Seanad debates

Thursday, 14 March 2013

An Straitéis 20 Bliain don Gaeilge 2010-30: Statements

 

12:20 pm

Photo of Sean BarrettSean Barrett (Independent) | Oireachtas source

Tá fáilte roimh an Aire Stáit. Molaim na Seanadóirí Ó Murchú, Noone agus Moran, agus molaim an Seanadóir Ó Clochartaigh go háirithe, as an Ghaeilge líofa atá aige.

Mhol an tAire Stáit Máirtín Ó Cadhain agus tá an traidisiún sin ann go fóill le Cathal Ó hÁinle, Eoghan Mac Cárthaigh agus Máire Ní Bháin. Bhunaigh Henry Flood, ball Pharlaimint Grattan an traidisiún sin. Chuir sé airgead isteach i roinn na Gaeilge sa choláiste ansin agus tá an t-airgead ag teacht isteach go fóill 200 bliain ina dhiaidh sin.

Bhí imní orm faoi alt amháin i scríbhinn an Aire Stáit inar dhúirt sé go raibh 77% den bhuiséad á chaitheamh ar chostais riaracháin, agus gan ach 23% dírithe ar sheirbhísí do phobal na Gaeilge.

Aontaím leis an Aire Stáit gur cheart an figiúr de 77% a laghdú. Tabharfaidh mé cabhair dó é sin a dhéanamh. Tá an figiúr sin ró-ard.

Ba mhaith liom a rá i dtosach báire, agus muid ag caint faoin straitéis 20 bliain, nach dtaitníonn an focal "straitéis" liom. Níl aon chiall ag baint leis. Níl ann ach leithscéal le haghaidh cur amú ama. Is dócha gurb é aidhm na straitéise ná an teanga a chaomhnú, ach is baolach go bhfuil mo mhuinín san ábhar seo ag laghdú ó thosnaíomar ag déileáil leis. Tá brón orm a dhearbhú arís gur droch-chinneadh a bhí ann deireadh a chur le toghadh na n-ionadaithe Gaeltachta chuig bhord an údaráis. Go simplí, tá meas agus cearta vótála tuillte ag an mionlach sin, de réir ghnáthchearta an duine, agus ní chóir iad a bhaint uathu. Ní raibh níos mó ná cúpla líne faoi Údarás na Gaeltachta in óráid an Aire Stáit.

Is í an Ghaeltacht an mhór-áit bunúsach in bhforbraíonn an teanga go nádúrtha, faoi mar a dhéanann a leithéid de Wayne Rooney nó Roddy Doyle leis an mBéarla. Is í an Ghaeltacht an áit ina bhfaightear teanga dúchasach an lae inniu. Foghlaimíonn daltaí an Ghaeilge ó leabhair, ach níl aon mhaitheas leis an teanga muna éalaíonn siad os na leabhair anois is arís. I mo bharúil, tá an Ghaeltacht chomh mór le rá san obair seo mar go bhfuil an Ghaeilge á labhairt ann. Tá sé riachtanach go bhfuil áit ar fáil inar féidir le scoláirí an teanga a labhairt agus a chleachtadh. Is í an Ghaeltacht an áit beoga seo. Tá mé buartha go bhfuil meath ag teacht ar an nGaeltacht de bharr an rogha a rinneadh maidir le Údarás na Gaeltachta. Nuair a chuaigh mé go dtí Loch an
Iúir agus Rann na Feirste, a thagair an Seanadóir Ó Móráin, chuaigh siad i bhfeidhm go mór orm. D'éist mé leis an nGaeilge agus labhair mé an teanga freisin.

Barainneacht bréagach a bhí ann nuair a rinne an Rialtas an cinneadh seo - toghcháin Údarás na Gaeltachta a chur ar ceal - agus é bunaithe ar coigilt airgid. Bhí seans againn na toghcháin Gaeltachta a eagrú in éineacht leis na toghcháin áitiúla, Eorpacha nó uachtaránacha, nó fiú le reifreann. Ní raibh deis ag muintir na Gaeltachta an polasaí i dtaobh 40% iarrthóirí baineann a chuir i bhfeidhm. It would have been superb if a Gaeltacht election had taken place with 40% of the candidates being women. A major oppotunity was missed when we abandoned the Gaeltacht election. It was a blow for women and a blow for an teanga. An bhfuil polasaí amháin i bhfeidhm do formhór na tíre agus polasaí eile i bhfeidhm don Ghaeltacht? Bhí reachtaíocht na bliana seo caite soiniciúil agus neamh-dáiríre. Rinne se lobhair as muintir na Gaeltachta, go háirithe mná na Gaeltachta. Chun an fhírinne a rá, d'fhulaing mé easpa muiníne i ndiaidh na reachtaíochta sin. D'iarr Seanadóirí orm cén fáth nach raibh mé ag caint na Gaeilge chomh minic.

Ábhar éadóchas a bhí ann dom nuair a chur an Rialtas na toghcháin ar ceal. Is dóigh liom gur dearmad mór a bhí ann. Ba léir nach raibh éinne ag éisteacht linn. Ní raibh an Státseirbhís nó an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag éisteacht linn. Bhí an Gailearaí folamh. An bhfuil a fhios ag an móramh faoin damáiste atá déanta anseo? Ní mise amháin atá tar éis teacht ar an tuairim seo. De réir The Irish Timesi rith na seachtaine, dúirt an Coimisinéir Teanga ina dtuarascáil bhliantúil nár "sárbhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl". Ba cheart go mbeadh an tír seo ag lorg daonlathaigh seachas postacháin nó placemen. Bhí bearna ann idir deireadh an t-údarás daonlathach i mí Meán Fómhair agus tosach an replacement údarás i mí na Samhna nuair nach raibh priority á thabhairt ag an Aire Stáit nó an Rialtas don Ghaeltacht. Is fearr liom daoine a toghadh i dtoghcháin ná postacháin. Rinneadh dearmad mór sa chás seo.

Tá sé riachtanach go mbeadh seans ag muintir na Gaeltachta páirt a ghlacadh i saol daonlathach na tíre seo agus an teanga a choimeád beo. Ba cheart go mbeadh deis ag daoine dul go dtí an Ghaeltacht chun an teanga a fhoghlaim. Tabharfaidh sé sin seans don teanga forbairt go nadúrtha, ionas nach mbeimid chomh gafa le Gaeilge na leabhair as seo amach. Is fiú an teanga a chaomhnú, ar ndóigh. Is léir nach bhfuil an córas seo ag obair. Níor thug an Rialtas cothrom na féinne do mhuintir na Gaeltachta. Go mormhór, níor thug an Rialtas cothrom na féinne do mhná na Gaeltachta. Is mór an trua é sin. Gabhaim buíochas arís leis an Aire Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.