Seanad debates
Thursday, 7 February 2013
Adjournment Matters (Resumed)
3:00 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht na ceiste seo a thógáil. Chuir mé spéis sa dara alt deireanach, ina ndúirt an Aire Stáit go bhfuil "tréimhse de thrí mhí" tugtha ag an údarás don chomhlacht "plean gnó cuimsitheach trí bliana a ullmhú". An bhfuil siad ag dul i dtreo eile anois? Bhí siad ag breathnú ar infheisteoir straitéiseach, ach b'fhéidir go bhfuil an comhlacht ag iarraidh rámhaíocht ar a stuaim féin anois. An bhfuil Arramara Teo. ag smaoineamh ar fanacht mar ghnó faoi úinéireacht an údaráis go fóill beag, nó an bhfuil siad fós ag iarraidh páirtnéir idirnáisiúnta a aimsiú? An féidir liom bheith dána agus ceistín beag bídeach eile a chur? Is cuma cén todhchaí a bheidh ann - caithfear aire a thabhairt do lucht bainte na feamainne. Má thagann na bainteoirí le chéile chun ord agus eagar a chur orthu fhéin mar choiste, mar ghúpa nó mar chomharchumann, an mbeidh an tAire Stáit sásta buaileadh le toscaireacht beag chun plé a dhéanamh leo? Ba mhaith an rud é dá mbeadh grúpa ionadaíoch in ann idirbheartaíocht a dhéanamh leis an gcomhlacht mar atá, nó an comhlacht nua a bheidh ann. An mbeadh an tAire Stáit oscailte freastal ar a leithéid de chruinniú má thagann lucht bainte na feamainne le chéile? An dtabharfaidh sé tacaíocht dóibh grúpa ionadaíoch a eagrú?
No comments