothaigh sé aon chonspóid a bhí ann. D'oibrigh sé go breá ciúin agus príobháideach. Is minic a thagann na torthaí is fearr as obair den saghas sin. Is léir ón méid atá ráite aige go raibh sé soiléir ag an deireadh go raibh falla ann. Ní raibh sé in ann an falla sin a shárú. Sin mar a bhí. Fiú amháin sa ráiteas a d'eisigh sé, ní raibh sé pearsanta in aon slí sna rudaí a bhí á rá aige.

Tá dúshlán mór romhainn anois. Caithfimid an mhuinín a bhí ann i leith na Gaeilge a athmhúscailt. Níl mé ag caint faoi na heagrais Gaeilge amháin, nó fiú amháin faoi na daoine a úsáideann an Ghaeilge gach lá; tá mé ag caint faoi phobal na hÉireann atá taobh thiar den Ghaeilge. Tá muinín an phobail ag laghdú mar thairbhe ar an gconspóid seo. Beidh géarghá le rud práinneach a dhéanamh maidir le sin.

Ba mhaith liom an dara rud atá ag teastáil a lua. Ba cheart dúinn scrúdú a dhéanamh ar céard a bhí á rá ag na mílte duine a chuaigh amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite. Bhí a leithéid d'ócáidí ann sna 1960í agus na 1970i, ach d'imigh an ghluaiseacht sin diaidh ar ndiaidh. Táimid ar ais ag an bpointe sin arís.

Táimid tagtha thar n-ais go dtí an pointe céanna arís. Beidh mórshiúl i gConamara, beidh ceann i mBéal Feirste freisin agus tiocfaidh méadú ar seo. Creidim féin, más rud é go mbíonn aon rian de "party politics" ag baint le ceist na Gaeilge, nach gcabhraíonn sin leis an Ghaeilge. Chreid mé é seo i gcónaí agus chuir sé áthas chroí orm nuair a ritheadh an tAcht Teanga, a thug comhionnanas don Ghaeilge, agus An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge d'aonghuth san Oireachtas. Thug sin an-spreagadh domsa. Caithimid a bheith cinnte nach bhfuil díobháil á dhéanamh don dul chun cinn sin agus caithfidh an tAire Stáit, más féidir leis, na rudaí atá leagtha amach anseo, maidir le tabhairt faoi cheist an státchórais agus an cheist earcaíochta, a dhéanamh. Tá gach rud eile ann cheana féin. Ba mhaith liom an Roinn Oideachais agus Scileanna a lua. Ón méid atá feicthe agam, níor thug mé riamh faoi ndeara go raibh an Roinn seo cabhrach maidir leis an Ghaeilge nuair a bhí ar duine dul i gcomhairle leis. Caithfimid a fháil amach an bhfuil sin fíor nó nach bhfuil. Tá súil agam nach bhfuil, ach sin an dearcadh atá forleathan i measc an phobail.

Tacaím leis an moladh do cheapachán Rónán Ó Domhnaill. Tá stádas faoi leith aige ó thaobh na Gaeilge, tá cúlra Gaelach aige agus beidh aithne ag muintir na hÉireann air. Le cúnamh Dé, beidh gach rath ar an obair agus tá súil agam go mbeidh gach tacaíocht le fáil aige ón Stát.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.