Seanad debates
Thursday, 5 July 2012
Order of Business (Resumed)
11:00 am
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Ba mhaith liom iarradh ar an gCeannaire an ráiteas a rinne sé maidir leis An Bille Gaeltachta a tharraingt siar mar sílim go bhfuil sé maslach do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta an beag is fiú atá sé ag déanamh faoin díospóireacht tábhachtach atá ar siúl faoi láthair. Tá sé maslach go bhfuil an Rialtas ag cur baic ar dhíospóireacht daonlathach, oscailte agus cuimsitheach maidir leis na cúinsí seo ó thaobh na Gaeltachtaí de. Is mór an náire don Rialtas é go bhfuil a leithéid ar siúl
No comments