Seanad debates
Tuesday, 16 October 2012
Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages
5:05 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Dá n-éisteodh an Seanadóir Heffernan liom, an pointe atá á dhéanamh agam ná go bhfuil an Aire Stáit - an Aire Gaeltachta - ag rá go mbfhearr leis an leasú seo a fhágáil ar lár go dtí go dtiocfaidh an tAire Chaiteachas Phoiblí agus Athchóirithe, An Teachta Howlin, isteach le Bille eile nach bhfuil feicthe againn. Táim ag rá nach bhfuil aon mhuinín agam as an Aire sin ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta. An sampla atáim ag úsáid ná go bhfuil sé ag dul amach ag gearradh liúntas Gaeltachta ar scoileanna agus daoine eile gan mórán scrúduithe a bheith déanta ar an cheist agus go bhfuil daoine ag rá nach bhfuil mórán tuisceana aige ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is mó muinín a bheadh agam as an Aire Stáit, an Teachta McGinley, tuiscint a bheith aige ar chéard atá ag tarlú sna Gaeltachtaí. Sin an fáth gur mhaith liom go nglacfadh sé leis an leasú.
No comments