Seanad debates

Wednesday, 10 July 2013

An Bille um an Dara Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Deireadh a Chur le Seanad Éireann) 2013: Céim an Choiste (Atógáil) - Thirty-second Amendment of the Constitution (Abolition of Seanad Éireann) Bill 2013: Committee Stage (Resumed)

 

10:25 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Fianna Fail) | Oireachtas source

Bhuel, tá mise tar éis rudaí a chur in iúl don Seanad maidir le fadhbanna atá sa Bhille seo agus tá mise ag caint anseo mar tá ceart daonlathúil agam a bheith ag caint faoin mBille seo agus a bheith ag caint faoi rudaí tábhachtacha a tharlaíonn agus ag rá leis an bpobal nach bhfuil an téarma sin ceart in Alt 1 agus sin an rud a bhí mise ag caint faoi sa díospóireacht seo go bhfuilimid ag caint anseo faoin lá a chuirfear deireadh le Seanad Éireann ach tá a lán rudaí eile a bheas á dhéanamh anseo. Beidh a lán rudaí eile. Beimid ag cur deireadh leis an reifreann sin beimid ag athrú an Oireachtais, beimid ag athrú an tslí gur féidir linn deireadh a chur le breithimh agus le breithimh áirithe gur féidir linn iad a thógáil ón mbinse agus tá a lán athraithe á dhéanamh agus ní cheart díriú ar an Seanad cé go bhfuil an Seanad an-thábhachtach ach ab cheart díriú ar gach rud atá ag tarlú sa Bhille seo. Sin atá mise ag rá anseo. Is dócha go mbeidh daoine eile le caint ach tá mé ag rá leis an gceannaire gan leanacht ar aghaidh leis seo anocht beidh sé an-mhícheart é sin a dhéanamh. Go raibh maith agat a Chathaoirligh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.