Seanad debates

Thursday, 14 March 2013

An Straitéis 20 Bliain don Gaeilge 2010-30: Statements

 

12:30 pm

Photo of Terry BrennanTerry Brennan (Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, atá ar ais sa Seanad inniu le haghaidh Seachtain na Gaeilge. Ní bhfuair mé onóracha nuair a bhí mé ar scoil. Tá mé an-bhródúil gur thug an máistir a bhí agam sa scoil náisiúnta mo theanga féin dom. Tá mo chuid Gaeilge ina codladh faoi láthair ach tá mé ag iarraidh í a chleachtadh ionas go dtiocfaidh sí ar ais. Ag deireadh an lae, is rogha an phobail é an Ghaeilge a labhairt nó gan í a labhairt. Cuideoidh an Stát ar gach bealach ar féidir leis cur le heolas an phobail ar an nGaeilge, deiseanna a chruthú an Ghaeilge a úsáid agus dearcthaí dearfacha i leith úsáid na Gaeilge a chothú, mar atá ráite sa straitéis 20 bliain. Ní féidir leis an Stát gach uile rud a dhéanamh, áfach.

Má dhéanann pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta rogha laethúil an Ghaeilge a labhairt, déanfaidh sé sin difríocht mhór. Má oibríonn muid go léir le chéile sa treo seo, is féidir linn an fhios a bheith againn go mbeidh an Ghaeilge in úsáid go forleathan sa tír seo. Tá seanfhocal a chuala muid go léir fadó, "Ní neart, go cur le chéile." Is é mo thuairim go bhfuil muid ábalta níos mó a dhéanamh le chéile chun ár dteanga fhéin a chur chun cinn. Mar shampla, caithfidh tuismitheoirí cabhrú le leanaí agus iad ag déanamh a gceachtanna. Is féidir leo na leabhair Gaeilge a léamh leo agus iad ag déanamh a gceachtanna. Bheadh sin an-tábhachtach ar fad do leanaí atá ag freastal ar scoileanna náisiúnta. Iarraim ar thuismitheoirí ar fud na tíre cabhair mar seo a thabhairt do leanaí óga anois agus arís. Cothóidh sé sin an-suim i bpáistí óga ina dteanga dhúchais.

Maidir le múinteoirí sna scoileanna náisiúnta, iarraim orthu spraoi a chothú le na páistí óga agus iad ag múineadh na Gaeilge. They should make it fun to learn Irish. Ba cheart go mbeadh an-spórt ag na páistí agus iad ag labhairt Gaeilge. Déanfadh sin difríocht mhór agus tabarfadh sé dearcadh níos fearr do na páistí i leith na Gaeilge. Maidir le réaltaí spóirt, ba mhaith liom comhghairdeachas a thabhairt do roinnt réaltaí spóirt, mar shampla an dornálaí iontach Bernard Dunne atá ag déanamh a fiche dhícheall a theanga fhéin a chur chun cinn ar fud na tíre. Tá iarracht maith á dhéanamh ag peileadóir rugbaí idirnáisiúnta, Luke Fitzgerald. Chonaiceamar sa pháipéar é cúpla lá ó shin agus tá Gaeilge líofa aige. Duine eile ná Seán Óg Ó hAilpín agus tá neart daoine eile atá páirteach i gcúrsaí spóirt ag déanamh a ndícheall. Tá daoine spóirtiúil eile atá an Ghaeilge go flúirseach acu agus iad bródúil í a úsáid chomh minic agus is féidir, agus tá daoine nach bhuil ach cúpla focal acu sásta an rud céanna a dhéanamh.

Maidir leis na Seanadóirí sa Teach seo, tá Gaeilge an-mhaith ag an chuid is mó díobh. Nílimid ar fad chomh maith ag labhairt na Gaeilge le mo chara an Seanadóir Ó Clochartaigh, a thug cabhair dom réitiú don díospóireacht seo, ná leis an Seanadóir Ó Murchú. Is é mo thuairim go bhfuil oibleagáid orainn go léir cúpla focal a labhairt chomh minic agus is féidir linn sa Seanad agus a bheith bródúil as an Ghaeilge. Inné, sa Teach seo, bhí mé ag caint le buachaillí agus cailíní ó scoil náisiúnta Choillte Maghach i gContae Mhuigheo. Thosaigh buachaill amháin ag caint liom mar chonaic sé m'fháinne ór. Ba chóir go mbeadh siombail á caitheamh ag gach éinne ag a bhfuil Gaeilge acu, fiú muna bhfuil ach cúpla focal acu. Nuair a fheicim an fáinne agus nuair a bhfeiceann daoine eile an fáinne, labhraíonn muid cúpla focal Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.