Seanad debates

Thursday, 4 July 2013

Adjournment Matters

Irish Language Issues

4:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an deis labhairt faoin ábhar tábhachtach seo. Mar is eol don Seanadóir, síníodh Acht na Gaeltachta 2012 ina dhlí ar an 25 lúil 2012. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an Acht seo, os rud é go dtugtar aird i reachtaíocht don chéad uair ó 1956 ar an riachtanas atá le sainmhíniú nua a thabhairt don Ghaeltacht, a bheidh bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha le hais an tsainmhínithe a bhí bunaithe ar limistéir shonracha thíreolaíochta go dtí seo. Ina theannta sin, déantar foráil reachtúil faoin Acht do bhailte seirbhíse Gaeltachta, is iad sin bailte ina gcuirtear seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta. Déantar foráil reachtúil fosta faoin Acht do lionrai Gaeilge, is iad sin ceantair a bhfuil a bhformhór acu lonnaithe i bpobail uirbeacha agus a bhfuil cnap bunúsach criticiúil de thacaíocht phobail agus Stáit acu don Ghaeilge.

Leagtar síos bunús reachtúil faoin Acht don chóras pleanála teanga taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht agus tugtar ról lárnach maidir leis an phleanáil teanga d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge maidir le cúnamh a thabhairt don phobal sna ceantair eagsúla i ndáil le hullmhú agus le feidhmiú na bpleananna teanga ar an talamh. Ón uair gur síníodh Acht na Gaeltachta ina dhlí, ní miste a nótáil go raibh cruinnuithe ag mo Roinn agus ag Údarás na Gaeltachta le coistí pobail agus le comharchumainn ar fud na Gaeltachta chun iad a chur ar an eolas faoin phróiseas pleanála teanga faoin Acht. Ina theannta sin, bhunaigh mo Roinn agus Foras na Gaeilge fócasghrúpa le heagraíochtaí pobail i gceantair áirithe taobh amuigh den Ghaeltacht maidir leis an phróiseas pleanála teanga faoin Acht. Mar is eol don Seanadóir, tá reachtaíocht cheana isteach le déanamh chomh fada agus a bhaineann sé leis an próiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta agus tá roinnt céimeanna idir lámha chun na riachtanais reachtúla sin a chomhlíonadh.

Ar an chéad sul síos, shínigh mé an t-ordú um thosach feidhme faoi Acht na Gaeltachta ar an 16 Aibreán 2013. Is ar an lá sin a tháinig Acht na Gaeltachta 2012 i gníomh a mhéid agus nach raibh sé i ngníomh cheana féin. Tá ballchríoch á chur ag mo Roinn ar na rialacháin faoi Alt 12 d'Acht na Gaeltachta, faoina ndéantar na critéir pleanála teanga a fhorordú. Beidh na critéir seo riachtanach chun measúnú a dhéanamh amach anseo ar na pleananna teanga a ullmhaítear do na na limistéir pleanála teanga Gaeltachta, do na bailtí seirbhíse Gaeltachta agus do na líonraí Gaeilge. Tá mo Roinn ag obair chomh maith ar na fógraí faoi Alt 7(3) d'Acht na Gaeltachta, a dhéanfaidh sainiú ar na teorainn éagsúla a bheidh i gceist le 26 limistéir pleanála teanga Gaeltachta.

D'fhógraigh mé i mí Bealtaine go mbeadh 26 limistéir pleanála teanga Gaeilge faoi leith ann chun críche an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht. Bunaíodh a leithéid de dháileadh ar nstaid reatha an teanga sna limistéir éagsúla Gaeltachta agus d'eascair sin as plé a bhí ag Údarás na Gaeltachta leis na heagraíochtaí pobail atá maoinithe acu agus a bheidh freagrach as na pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir éagsúla. Tá Údarás na Gaeltachta ag leagan amach córas trédhearcach i gcomhréir le halt 7(6) d'Acht na Gaeltachta faoina roghnofar eagraíochtaí pobail chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta.

I ndeireadh báire, tá mo Roinn ag obair ar threoirlínte, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge, a leagfaidh síos próiseas trédhearcach d'ullmhú, d'fheidhmiú agus do mheasúnú na bpleananna teanga sna limistéir, sna bailte agus sna líonraí, rud a chabhróidh leis na heagraíochtaí pobail agus iad ag tabhairt faoin phróiseas pleanála teanga ar an talamh.

Mar thoradh ar na céimeanna seo atá idir lámha, níl aon amhras orm ach go mbeidh na pleananna teanga a ullmhófar agus a fheidhmeofar faoi Acht na Gaeltachta ag teacht leis an chur chuige is fearr ó thaobh na teangeolaíochta de. Ní miste a lua fosta go bhfuil saineolas Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge sa réimse pleanála teanga ar fáil do mo Roinn agus muid ag tabhairt faoin obair seo uile. Mar fhocal scoir, tá súil agam go mbeidh cuid mhaith den réamhobair thábhachtach seo déanta faoin fhómhar agus go mbeidh Údaras na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge réidh le tabhairt faoi chúnamh a thabhairt don phobal sna ceantair eagsúla i ndáil le hullmhú agus le feidhmiú na bpleananna teanga ar an talamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.