Seanad debates
Wednesday, 10 July 2013
An Bille um an Dara Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Deireadh a Chur le Seanad Éireann) 2013: Céim an Choiste (Atógáil) - Thirty-second Amendment of the Constitution (Abolition of Seanad Éireann) Bill 2013: Committee Stage (Resumed)
10:25 pm
Brian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source
Go raibh maith agat, a Chathaoirligh, agus tá lúcháir orm deis a bheith agam labhairt ar an Bille seo. Is Bille conspóideach é seo agus is Bille é chun deireadh a chur le remit daonlathas sa tír seo a sheas linn ó 1922 nuair a bhain an tír seo amach neamhspleáchas mar phoblacht agus tar éis don neamhspleáchas sin a bhaint amach rinne an Rialtas cinneadh ag an am faoi stiúir an Aire Airgeadais ag an am a bhí ceann de na daoine is tábhachtaí sé sin Michael Collins, Micheál Ó Coileáin a bhí ról lárnach aige agus a bhí ag tabhairt tacaíochta iontach don teach seo ag an am agus níl fhios agam anois cén fáth má tá muintir Fhine Gael ag breathnú suas agus ag tabhairt ómóis do Mhicheál Ó Coileáin i gceann cúpla seachtaine cé fáth nach bhfuil siad ag aontú leis an bun prionsabal a leag sé amach agus sé sin go mbeadh dhá theach anseo san Oireachtas, An Seanad agus An Dáil.
Is cosúil go bhfuil an ceannaire ar Fhine Gael atá againn anois - an Taoiseach - breá sásta cumhacht a chur in áit an daonlathais. Baineann contúirt agus dainséar mór leis sin. Ba cheart dúinn smaoineamh ar na daoine clúiteacha a bhí sa Teach seo. Níl a fhios agam an bhfuil an tAire Stáit ag éisteacht.
No comments