Seanad debates

Tuesday, 16 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages

 

5:35 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach Seanadóir a labhair anseo inniu agus a chur síos moltaí, cé nár glacadh leis na moltaí mar bhí an chuid is mó díobh as ord. Bhí ceann amháin in ord agus sílim gur thug mé freagra chomh maith agus a d'fhéadfainn a thabhairt air. Chomh maith le buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí a labhair anseo inniu, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí a labhair an tseachtain seo caite nuair a tugadh an Bille isteach. Labhair cuid acu i nGaeilge agus cuid i mBéarla, agus mar adúirt an Seanadóir, bíonn fáilte i gcónaí roimh an cúpla focal.

Aontaím leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Ó Clochartaigh i dtaobh na Gaeilge anseo agus aontaím leis go bhfuil dea-mhéin agus dea-thoil don Ghaeilge anseo. Táim anseo le tamall fada agus le cúpla bliain anuas tá níos mó Gaeilge le cloisint i gcúrsaí na Dála agus an tSeanaid ná mar a bhí le blianta fada. Níl aon lá sa tseachtain a mbíonn an Dáil ina shuí nach labhartar Gaeilge - nuair a bhíonn ceisteanna ann don Ceannaire, nó ar Riar na hOibre. Fiú amháin inniu, bhí mé istigh agus bhí Gaeilge á labhairt ag an Taoiseach agus ag na ceannairí eile. Is rud úrnua é sin agus cuirim fáilte roimhe. Is rud é sin freisin a théann i bhfeidhm ar an phobal taobh amuigh, mar gur craoltar cuid mhór de na díospóireachtaí seo ar TG4 agus uaireanta ar Raidió na Gaeltachta. Tuigeann muintir na hÉireann a bhíonn ag éisteacht leis na cláracha seo ar maidin go bhfuil an Ghaeilge á labhairt sa Dáil. Tá an dea shampla sin thar a bheith tábhachtach.

Maidir le Seanadóirí nó Teachtaí nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, ach go bhfuil dea-mhéin acu don Ghaeilge, sílim gur cóir go mbeadh comhairle, cuidiú agus tacaíocht le fáil acu le óráidí beaga a thabhairt nó le tús a chur le óráid i nGaeilge nó cúpla alt deiridh a chur lena óráid agus mar sin de. Níl a fhios agam an gnó é sin do Rannóg an Aistriúcháin, ach tá a fhios agam go bhfaigheann gach páirtí san Oireachtas airgeadú agus maoiniú ón Stát. Ba chóir go mbeadh sé de chuspóir ag gach páirtí daoine a fhostú ina oifigí le Gaeilge. Tá rúnaithe againn go léir agus oifigi poiblí. B'fhéidir go bféadfadh na páirtithe iad féin suim bheag den airgead a chuirtear ar fáil dóibh gach bliain a úsáid le haghaidh sin le déanamh cinnte de go bhfuil an tacaíocht ansin do bhaill a bpáirtí féin an Ghaeilge a úsáid. Nílim cinnte gur gnó é sin do Rannóg an Aistriúcháin ná do Roinn ar bith. Aontaím gur cóir dearcadh ar sin.

Maidir le Gaeleagras, bhí sé ann, ach níl sé ag gníomhú le roinnt blianta anuas. Mar sin féin, nuair a bhí mise mar chathaoirleach agus mar bhall de Choiste na Gaeilge, mar a bhí ag an am sin, chuireamar ranganna Gaeilge ar bun do na daoine atá ag obair san Oireachtas - idir Bhaill an Oireachtais agus fostaithe an Oireachtais. Chomh fada agus is eol dom, tá na ranganna sin ar fáil go fóill. Nuair a bhí mé istigh anseo an tseachtain seo caite, dúirt beirt Sheanadóir go raibh siad ag fáil ceachtanna iad féin go príobháideach sa Ghaeilge. Is rud fiúntach é sin. Feiceann na Baill ar fad anseo na ceannairí ag labhairt Gaeilge agus daoine eile ag dul go dtí na Gaeltachtaí, cuid acu ina nAirí, agus iad ag labhairt Gaeilge. B'fhéidir mar sin go bhfuil an dearcadh ann anois más mian le Ball a bheith ina cheannaire, go gcaithfidh sé nó sí an Ghaeilge a labhairt chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.