Seanad debates

Wednesday, 10 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Second Stage

 

11:30 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ar dtús, ba mhaith liom a rá go bhfuil áthas mór orm, mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an díospóireacht ar an mBille um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2012 a thionscnamh i Seanad Éireann inniu. Ba mhaith liom léargas a thabhairt don Teach ar phríomhchuspóirí agus ar phríomhfhorálacha an Bhille agus iad sin a mhíniú i gcomhthéacs an chúlra a bhaineann leis an Bhille. Ina dhiaidh sin, beidh deis ag Baill an Tí seo a dtuairimí a nochtadh faoina bhfuil sa Bhille, agus tá mé ag súil go mór le héisteacht le Seanadóirí ar an ábhar seo. Creidimse gur Bille tábhachtach é seo a mbeidh dea-thionchar aige ar an Ghaeilge sna blianta amach romhainn.

Go hachomair, tá dhá chuspóir leis an Bhille, is iad sin, foráil a dhéanamh maídir le leathnú ar ról Choimisiún Thithe an Oireachtais i ndáil le reachtaíocht a aistriú agus maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge. Déantar foráil leis an Bhille maidir le leasuithe ar na hAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003-2009 i ndáil leis na cuspóirí sin. Ní miste na cuspóirí sin a chur sa chomhthéacs stairiúil a bhaineann leis an ábhar seo ó thaobh na Gaeilge de.

Ón uair gur bunaíodh an Stát i 1922, tugadh aitheantas ar leith don Ghaeilge mar theanga náisiúnta Saorstát Éireann faoi Bhunreacht 1922 agus mar an phríomhtheanga oifigiúil faoi Bhunreacht 1937. Tá iliomad tagairtí don Ghaeilge déanta i go leor reachtaíochta a bhaineann le réimsí éagsúla den státchóras ó shin i leith, ach go háirithe Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chuir tús reachtúil don chéad uair le soláthar sheirbhísí an státchórais go ginearálta trí mheán na Gaeilge. Cé is moite de stádas oifigiúil na Gaeilge faoin Bhunreacht a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis in Éirinn, tugadh stádas don Ghaeilge ar bhonn níos forleithne agus aitheantas mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach sa bhliain 2007. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an Ghaeilge áirithe i measc na 23 teanga oifigiúil atá aitheanta ag an Aontas Eorpach. Ní miste a rá go bhfuil an t-aitheantas seo an-tábhachtach i gcomhthéacs teanga atá á labhairt le 2,000 bliain agus atá ar an teanga scríofa is sine san Eoraip atá fós á labhairt mar theanga bheo phobail. Is iad na hiarsmaí is sine atá againn den Ghaeilge ná inscríbhinní ar chlocha Oghaim ón tríú agus ón cheathrú haois. Ó shin i leith, tá an teanga ag síor-athrú ó ré na Sean-Ghaeilge trí ré na Meán-Ghaeilge go ré na Nua-Ghaeilge.

D'fhéadfaí a rá go raibh an cinneadh a tógadh sna 1930dí athrú ón gcló gaelach go dtí an cló rómhánach ar cheann de na cinntí ba thábhachtaí ó thaobh scríobh na Gaeilge de. Ba léir gur aithníodh ag an am an tábhacht a bhain le córas cló a fhorbairt a bheadh áisiúil chun úsáid na Gaeilge mar theanga nua-aimseartha a éascú. Go deimhin, ba sa chló rómhánach a fhoilsíodh an leagan Gaeilge d'Achtanna an Stáit nua ón chéad lá riamh cé go raibh an cló gaelach á úsáid go forleathan ag an am.

Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann i 1922, cuireadh seirbhís oifigiúil aistriúcháin an Oireachtais ar bun le haístriú a dhéanamh ar Achtanna Oireachtais. Tá sé beartaithe anois leis an Bhille seo leathnú a dhéanamh ar ról Choimisiún Thithe an Oireachtais i ndáil le haistriú ionstraimí reachtúla. Ba dheas liom an comhthéacs a bhaineann leis seo a mhíniú don Teach.

I Mí na Samhna 2008, cheadaigh an Rialtas ag an am polasaí chun gach ionstraim reachtúil a aistriú go Gaeilge agus aontaíodh go mbunófaí lár-aonad aistriúcháin chun na hionstraimí reachtúla a aistriú. Bunaíodh an t-aonad sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, mar a tugadh ar mo Roinnse ag an am sin. Ceapadh an polasaí seo ar chomhairle ón Ard-Aighne ag an am i gcomhthéacs chás an Stáit in achomharc chuig an Chúirt Uachtarach. Thóg an Stát an t-achomharc mar thoradh ar chinneadh san Ard-Chúirt go raibh dualgas bunreachtúil ann ionstraimí reachtúla a dhéanfaí i mBéarla a aistriú go Gaeílge. Rinneadh cinneadh na hArd-Chúirte i gcás a thóg an t-aturnae, an tUasal Pól Ó Murchú. I mbreithiúnas na Cúirte Uachtaraí i gcás Uí Mhurchú sa bhliain 2010, rialaigh an Chúirt ar son an Stáit ina achomharc. Rialaíodh nach bhfuil aon dualgas ginearálta bunreachtúil ann gach ionstraim reachtúil a aistriú.

I Mí an Mheithimh 2011, chinn an Rialtas seo gur cheart céimeanna a ghlacadh chun seirbhísí aistriúcháin reachtaíochta an Stáit a chomhdhlúthú i dTithe an Oireachtais, a mbeadh freagracht reachtúil orthu as sin amach as reachtaíocht phríomha agus thánaisteach a aistriú. Aistríodh an fhoireann ón lár-aonad aistriúcháin chuig Tithe an Oireachtais níos luaithe i mbliana ar bhonn riaracháin, go dtí go n-achtófar an Bille seo. Níl aon dabht ach go bhfuil ciall agus réasún le cinneadh an Rialtais seirbhísí aistriúcháin an Stáit a chomhtháthú, i gcomhthéacs an bhrú leanúnach atá ar acmhainní tearca an Stáit agus an dualgas atá orainn an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní sin.

Maidir le reachtaíocht a aistriú, foráiltear leis an Bhille go n-aistreoidh Coimisiún Thithe an Oireachtais ionstraimí reachtúla a dhéanann Airí nó dreamanna eile seachas Airí, mar shampla comhlachtaí reachtúla, nuair a iarrfaidh Airí orthu déanamh amhlaidh. Foráiltear leis an Bhille freisin go bhféadfaidh Airí, nó daoine seachas Airí, socruithe a dhéanamh go n-aistreoidh duine seachas Coimisiún Thithe an Oireachtais ionstraimí reachtúla. Déantar foráil leis an mBille fosta go bhféadfaidh Coimisiún Thithe an Oireachtais socrú a dhéanamh go gcuideoidh daoine seachas comhaltaí foirne le haistriú ionstraimí reachtúla, de réir mar is cuí.

Maidir le costais, foráiltear leis an mBille go bhféadfaidh Coimisiún Thithe an Oireachtais táillí a ghearradh as ionstraimí reachtúla a aistriú. Is iad Ranna Rialtais nó comhlachtaí poiblí eile nach iad a íocfaidh as an chostas a bhaineann leis na hionstraimí a aistriú. Meastar gur ¤325,000 an costas bliantúil a bhainfeadh le haschur na n-ionstraimí reachtúla a dhéantar in aghaidh na bliana a aistriú. Meastar gur timpeall ¤3.3 milliún thar thréimhse deich mbliana costas na n-ionstraimí reachtúla atá ar mharthain a aistriú. Beidh sé i gceist leis an múnla beartaithe a leagtar amach sa Bhille go n-aistreofar ionstraimí reachtúla ar éileamh a fháil, cibé acu is ionstraimí reatha iad nó nach ea, agus sin faoi réir na n-acmhainní a bheidh ar fáil.

Ba dheas liom aghaidh a thabhairt anois ar an ghné eile den Bhille a bhaineann le Caighdeán Oifigiúil na Gaeilge. Cé go ndeirtear gur beatha teanga í a labhairt, aithnítear freisin an riachtanas a bhaineann le caighdeánú a dhéanamh ar theanga sa chaoi is go bhfuil treoir údarásach ann faoi cheart úsáid teanga, go háirithe sa litriú agus sa ghramadach. Sa chomhthéacs seo, ní miste an tábhacht a bhain leis an Chaighdeán Oifigiúil, a d'fhoilsigh Rannóg an Aistriúcháin anseo i dTithe an Oireachtais den chéad uair i 1958, a aithint. Mar a dúradh sa réamhrá leis an chéad eagrán, is "caighdeán le haghaidh gnóthaí oifigiúla agus mar threoir do mhúinteoirí agus don phobal i gcoitinne" a bhí ann.

Leanadh roinnt buntreoracha agus an Caighdeán Oifigiúil á chur i dtoll a chéile, is iad sin, tugadh rogha de na leaganacha ba fhorleithne a bhí in úsáid sa Ghaeltacht. Tugadh an tábhacht ba dhual do stair agus do litríocht na Gaeilge agus lorgaíodh an rialtacht agus an tsimplíocht sa Chaighdeán Oifigiúil. Cé nach lia duine ná tuairim faoin Chaighdeán Oifigiúil, ach go háirithe lucht labhartha na gcanúintí éagsúla, níl aon dabht ach gur thug sé rialtacht agus soiléireacht san áit a raibh mírialtacht agus doiléire roimhe sin. Mar iarmhúinteoir, aithním féin an tábhacht a bhaineann leis sin, sa chóras oideachais ach go háirithe.

Ar ndóigh, ach an oiread le haon teanga eile, tá an Ghaeilge ag síor-athrú agus ní miste dúinn a bheith airdeallach ar na himpleachtaí a bhaineann leis sin do chaighdeán oifigiúil na teanga. Sa chomhthéacs sin, thóg an Rialtas a bhí i gcumhacht ag an am cinneadh i Mí na Samhna 2008 go ndéanfaí athbhreithniú ar an Chaighdeán Oifigiúil. Bunaíodh coiste stiúrtha de shaineolaithe faoi choimirce na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, mar a tugadh air ag an am, chun tabhairt faoin athbhreithniú seo a críochnaíodh i Mí an Mheithimh 2011. Mar Aire Stáit, teastaíonn uaimse buíochas a ghabháil leis an choiste stiúrtha a thug faoin obair fhiúntach seo le díograis agus le dúthracht. Tá obair thábhachtach déanta acu.

Mar is eol don Teach, tá dul chun cinn déanta ó shin i leith maidir leis an Chaighdeán Oifigiúil. Tar éis don Rialtas teacht i gcumhacht, tógadh cinneadh i Mí an Mheithimh 2011 go dtabharfaí feidhm reachtúil do Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais d'fhoilsiú agus d'athbhreithniú tréimhsiúil an Chaighdeáin Oifigiúil. Ó shin i leith, tá leagan nuashonraithe den Chaighdeán Oifigiúil, An Caighdeán Oifigiúil: Caighdeán Athbhreithnithe, foilsithe ag Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais i mbliana. Ina theannta sin, i gcomhréir le mianta an Rialtais, tá torthaí an athbhreithnithe ar an Chaighdeán Oifigiúil, a rinne an coiste stiúrtha faoi choimirce mo Roinnse, curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais le hiarratas go dtógfaí san áireamh iad sa chéad athbhreithniú eile ar an Chaighdeán Oifigiúil. Dá bhrí sin, ní féidir le haon duine a mhaíomh go bhfuil obair luachmhar an choiste stiúrtha curtha ar leataobh. Tá iarratas déanta ag mo Roinnse ar Thithe an Oireachtais torthaí an athbhreithnithe ag an Choiste Stiúrtha a thógáil san áireamh sa chéad athbhreithniú eile ar an Chaighdeán Oifigiúil. Ní miste a nótáil go bhfuil sé ráite sa réamhrá leis an leagan nuashonraithe den Chaighdeán Oifigiúil go ndéanfar athbhreithniú arís air faoi cheann trí bliana, is é sin sa bhliain 2015.

Ba mhaith liom an deis a thapú chun a mhíniú go soiléir cén fáth nár fhoilsigh an Rialtas na moltaí a bhí déanta ag an choiste stiúrtha. Cé go ndearnadh athbhreithniú ar an chaighdeán faoi choimirce mo Roinnse, bhí moltaí an athbhreithnithe sin le cur faoi bhráid an Rialtais sula bhféadfaí iad a fhoilsiú. Mar a tharlaíonn, bhí obair an choiste stiúrtha críochnaithe i Mí an Mheithimh 2011 agus thóg an Rialtas cinneadh an mhí sin nach mbeadh ach caighdeán oifigiúil amháin ann agus go mbeadh an fheidhm reachtúil maidir leis seo ar Choimisiún Thithe an Oireachtais.

Tá sé thar a bheith tábhachtach a bheith soiléir faoi na gnóthaí seo, ní hamháin i gcomhthéacs na hÉireann ach i gcomhthéacs na hEorpa chomh maith, áit a bhfuil na hinstitiúidí Eorpacha ag plé le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a aistriú go Gaeilge i gcomhréir leis an díolúine don Ghaeilge atá i bhfeidhm san am i láthair. Mar Aire Stáit, creidimse go bhfuil sé an-tábhachtach a chinntiú nach bhfuil ach caighdeán oifigiúil amháin ann don teanga; go bhfuil soiléireacht ann maidir leis an fhreagracht reachtúil don chaighdeán agus go bhfuil próiseas ar leith ann chun athbhreithniú a dhéanamh ar an chaighdeán. Tá sé sin go léir déanta faoi fhorálacha an Bhille seo.

Faoin Bhille, déantar leasú ar an Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003 chun foráil a dhéanamh maidir leis an sainmhíniú ar an Chaighdeán Oifigiúil, is é sin caighdeán oifigiúil na Gaeilge atá le húsáid sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach agus mar an treoir le haghaidh scríbhneoireachta sa Ghaeilge. Ina theannta sin, déantar foráil leis an Bhille chun feidhm reachtúil a thabhairt do Choimisiún Thithe an Oireachtais d'fhoilsiú agus d'athbhreithniú tréimhsiúil an Chaighdeáin Oifigiúil uair amháin gach seacht mbliana ar a laghad. Chomh maith leis sin, ceanglaítear leis an mBille ar Choimisiún Thithe an Oireachtais, le linn dó athbhreithniú a sheoladh ar an Chaighdeán Oifigiúil, dul i gcomhairle leis na hAirí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Oideachais agus Scileanna agus Dlí agus Cirt agus Comhionannais, agus le páirtithe eile a bhfuil spéis acu ann agus leis an phobal i gcoitinne. Faoin Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003, tá an chumhacht ag an choimisiún coistí a bhunú. Foráiltear leis an Bhille go bhféadfaidh Coimisiún Thithe an Oireachtais saineolaithe seachtracha a cheapadh chun coiste den sórt sin le linn athbhreithniú a sheoladh ar an Chaighdeán Oifigiúil.

Is éard atá sa Bhille seo ná iarracht dhá rud a chur ina cheart. Le bunú an lár-aonaid aistriúcháin i mo Roinnse le linn tréimhse oifige an Rialtais dheiridh, chiallaigh sé go raibh dhá rannóg Stáit ag plé le haistriú reachtaíochta, Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais agus an lár-aonad aistriúcháin faoi chúram mo Roinne. Cuirfidh achtú an Bhille seo seirbhísí aistriúcháin reachtaíochta an Stáit faoin aon díon amháin, is é sin Rannóg an Aistriúcháin de chuid Thithe an Oireachtais. Chomh maith leis sin, ceapadh coiste stiúrtha, arís le linn tréimhse oifige an Rialtais dheiridh, le hathbhreithniú ar an Chaighdeán Oifigiúil a stiúradh faoi chúram an lár-aonaid aistriúcháin de chuid mo Roinnse, cé go raibh Rannóg an Aistriúcháin de chuid an Oireachtais ag tabhairt faoin obair chéanna ó 1958 i leith. Arís, le hachtú an Bhille seo, beidh an obair seo ag titim faoin aon díon amháin, is é sin Rannóg an Aistriúcháin de chuid Thithe an Oireachtais.

Sílim gur céim chun cinn tábhachtach atá sa Bhille seo ar mhaithe le ceart úsáid na Gaeilge a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Táim ag súil go mbeidh páirtithe leasmhara na Gaeilge agus lucht úsáide na Gaeilge toilteanach tacaíocht a thabhairt don chur chuige seo a rachaidh chun sochair don Ghaeilge. Cé go gcuirtear go leor béime ar an teanga labhartha sa lá atá inniu ann, tuigfidh Baill an Tí seo go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an bhfocal scríofa inár dteanga dhúchais. I bhfianaise an aitheantais bhunreachtúil atá ag an Ghaeilge agus stádas na teanga san Aontas Eorpach, tá tábhacht ar leith ag baint le caighdeán oifigiúil amháin a bheith ag an teanga gur féidir a úsáid sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach agus mar an treoir le haghaidh scríbhneoireachta sa Ghaeilge. Mar thoradh ar fhorálacha an Bhille seo, níl aon cheist i m'intinn ach go mbeidh ceart úsáid na Gaeilge i gcomhréir leis an Chaighdeán Oifigiúil níos soiléire do lucht scríofa na teanga agus gur dul chun cinn ar mhaithe leis an teanga é sin.

Molaim an Bille seo don Teach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.