Seanad debates

Tuesday, 16 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages

 

5:05 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Baineann an leasú seo le reachtaíocht a bheidh ag teacht faoi an Aire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe, ach baineann an Bille seo le rud atá difriúil ar fad. Sin an fáth go gcaithfimid idirdhealú a dhéanamh idir an dá cheann. Tá an Bille a bhaineann le Coimisiún Thithe an Oireachtais á dhréachtú i láthair na huaire. Tá na pointí atá déanta ag an Seanadóir nótáilte againn anseo agus beidh deis ag an Seanadóir, am éigin sa ghearr thréimhse, na ceisteanna seo a phlé arís ag díospóireacht ar Bhille a bheidh ag plé le rudaí mar sin.

Maidir le Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an dualgas atá ar ghach Roinn agus eagraíocht Stáit, tá sé de dhualgas agus de fhreagracht orthu seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge nó trí Bhéarla. Tá sin clúdaithe i láthair na huaire. Caithfimid cur suas le sin go dtí go dtiocfaidh an chéad Bille eile tríd an Teach. Feicfidh muid cad a tharlóidh ansin. Mar adúirt mé, níl sé ar intinn agam dul isteach i réimsí eile polasaí Rialtais nach bhfuil aon bhaint acu leis an Bille áirithe seo, Bille atá teoranta go leor agus Bille a rachaidh chun sochar don Ghaeilge sa Teach seo agus, tá súil agam, ar fud na tíre, nuair a bheidh sé reachtaithe - nuair a bheidh caighdeán scríofa amháin againn ó cheann amháin den tír go dtí an ceann eile agus go mbeidh muid ábalta na haistriúcháin a fháil de réir mar a éilítear iad anseo sa Teach agus breith suas ar an méid atá caillte againn le deich mbliana nó níos mó anuas.

Thug mé éisteacht don méid a bhí le rá ag an Seanadóir agus dúirt sé go bhfuil mise dáiríre. Tá sé féin dáiríre chomh maith. Níor shamlaigh mé riamh gur rugadh i dtír eile é agus gur tháinig sé isteach sa tír seo. Níl a fhios agam cén tír ar a dtáinig sé ar an tír.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.