Seanad debates

Thursday, 4 July 2013

Adjournment Matters

Irish Language Issues

4:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit agus gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as ucht an deis seo a thabhairt dom an cheist seo a chur ar an Aire Stáit.

An t-am seo an bhliain seo caite, is dóigh go raibh muid ag coraíocht le chéile maidir le Bille na Gaeltachta mar ní raibh muid ar aon intinn faoi na forálacha agus mar sin de. Ach ar an 25 Iúil 2012, shínigh Uachtarán na hÉireann Bille na Gaeltachta agus tháinig sé i bhfeidhm. Mar chuid den Bhille sin, bhí sé i gceist: go n-ainmneofaí limistéir pleanála teanga Gaeltachta; go gcuirfí i bhfeidhm bailte seirbhíse Gaeltachta, na bailte sin atá cóngarach do na ceantair Gaeltachta, a bhfuil cuid mhaith de phobal na Gaeltachta ag tarraingt orthu agus a bhfuil aeráid fé leith iontu ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta; na líonraí Gaeilge, is iad sin na pobail Gaeilge taobh amuigh de na ceantair Gaeltachta ina bhfuil pobal measartha de dhaoine a labhraíonn Gaeilge agus a úsáideann Gaeilge ó lá go lá agus gur í an Ghaeilge an teanga oibre gur mian leo a úsáid, a chothú; agus na critéir pleanála teanga maidir leis an dul chun cinn atá le déanamh taobh istigh de na ceantair Gaeltachta ó thaobh pleanáil teanga a chur chun cinn i gcomhthéacs an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Táimid bliain chun cinn agus is léir ón mBille go mbeadh roinnt ionstram reachtúla nó forordaithe le tabhairt isteach ag an Aire le go dtiocfadh an ceithre rud atá luaite agam, ar a laghad, i bhfeidhm. Tá sé fógraithe ag an Aire Stáit in áiteanna eile, ó thaobh bord Údarás na Gaeltachta de, go bhfuil sé i gceist 26 limistéir pleanála teanga a ainmniú sa Ghaeltacht, ach nuair a déanaim scrúdú ar an glár atá ag an Príomh-Aturnae Stáit, ní fheicim ach dhá ionstraim reachtúla feidhmithe go dtí seo. Baineann an péire sin leis an fheidhm a thabhairt don Aire Stáit cúrsaí gnóthaí Gaeltachta a dhéanamh thar ceann an Aire.

Baineann an cheist atá agam anocht leis an obair atá déanta ó thaobh na Roinne de, go háirithe sa gcomhthéacs go bhfuil sé ráite sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta i 2007 nach bhfuil ach 20 bliain ag an Ghaeilge le maireachtáil muna gcuirtear plean cuimsitheach i bhfeidhm - sin sé bliana ó shin; mar sin níl fágtha ach 14 bliana. Tá straitéis 20 bliain don teanga againn agus tá bliain caite ó tháinig Acht na Gaeltachta i bhfeidhm. Cén dul chun cinn atá déanta ag an Roinn maidir leis na h-ionstraim reachtúla seo a thabhairt chun cinn? Cén uair an bhfeicfidh muid na h-ionstraim reachtúla seo ós comhair na Tithe agus cén uair an dtosnófar i ndáiríre ar an obair atá riachtanach má tá muid leis na moltaí ar fad atá sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta agus sa straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm ar an talamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.