Seanad debates

Thursday, 14 March 2013

An Straitéis 20 Bliain don Gaeilge 2010-30: Statements

 

12:50 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Sílim gur cheart beagáinín solúbthachta a thabhairt dom ar an gceist seo.

Is gá "normalú" na teanga chun úsáid na Gaeilge a leathnú. Baineann tábhacht ar leith le scoileanna toisc an tionchar a bhíonn acu ar fheasacht na teanga agus ar iompraíocht teanga. Tá an Rialtas tar éis gearradh siar ar mhúinteoirí sna Gaeltachtaí agus deireadh a chur leis an tacaíocht a bhí ann do mhúinteoirí a mhúineann trí mheán na Gaeilge.

Dearcaidh dhiúltacha i leith úsáid na Gaeilge a athrú ar ais sa réimse oideachais. Tá fadhb an-mhór, is léir, ón méid atá ráite ag an gCoimisinéir Teanga maidir leis an nGaeilge sa Státchóras - tá ag teip go hiomlán ar an gcóras atá ann maidir le daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge sa Státseirbhís. Cén plean atá ag an Rialtas níos mó Gaeilge a mhealladh ó thaobh na Státseirbhíse de?

De réir leis an straitéis, leanfaidh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, i gcomhair leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, ag cur le forbairt chóras na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeilge. Is ag gearradh siar atá an Roinn Oideachais agus Scileanna. Ghearr an Roinn an deontas do na coláistí samhraidh agus tá sí ag gearradh siar ar na deontais do na mic léinn a théann ina n-ábhar oide. Cén chaoi is féidir leis an Aire Stáit a rá go bhfuil an Rialtas ag seasamh leis an straitéis?

Maidir le COGG, is léir go raibh ról sainiúil le bheith aige ó thaobh cur i bhfeidhm na straitéise agus go bhfuil an Rialtas ag tarraingt siar uaidh sin. Cad is féidir leis an Aire Stáit a rá faoi sin?

Ó thaobh oideachas, seirbhísí comhairle agus tacaíochta sa straitéis, maidir le leanaí arb í an Ghaeilge a gcéad teanga agus/nó leanaí atá ag freastal ar scoileanna a bhfuil an Gaeilge mar mheán iontu, tabharfar breis tacaíochta dóibh sin. Ní léir dom go bhfuil sin ag tarlú. Déanfar athbhreithniú ar an scéim scoláireachtaí Gaeltachta a fheidhmíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna. Rinneadh athbhreithniú air agus gearradh go hiomlán é. De réir na straitéise, déanfar beart láithreach le dlús a chur le forbairt an ionaid acmhainní oideachais Ghaeilge i mBaile an Bhuirne agus ní léir go bhfuil plean ag an Rialtas leis sin.

Leanann an straitéis ar aghaidh a rá go ndéanfar forbairt ar aonad sealbhaithe teanga ag an mbunleibhéal i ngach ceann de na trí phríomh-réigiún Gaeltachta. Cá bhfuil sin? Déanfar soláthar freisin do dhianchúrsaí samhraidh/tráthnóna do dhaltaí iarbhunscoile sa Ghaeltacht.

Leanann sé ar aghaidh agus leanann sé ar aghaidh. Ó thaobh pleanála teanga agus an dualgas breise faoi scáth Údarás na Gaeltachta, an bhféadfadh leis an Aire Stáit soiléiriú dúinn ón 19 ceantar cé mhéid acu an bhfuil sé i gceist acu dul ar aghaidh leis láithreach ó thaobh na bpleananna teanga a fhorbairt iontu? Dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ag Tóstal na Gaeilge gur trí cheantar atá roghnaithe. Má tá an oiread deifre agus brú ann anois an Ghaeilge a tharrtháil, cén fáth nach bhfuil an Rialtas ag tabhairt faoin 19 ceantar? Cá bhfuil na hacmhainní sin a dhéanamh?

Ba bhreá liom bheith in ann seasamh anseo agus moladh a thabhairt don Aire Stáit ach ní féidir sin a dhéanamh. Ní léir dom go bhfuil an Rialtas ag tarraingt le chéile ó thaobh na Gaeilge agus ní léir go bhfuil an tAire sinsearach sa Roinn féin ag tacú linn ó thaobh na Gaeilge agus níl sin maith go leor. Raiméis 20 bliain na Gaeilge atá ag an Rialtas seo, seachas straitéis agus ba cheart dó athscríobh a dhéanamh a inseoidh dúinn go díreach cad iad na píosaí as an straitéis faoina bhfuil an Rialtas i ndáiríre le cur i bhfeidhm agus cad iad nach bhfuil. Cén uair atá an Rialtas leis na moltaí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú go mbeidh plé ann fúthu?

Tá míle ceist faoi seo. Tiocfaimid ar ais chuig an ábhar seo agus cuirfidh mé chuig an Aire Stáit i scríbhinn na ceisteanna eile atá le hardú mar ní léir go bhfuil an Rialtas ag cur na straitéise i bhfeidhm agus is mór an náire dóibh é i ndáiríre píre. Tá neart raiméise agus baothchainte ach, faraor, ní dhéanann an Rialtas beart de réir a bhriathar atá sa straitéis féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.