Seanad debates

Wednesday, 18 July 2012

6:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as deis a thabhairt dom an t-ábhar seo a thógáil sa Seanad. Tuigtear dom go bhfuil an comhlacht atá lonnaithe sa mhonarcha atá i gceist ag an Seanadóir chun é a thabhairt suas ar 19 lúil 2012. Is monarcha í seo a tógadh i lár na seachtóidí, sula raibh go leor den reachtaíocht atá againn sa lá atá inniu ann maidir le sláinte agus sábháilteacht, truailliú uisce agus caighdeáin tógála i bhfeidhm. Agus an foirgneamh ar ais i seilbh Údarás na Gaeltachta, tógfar gach céim is gá chun é a chosaint don todhchaí. Níl aon chinneadh déanta fós ag an Údarás maidir lena dhíol nó é a chóiriú i gcomhar tionscnaimh nua. Meastar, áfach, go mbeadh sé thar a bheith costasach an foirgneamh a chóiriú agus a roinnt ina n-aonaid níos lú. Ar an taobh eile den scéal, dá ndíolfaí an foirgneamh, bheadh sé fós ar fáil, faoi réir cead pleanála a bheith ar fáil, do gnóthaí eile a mbeadh spéis acu lonnú ann. Déanann Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le IDA, margaíocht leanúnach ar a chuid monarchan ar mhaithe le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht. I láthair na huaire, tá an t-Údarás ag déileáil le roinnt fiosruithe maidir le spás tionsclaíoch sa cheantar seo agus déanfar cinneadh maidir le todhchaí an fhoirgnimh seo i gcomhthéacs na bhfiosruithe sin. Tuigim go maith na dúshláin agus na constaicí a gcaithfidh Údarás na Gaeltachta dul i ngleic leo sa timpeallacht dheacair gnó atá i bhfeidhm faoi lathair. Níl amhras ar bith ach go bhfuil an ghéarchéim eacnamaíoch náisiúnta agus domhanda ag cruthú deacrachtaí do chomhlachtaí sa Ghaeltacht agus tá impleachtaí dá réir ann do chursai fostaíochta. É sin ráite, caithfear nótáil gurb é an Rialtas deiridh a laghdaigh an soláthar airgid caipitil atá á fháil ag Údarás na Gaeltachta, mar shampla, ó €27 milliún i 2006 go €18 milliún i 2010 agus a ghearr an soláthar céanna go tubaisteach go dtí €6 mhilliún i 2011. Mar atá ráite faoin gclár rialtais, tá an Rialtas úr ag tabhairt tacaíochta don straitéis 20 bliain don Ghaeilge maidir leis na spriocanna indéanta atá luaite ann a chur i gcrích. Sa chomhthéacs seo, táthar ag súil go mbeidh Bille na Gaeltachta imithe tríd an Oireachtas amárach. Anuas air sin, tá grúpa oibre atá comhdhéanta d'oifigigh ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ón Roinn Fiontar, Post agus Nualaíochta agus ó mo Roinnse ag scrudú an réimse feidhmeanna a d'oirfeadh d'Údarás na Gaeltachta, go háirithe maidir leis an bhfiontraíocht a fhorbairt sa todhchaí. Ar 31 Bealtaine 2011, thóg an Rialtas cinntí áirithe maidir le struchtúr agus feidhmeanna Udarás na Gaeltachta. Shocraíomar go mairfidh an status quo maidir le feidhmeanna reatha an údaráis go ginearálta, a chuid feidhmeanna fiontraíochta san áireamh, faoi réir foráil reachtúil a dhéanamh i mBille na Gaeltachta 2012 chun cumhacht a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir a thabhairt don údarás a chuid acmhainní teoranta a dhíriú i dtreo earnálacha fiontraíochta ar leith, agus meicníocht a fhorbairt chun go mbeidh an t-údarás in ann comhoibriú le háisíneachtaí fiontraíochta eile, ach go háirithe i gcás tograí suntasacha Gaeltachta a bhfuil poitéinseal ard acu. Ag eascairt on gcinneadh sin, tá foráil chuí curtha san áireamh i mBille na Gaeltachta. Tá an grúpa oibre atá comhdhéanta d'oifigigh on Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, on Roinn Fiontar, Post agus Nualaíochta agus ó mo Roinn fhéin ag obair cheana fein ar mheicníocht a fhorbairt chun go mbeidh an t-údarás in ann comhoibriú le Fiontraíocht Éireann agus IDA i gcás tograí suntasacha Gaeltachta a bhfuil poitéinseal ard acu. Tá dul chun cinn maith déanta cheana chun na críche sin.

Mar fhocal scoir, is féidir liom a rá go bhfuil an Rialtas tiomanta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, Gaeltacht na Mí idir Ráth Chairn agus Baile Ghib ina measc. Tá spéis an Taoisigh sna cursaí seo thar a bheith soiléir, agus an coiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht athbhunaithe aige faoina chathaoirleacht féin chun an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Beidh mise mar Aire Stáit ag obair go dlúth leis an Aire, an Teachta Deenihan, agus leis an gcoiste Rialtais le cinntiú go ndéantar gach ní gur féidir ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht a fhorbairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.