Seanad debates

Thursday, 14 March 2013

An Straitéis 20 Bliain don Gaeilge 2010-30: Statements

 

11:50 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá fáilte roimh an Aire Stáit. Molaim go hard é de bharr a shaothair féin ag saothrú chultúr na Gaeilge. Níl aon amhras ná go bhfuil a chroí san áit cheart agus tá a theanga san áit cheart freisin, i lár an aonaigh. Is maith an rud go bhfuil Aire Stáit againn leis an Ghaeilge ar a thoil aige agus ní gá ach féachaint ar "Primetime" cúpla oíche ó shin - bhí an t-ádh linn go raibh an tAire Stáit ar fáil chun an Ghaeilge a chosaint an oíche sin.

Tá an ceart ag an Aire Stáit. Tá sé tráthúil an straitéis a phlé agus Seachtain na Gaeilge a ceiliúradh againn mar tá sé cruthaithe ag Seachtain na Gaeilge le blianta anuas nuair a dhírítear ar an Ghaeilge go poiblí, tá daoine ann a bhfuil sé ag teastáil uathu bheith páirteach sa ghníomh sin. Tréaslaím leis na heagrais atá i mbun na hoibre sin mar tá an obair ag tarlú i measc an phobail agus tá sin thar a bheith tábhachtach.

Le blianta anuas tá dea-thoil ann don Ghaeilge. Má amharcaimid siar ar na 1950í agus 1960í, bhí an díospóireacht ag an am ní amháin diúltach ach nimhneach chomh maith. Bhí dúshlán ann don Ghaeilge ag an am le dreamanna ar nós LFM ach sheas daoine an fód nuair a bhí na díospóireachtaí sin ar siúl.

Sin cuid de stair na teanga anois, nuair a bhí daoine diúltach faoin Ghaeilge. Cuid den díospóireacht, ní raibh sí ró-chiallmhar nuair a smaoinímid uirthi. Bhí daoine ag cur ceiste cén mhaith an Ghaeilge agus imirce i ndán do dhaoine. Ní hionann an dá rud ar chor ar bith. Seasann an Ghaeilge ann í féin. Is rud luachmhar í an Ghaeilge mar tá traidisiúin agus stair agus gach uile rud ceangailte léi. Anois, aithníonn daoine é sin, níl an díospóireacht dhiúltach ann a thuilleadh.

Anois, tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge atá acu, beag nó mór, a úsáid. Chun sin a dhéanamh, ní cóir féachaint ar an Ghaeilge mar ábhar scoile amháin. Caithfimid smaoineamh ar an timpeallacht lasmuigh agus ceann de na ceisteanna a thagann chun tosaigh go minic ná conas is féidir le daoine freastal ar scoil go ceann 14 de bhlianta agus gan mhuinín acu an Ghaeilge a labhairt tar éis sin. Bhí mé ag caint ag ócáid aréir a bhain leis an Ghaeilge ag dream a thagann le chéile chun Gaeilge a labhairt, agus luaigh mé na daoine a deir nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Dá mbeadh an méid chéanna Fraincise acu, bheinn lán-chinnte go ndéarfaidís go bhfuil siad líofa sa teanga sin.

Caithfimid díriú isteach air sin - tá Gaeilge ag daoine a d'fhreastal ar scoil. Molaim an Seanadóir Brennan ansin mar le blianta fada anuas anois, tá an bheirt againn ag cleachtadh na Gaeilge agus tugann sé dea-shampla nach gá líofacht ná Gaeilge acadúil a bheith ag duine, ach an méid atá ag duine a úsáid go ginearálta.

Sa Teach seo, bíonn na huiséirí lán-sásta i gcónaí Gaeilge a labhairt. Nuair a thosaíonn duine ag labhairt leo as Gaeilge, tá sé nadúrtha leanúint ar aghaidh leis sin. Tugaim i gcónaí "the breaking of the sound barrier" air sin mar sin atá i gceist. Uaireanta bíonn daoine cúthaileach agus neirbhíseach tosnú ach nuair a thosaíonn duine amháin, tagann an rithim isteach.

Tá súil agam nach fada uainn an lá nuair nach mbeimid ag caint faoin Ghaeilge ar chor ar bith ach go mbeimid ag caint faoi an-chuid ábhar i nGaeilge. Tarlaíonn sin sa Teach seo, déanamh an Seanadóir Ó Clochartaigh é sin beagnach gach maidin. Tosaíonn sé leis an Ghaeilge maidir le gach ábhar atá á phlé. Dúirt mé an rud céanna leis an ghrúpa a luaigh mé. Nuair a thagann siad le chéile gach mí, níl an Ghaeilge á plé acu, bíonn aoi-chainteoir acu ar ábhair éagsúla, agus cuid acu iontach ard-nósach, ach tá siad á bplé tríd an Ghaeilge. Caithfimid díriú ar úsáid na Gaeilge go nadúrtha.

Bíonn díomá orm nach bhfuil níos mó Gaeilge ar RTÉ. Tá sár-obair á déanamh ag TG4, atá tar éis spreagadh mór a thabhairt don Ghaeilge, agus ag Raidió na Gaeltachta, ach ní hionann sin agus a rá go mbeadh ghettoisation a dhéanamh leis an Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge le cloisteáil.

Le déanaí, chuala mé cúpla abairt as Gaeilge ag deireadh na nuachta Béarla. Tá sé sin á dhéanamh i rith Seachtain na Gaeilge. Is sampla é sin den Ghaeilge ag teacht amach. Is cuimhin liom go mór nuair a tháing an Pápa chun na tíre seo. Nuair a labhair sé cúpla focal as Gaeilge, fuair sé bualadh bos ó na mílte duine a bhí i láthair. Tharla sé sin mar go bhfuil mórtas cine go smior i ngach duine. Níl aon amhras faoi. Bíonn áthas ar dhaoine nuair is léir dóibh go bhfuil ómós á thabhairt don Ghaeilge, go mórmhór nuair a thagann an t-ómós sin as daoine lasmuigh d'Éirinn.

Ba mhaith liom rud amháin a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn san Oireachtas. Tá súil agam nach mbeidh aon easaontas riamh eadrainn. Tá géarghá le aontas maidir leis an nGaeilge anseo. Ní cheart dúinn cnámh spairne polaitiúil a dhéanamh as an teanga. Caithfimid a rá go bhfuilimid go léir ar son na Gaeilge. Má táimid i bhfábhar na Gaeilge, caithfimid cabhrú le chéile. Bhí sé tábhachtach gur chuireamar an straitéis 20 bliain chun cinn d'aon ghuth. Bhíomar go léir sásta a rá go raibh géarghá le straitéis. Ní leor rialacha agus coinníollacha, i mo thuairim. Muna bhfuil dearcadh dearfach - positive attitude - ag an duine i dtaobh na Gaeilge, is cuma faoi reachtaíocht mar ní dhéanfar aon dul chun cinn.

Baineann sé seo leis an méid atá ag tarlú sa Státseirbhís. Tá sé de dhualgas ar 600 comhlacht poiblí seirbhís dhátheangach a sholáthar. Ní maith liom féachaint ar mar dhualgas, áfach. Ba cheart go mbeadh na comhlachtaí sásta é a dhéanamh go dearfach. Muna dtarlaíonn sé sin, tabharfaidh na daoine gur mhian leo a gcuid gnó a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge faoi ndeara go bhfuil leisce ar Státseirbhísigh an tseirbhís sin a sholáthar. Tá an-chuid Státseirbhísigh maithe ann. Déanaim formhór mo chuid gnó leo trí mheán na Gaeilge. Mar shampla, déanaim mo chuid gnó leis na Coimisinéirí Ioncaim trí Ghaeilge. Uaireanta bíonn sé deacair na foirmeacha a thuiscint, ach is féidir é a dhéanamh.

Ba cheart dúinn a chinntiú go bhfuil na hoibrithe sna Rannaí Stáit in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Is ionann é sin agus a rá go gcaithfidh an Ghaeilge a bheith ar a dtoil acu. Muna bhfuil, ba chóir go mbeadh traenáil ar fáil dóibh. Cloisim go bhfuil sé i gceist traenáil a chur ar fáil do na gardaí. Aon uair a dhein mé iarracht gnó a dhéanamh leis na gardaí i nGaeilge, bhíodar sásta é a dhéanamh. Is ceart a rá nach raibh sé i gceist acu mé a chur i bpriosún nó aon rud mar sin. Nuair a stopann na gardaí mé ar an mbóthar, labhraím an Ghaeilge leo go minic agus bíonn siad lán-sásta í a labhairt liom. Tá súil agam go ndíreoidh an Rialtas isteach ar an Státseirbhís.

Tá an córas oideachais mar bhunchloch eolas na Gaeilge. Tá sé tábhachtach go bhfuil tuiscint agus struchtúr críochnúil ann maidir leis an nGaeilge ar gach leibhéil. Ba mhaith liom go mbeadh labhairt na Gaeilge chun tosaigh ar an mbunleibhéal. Tá léamh na Gaeilge agus scríobh na Gaeilge thar a bheith tábhachtach freisin. Tá súil agam go mbeidh béim curtha ar na rudaí atá luaite sa straitéis maidir le cúrsaí oideachais. Tá laige de shaghas ag múinteoirí bunscoile maidir le húsáid agus tuiscint na Gaeilge. Níl sé ar a gcumas ag cuid acu obair a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá an fhadhb sin ag fás diaidh ar ndiaidh.

Tá súil agam go n-éireoidh go maith leis an straitéis. Tá súil agam go dtiocfaidh tuarascálacha ar ais ag léiriú cén dul chun cinn atá á dhéanamh, go mórmhór ag na comhlachtaí poiblí agus an Státseirbhís. Is seachtain í seo chun an Ghaeilge a chéiliúradh. Tá súil agam go n-úsáidfidh an pobal an Ghaeilge ar Lá Fhéile Pádraig. Cé go bhfuil tábhacht ag baint le rialacha, coinníollacha agus reachtaíocht, ní dhéanfaimid go leor dul chun cinn muna dhéanann daoine iarracht an Ghaeilge a labhairt.

Tá an focal "grá" thar a bheith tábhachtach. Thóg mé faoi ndeara gur úsáideadh an focal "grá" i litir a scríobhadh chuig an Irish Independentinniu: "I was delighted to see that quite a few people still have a great 'gra' for our native language". Is é "grá" an focal is tábhachtaí. Nuair a théann daoine ar laethanta saoire agus tógann siad faoi ndeara go bhfuil teangacha eile á labhairt i dtíortha eile, is minic a dhéanann siad iarracht cúpla focal Gaeilge a úsáid. Bíonn an grá agus an tíorghrá i gceist ansin.

Tá súil agam go n-éireoidh go geal leis an Aire Stáit. Molaim arís an obair atá ar siúl aige. Is fiú éisteacht leis an nGaeilge atá aige. Tugann sé spreagadh dúinn go léir, díreach cad atá ag teastáil i láthair ná huaire. Caithfear an náisiún ar fad a spreagadh le grá a thaispeáint don Ghaeilge agus an teanga a úsáid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.