Seanad debates

Thursday, 14 March 2013

An Straitéis 20 Bliain don Gaeilge 2010-30: Statements

 

12:50 pm

Photo of Jim D'ArcyJim D'Arcy (Fine Gael) | Oireachtas source

Tá fáilte roimh an Aire Stáit ar ais chuig an Teach seo. Tá an tAire Stáit ag déanamh sár-jab ar son na Gaeilge agus mar a dúirt sé, tá dul chun cinn suntasach déanta maidir leis an nGaeilge ón am seo anuraidh.

Bhí mé ag éisteacht leis an Seanadóir Ó Clochartaigh, fear stuama agus fear mór ar son na Gaeilge, ach bíonn sé ag síor-cheol an phoirt chéanna an t-am ar fad, port na linne duibhe, agus níl sa phort sin ach gearán, gearán, gearán. Is mór an trua é sin mar tá a lán ann gur féidir leis an Seanadóir a dhéanamh don Ghaeilge.

Dúirt an tAire Stáit ina ráiteas gur cheart dúinn na heagrais Ghaeilge a mholadh, eagrais ar nós Chonradh na Gaeilge. Labhair an Seanadóir Labhrás Ó Murchú agus is laoch é féin ar son na Gaeilge, cé go bhfuil sé sa pháirtí mhícheart, ach is cuma faoi sin an lá seo. Chaith mé lá leis agus leis na boic mhóra i gComhaltas Ceoltóirí Éireann ag dul thart ar Dhroichead Átha, nuair a chuir an baile isteach chun Fleadh Cheoil na hÉireann a reáchtáil don bhliain seo chugainn. Ní bhfuair muid é ach tá súil agam go bhfaighimid é in 2015. Tá daoine mar sin ag déanamh obair iontach ar son na Gaeilge. Is ceart dúinn cuimhneamh air sin agus iad a mholadh an tseachtain seo.

Deir an tAire Stáit gur siombal tábhachtach dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge. Is maith is cuimhin liom blianta ó shin, nuair a bhí mé in St. Peter?s Square don Urbi et Orbi Domhnach na Cásca. Bhí 2,000,000 duine ann agus bhí scaifte liom agus ní riabh muid in ann dul fríd an slua bhí sé chomh plódaithe sin. Bhí muid ag rá ?excuse me? agus mar sin as Béarla. Tháinig mé suas le seift agus thosaigh mé féin ag béicigh i nGaeilge, agus bhí an slua cosúil leis an Red Sea, d?imigh sé ar an dá thaobh, agus chuaigh muid fríd an scata go dtí an Vatacáin féin agus thug na Bráithre Críostaí cead dúinn dul ar an mbalcóin ansin agus éisteacht le ráiteas an Phápa. Ina dhiaidh sin, chuaigh muid isteach sa Vatacáin agus d?ól muid tae leis an Swiss Guard. Sin í an chumhacht atá ag an nGaeilge.

Nuair atáimid ag moladh na hoibre atá á dhéanamh ag daoine áirithe ar son na Gaeilge, caithfimid smaoineamh ar na huiséirí istigh anseo. We have to pay tribute to the ushers in Leinster House who give tours. Tá mé ag caint faoi na daoine a sholáthraíonn turais trí Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.