Seanad debates

Wednesday, 10 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Second Stage

 

11:40 am

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáiltiú roimh an Aire Stáit, an Teachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich, agus roimh fheidhmeannaigh na Roinne go dtí an Teach chun plé a dhéanamh ar Dhara Chéim an Bhille. Tá mé ag labhairt inniu thar ceann úrlabhraí Fhianna Fáil ar chúrsaí Gaeltachta, an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, de bhrí nach bhfuil sé in ann a bheith anseo inniu.

Tá lúcháir orm a bheith anseo chun labhairt ar an mBille, maraon le cúrsaí Gaeilge go ginearálta sa Teach agus sa saol taobh amuigh. Tá an Ghaeilge agus todhchaí na Gaeilge fíor thábhachtach don Stát agus do mhuintir na tíre. Cé go dtig leis an Stát comhairle agus tacaíocht a thabhairt chun an Ghaeilge a labhairt agus na struchtúir éagsúla a chur i bhfeidhm, mothaím go bhfuil sé suas do phobal na tíre féin an cinneadh a ghlacadh an Ghaeilge a labhairt. Tá a fhios agam go bhfuil tacaíocht ar fáil do pháistí atá ag dul isteach go dtí gaelscoileanna agus a leithéid, agus is buntáiste mór é sin don chéad ghlúin eile.

Mar adúirt an tAire Stáit, tá go leor oibre déanta i dtaca leis an Ghaeilge a cur chun cinn le roinnt blianta anuas. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ann agus tá an Ghaeilge aitheanta mar theanga oifigiúil ag an Aontas Eorpach. Is buntáiste mór an t-aitheantas sin don Ghaeilge mar cheann de 23 theanga oifigiúla san Aontas. Chomh maith leis sin tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ann, ina bhfuil spriocanna éagsúla leagtha amach a gcaithfear a bhaint amach. Mar shampla, tá sé mar sprioc sa straitéis go mbeidh méadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla sa tír ó 83,000 go dtí 250,000, go mbeidh 20% sa bhreis de phobal na Gaeltachta ag labhairt Gaeilge go laethúil agus go mbeidh seirbhísí Stáit ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge. Tá go leor oibre déanta maidir le teilifís, raidió agus na meáin chlóite agus tá buíochas tuillte ag TG4, ach go háirithe, as an obair atá déanta, agus atá ar siúl go leanúnach, ag an stáisiún leis an Ghaeilge a dhéanamh "cool" do phobal óg na tíre.

Tá buíochas tuillte ag Raidió na Gaeltachta, agFoinseagus ag a leithéid sin fosta.

Tá sin go léir tábhachtach chun a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge amuigh ansin agus nuair a chuirtear an teilifís ar siúl, go bhfuil rogha a bheith ag éisteacht le stáisiún Gaeilge in áit a bheith ag éisteacht le stáisiún Béarla. Is rogha iontach é sin agus tá sé ina bhuntáiste mór, go háirithe leis na cláir éagsúla atá ar fáil ag TG4.

Ó thaobh na hoibre atá ar siúl ag an Stát, caithfidh an Stát a bheith ansin le cosaint a thabhairt don Ghaeilge agus le cinntiú go bhfuil na scéimeanna atá ar fáil ag an Stát in ann daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge. Tá deireadh curtha le scéim labhairt na Gaeilge ach tuigtear dom go mb'fhéidir go bhfuil i gceist scéim úr a chur i bhfeidhm. Tá na campaí samhraidh agus a leithéid ag tabhairt na daoine óga i dtreo na Gaeilge. Conas is féidir duine a mhealladh i dtreo na Gaeilge le hairgead a thabhairt dó ach tá sé tábhachtach ag an am céanna go mbeadh airgead curtha ar fáil leis na scéimeanna sin a chur i bhfeidhm sa dóigh go mbeidh struchtúr Stáit ansin.

Moltar sa Bhille dualgas aistriúcháin a dhéanamh ar Bhillí agus ar ionstraimí reachtúla a aistriú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go dtí Coimisiún Thithe an Oireachtais. An bhfuil an tAire Stáit iomlán sásta go bhfuil Rannóg an Aistriúcháin in ann an dualgais sin a chomhlíonadh faoin mBunreacht agus faoin dlí in Acht na dTeangacha Oifigiúla, maidir le Billí agus ionstraimí reachtúla? An bhfuil Rannóg an Aistriúcháin in ann na hoibre sin a dhéanamh?

Tá cúlra an Bhille soiléir. Bhí cás cúirte ann agus tugadh breithiúnas i Mí Bealtaine 2010 nach raibh dualgas ar an Stát na hionstraimí reachtúla go léir a aistriú go Gaeilge. Ina dhiaidh sin, agus ag rith leis ag an am céanna ó 2008, bhunaigh an Rialtas roimh ré coiste stiúrtha a raibh saineolaithe, cainteoirí dúchasacha, múinteoirí agus aistritheoirí air. Bhí na daoine sin ag obair go deonach ag iarraidh teacht aníos le tuairisc agus le polasaí don Roinn a bhfuil an tAire Stáit anois i gceannas air. Tá tagairt déanta don obair a rinne an coiste sin ach ní fheictear dom cén fáth nach bhfuil an obair sin ar fáil sa Roinn nó do Bhaill an Oireachtais. Má tá tuarascáil ann, bheadh sé tábhachtach an tuarascáil sin a fhoilsiú sula rachadh an Bille tríd Tithe an Oireachtais, go bhfeicfimís cad atá ann. Níl aon eolas agam ar cad atá sa tuarascáil ach sula dtabharfaimis dlí úr isteach, bheadh sé tábhachtach an tuarascáil sin a fheiceáil. Cad iad na moltaí atá sa tuarascáil? An bhfuil an coiste ag moladh go ndéanfar an obair seo ar dhóigh dhifriúil nó nach dtabharfaí an cúram do Choimisiún Thithe an Oireachtais? Níl an t-eolas agam. Ceist atá agam níos mó ná rud ar bith eile.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil buíochas mór tuillte ag na daoine a bhí ag obair ar an gcoiste sin, agus tá sin fíor. Rinne siad cuid mhór oibre. Níl an Ghaeilge cosúil leis an mBéarla. Thig liomsa dul go Ciarraí, go Corcaigh nó go Conamara agus Béarla a labhairt agus tá na focail céanna, chóir a bheith, ag gach aon duine. I nGaeilge, áfach, tá difríocht mhór ann. Bíonn daoine go minic ag rá liomsa go bhfuil mé ag caint ró-ghasta agus i nGaeilge Ulaidh. Tá difríochtaí idir na canúintí. Go minic, nuair atá duine ag caint le múinteoir, mar shampla, deirtear gur Gaeilge oifigiúil atá sna téacsleabhair agus ní an ghnáth Ghaeilge. Léim féin ag an Aifreann i Mí Iúil i gcónai. Bíonn ar na sagairt an Ghaeilge a fhaigheann siad a aistriú isteach go Gaeilge áitiúil sa dóigh go mbeidh an pobal in ann í a dhéanamh amach níos fearr ná an Ghaeilge oifigiúil. Tá difríochtaí ann.

An raibh ceist na gcanúintí ar chuid den méid a bhí á fhiosrú ag an gcoiste stiúrtha? B'fhéidir go raibh moltaí maithe aige. Níl a fhios againn an raibh siad maith nó nach raibh mar nach bhfuil an tuarascáil ar fáil, de réir cosúlachta. Ach tá sé tábhachtach machnamh a dhéanamh ar an obair sin agus é sin a dhéanamh ag an phointe seo, má táimid chun buíochas ceart a thabhairt don choiste agus obair an choiste a chur san áireamh, má tá an obair substaintiúil go leor chun é sin a dhéanamh.

Tugadh cuireadh do Choimisiún Thithe an Oireachtais a bheith ar an gcoiste ach diúltaíodh don chuireadh. Cén fáth a rinneadh é sin? Beidh cead tugtha do Choimisiún Thithe an Oireachtais saineolaithe ón taobh amuigh a thabhairt isteach le h-athbhreithniú a dhéanamh agus le tacaíocht a thabhairt don obair atá le déanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil, agus beidh sé seo á dhéanamh idir seo agus an chéad am eile a bhéas an Caighdeán Oifigiúil á fhoilsiú. Tá an Caighdeán Oifigiúil úr amuigh. Leabhar galánta atá ann agus tá cuid mhór oibre déanta ag Coimisiún Thithe an Oireachtais le seo go léir a tharraingt le chéile. Níl mé ag tarraingt ceiste ar bith ar obair an choimisiúin, ach b'fhearr gan obair an choiste stiúrtha a fhágáil ar leataobh. Cén fáth nach bhfuil sin á chur san áireamh ins an Bhille?

Tá sé ráite go mbeidh an chéad leagan den Chaighdeán Oifigiúil á fhoilsiú i gceann seacht mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.