Seanad debates
Tuesday, 16 October 2012
Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages
5:25 pm
Jim Walsh (Fianna Fail) | Oireachtas source
Aontáim leis an méid atá ráite ag na Seanadóirí Cáit Keane agus Trevor Ó Clochartaigh. Is dócha go bhfuil dualgas orainn mar Bhaill an Oireachtais an Ghaeilge a chur chun cinn. Chabhródh caitheamh an fáinne go mór leo siúd nach bhfuil an Ghaeilge go flúirseach acu. Níl ach Gaeilge na hardteistiméireachta fágtha agam.
Caithfimid seans a thabhairt do dhaoine nach bhfuil flúirse Gaeilge acu úsáid a bhaint as agus feabhas a chur ar an Ghaeilge atá acu. Mar sin, aontaím go hiomlán le caitheamh an fháinne sna Tithe seo agus leis an méid atá ráite ag na Seanadóirí eile.
No comments