Seanad debates
Thursday, 7 February 2013
Adjournment Matters (Resumed)
3:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Like the Senator, I would like to be associated with 100,000 welcomes - céad míle fáilte - to the representatives of another island. I hope their stay in this green island of ours will be enjoyable and informative. I wish the delegation the best.
Mar is eol don Seanadóir, tá eolas agam ar Arramara Teo. le fada. Bhí sé lonnaithe i mo dháilcheantar féin uair amháin. Tá sé thiar i gCill Chiaráin anois. Bhí deis agam cuairt a thabhairt ar Arramara Teo. ag deireadh na bliana seo caite. Caithfidh mé a rá gur chuaigh an ghníomhaíocht agus an obair atá ag dul ar aghaidh ansin i bhfeidhm go mór orm. Tá feabhas mór tagtha ar chúrsaí Arramara Teo. ó ghlac Údarás na Gaeltachta cúram na dtionscal orthu féin. Bhí an comhlacht ag cailleadh airgid roimhe sin, ach tá sé ag déanamh brabaigh anois agus is maith an rud é sin.
Táimid ag súil go gcuirfidh bord Arramara Teo. a gcuid moltaí roimh Údarás na Gaeltachta ag an gcéad chruinniú eile i mí Márta. Tá súil agam go mar sin a bheidh. Tuigim go bhfuil intinn oscailte acu maidir le rannpháirtíocht a bheith acu le comhlachtaí eile. Tuigim go bhfuil comhráití ag dul ar aghaidh. Sa deireadh thiar thall, beidh an comhlacht ag brath ar an dearcadh a bheidh ag bord an údaráis i dtaobh an plean trí bliana a chuirfidh said chun tosaigh. Tá na hoibrithe in Arramara Teo an-tábhachtach. Tá 21 duine fostaithe sa chomhlacht, seisear nó seachtar dóibh san oifig. Tá na bainteoirí feamainne an-tábhachtach ar fad. Ní bheadh aon Arramara Teo. ann ach amháin go bhfuil an fheamainn á baint ag na daoine seo, a théann siar na glúinte. Ar ndóigh, beidh mé sásta buaileadh leo am ar bith.
Caithfidh mé a insint don Seanadóir - b'fhéidir nach dtuigeann sé é seo - gur minic a bhain mé feamainn, a d'iompar mé an fheamainn ar mo dhroim agus a rinne mé an bunábhar seo a spraeáil ar na prátaí. Mar sin, tá an-eolas agam ar chúrsaí feamainne ó mo thaobh féin de. Tá mé sásta buaileadh leo ag aon am, mar a dúirt mé, agus aon chuidiú agus aon chomhairle is féidir a thabhairt dóibh siúd atá ag baint úsáid as an acmhainn nádúrtha seo, atá ar fáil go flúirseach ar chósta na hÉireann.
No comments