Seanad debates

Thursday, 4 July 2013

Adjournment Matters

Irish Language Issues

4:50 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá mé cinnte go n-aontódh an Seanadóir, ón gcúlra as a dtagann sé, go dtéann pleanáil teanga agus forbairt pobal le chéile. Sílim go bhfuil níos mó gníomhaíochtaí, níos mó oibre agus níos mó saothair ag dul ar aghaidh i mo Roinn, in Údarás na Gaeltachta agus i bhForas na Gaeilge maidir le cur chun cinn na straitéise ná mar a bhí le blianta fada. I gceantar an Seanadóra féin, sa gCeathrú Rua, tá an pleanáil teanga le feiceáil aige ansin nuair a bhíonn sé sa bhaile, mar shampla, an rud atá ag dul ar aghaidh san ionad tacaíochta teaghlaigh ansin, comharchumann Mhic Dara, a bhfuil breis agus €1 milliún curtha isteach ann. Tá sár obair á dhéanamh ansin agus is sampla é sin den rud atá i gceist le pleanáil teanga.

Nuair a bheidh an Seanadóir ar a bhealach isteach go Gaillimh agus nuair a bheidh sé in Indreabhán, is féidir leis dearcadh isteach ar chomharchumann Sailearna agus an ionad tacaíochta teaghlaigh atá ansin. Sin an phleanáil teanga ar an talamh agus sin an rud a mbeidh muid ag cur dlúis leis sna míonna amach romhainn, ní hamháin i gceantar an Seanadóra, ach ó thuaidh agus ó dheas chomh maith. Tá pleananna againn don Ghaeltacht i gCúige Mumhan agus don Ghaeltacht i mo cheantar féin i nGaoth Dobhair. Tá seo uilig ag dul ar aghaidh.

Ní aontaím ar chor ar bith leis an Seanadóir. Tuigim go gcaithfidh sé an rud a dúirt sé a rá. Tá sé de dhualgas air é a rá, ach caithfidh mise diúltiú chomh maith nach bfhuil duine ar bith ag tarraingt na gcos. Táimid ar sodar. Táimid ar chos in airde ag iarraidh na straitéise a chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.