Seanad debates

Thursday, 5 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

1:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Tá mé ag éisteacht go cruinn. Dúirt an tAire Stáit go leor ach níor fhreagair sé aon cheist a cuireadh air maidir leis na leasuithe áirithe seo. Labhair sé faoi scéim labhairt na Gaeilge agus an chaoi a cuireadh deireadh leis. An cheist a chuir mise faoin scéim ná bhí na figiúirí don dream a bhí ar an scéim sin á n-úsáid le slat tomhais a bheith ann maidir le húsáid na Gaeilge agus bhí daoine in ann a fheiceáil tríothu an raibh níos mó nó níos lú daoine óga ag labhairt na Gaeilge. D'iarr mé cén phróiseas atá ann le measúnú leanúnach a dhéanamh ar labhairt na Gaeilge in éagmais a leithéid agus an bhfuilimid ag brath ar an daonáireamh amháin.

Luaigh an tAire Stáit an €60 milliún atá á chaitheamh ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Bheadh sé go breá dá dtabharfadh an tAire Stáit briseadh síos dúinn ar cad go díreach ar a bhfuil an €60 milliún sin á chaitheamh agus an bhfuil sé ar fad á chaitheamh ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire Stáit agus ar gach duine ar bhinsí an Rialtais. Tá achoimre agam anseo ar an staidéar cuimsitheach teangeolaíocht ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Cá fhad a a chaith an tAire Stáit á leamh? Ar léigh aon duine eile dá chomhghleacaithe ar bhinsí an Rialtais an staidéar cuimsitheach teangeolaíocht ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht?

Seo an moladh a rinneadh, agus tá seo ag tagairt go sonrach do na limistéir Ghaeltachta, go ndéanfar leasú maidir leis na limistéir Ghaeltachta:

Féadfaidh an Rialtas ó am go ham le hordú a chinneadh gur limistéar Gaeltachta de chuid:

(i) Chatagóir A iad limistéir shainithe pleanála teanga a bhfuil mórchuid an phobail ina gcainteoirí gníomhacha Gaeilge iontu mar a léirítear i bhfaisnéis an daonáirimh agus i bhfaisnéis scéim labhairt na Gaeilge, a bhfuil tumoideachas trí mheán na Gaeilge á chur i bhfeidhm iontu ag an mbunleibhéal agus ag an leibhéal an iar-bhunoideachas agus a bhfuil plean teanga comhaontaithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta [mar a bhíodh] ina leith le príomhpháirtithe leasmhara na bpobal sin chun críche buanú a dhéanamh ar an nGaeilge mar phríomhtheanga theaghlaigh agus phobail na limistéar atá i gceist.

(ii) Chatagóir B iad limistéir shainithe phleanála teanga, a bhfuil líon suntasach den phobal ina gcainteoirí gníomhacha Gaeilge iontu, mar a léirítear i bhfaisnéis an Daonáirimh agus i bhfaisnéis Scéim Labhairt na Gaeilge, a bhfuil tumoideachas trí mheán na Gaeilge á chur i bhfeidhm iontu ag an mbunleibhéal agus ag leibhéal an iar-bhunoideachais, agus a bhfuil plean teanga comhaontaithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ina leith le príomhpháirtithe leasmhara na bpobal sin chun críche buanú agus forbairt a dhéanamh ar na gréasáin Ghaeilge atá ar marthain sna limistéir atá i gceist.

(iii) Chatagóir C iad limistéir shainithe phleanála teanga, a bhfuil líon beag don phobal ina gcainteoirí gníomhacha Gaeilge iontu, mar a léirítear i bhfaisnéis an Daonáirimh agus i bhfaisnéis Scéim Labhairt na Gaeilge, a bhfuil tumoideachas trí mheán na Gaeilge á chur i bhfeidhm iontu ag an mbunleibhéal agus ag leibhéal an iar-bhunoideachais, agus a bhfuil plean teanga comhaontaithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ina leith le príomhpháirtithe leasmhara.

Sin an méid atá sa staidéar cuimsitheach teangeolaíocht, agus tá súil agam go bhfuil sé léite ag an Aire Stáit agus na Seanadóirí ar fad.

Sin croílár an phlean, go mbeadh muid ag sainiú ceantar sna gcatagóirí A, B agus C. Tá cúis le sin, mar tá na cuspóirí atá sna catagóirí A, B agus C - de réir na saineolaithe pleanála teanga - difriúil agus is gá acmhainní difriúla a bheith againn le dul i ngleic leo agus is gá cur chuige difriúil ins na catagóirí éagsúla. Duine ar bith a mbeadh an staidéar léíte aige, thuigfeadh sé é sin.

An cheist a chuir mise agus an Seanadóir Ó Domhnaill ar an Aire Stáit ná, os rud é nach bhfuil sé ag glacadh leis an saineolas seo, cén saineolas lena bhfuil sé ag glacadh? Cad air ar bhunaigh sé a chinneadh gan bacadh le A, B agus C? Tá na catagóirí bunaithe ar staidéar idirnáisiúnta déanta ar fud na cruinne maidir le teangacha neamhfhorleathana agus iad ag dul i léig agus seo an slat tomhais is fearr atá againn maidir leis an Ghaeilge a tharrtháil. Tá an tAire Stáit ag briseadh síos na ceantair Gaeltachta i 19 ceantair pleanála ach moladh sa staidéar go ndéanfaidh iad a chur i gceantair A, B agus C. Tá an tAire Stáit ag tógáil cur chuige difriúil ar fad agus mar sin táimid ag iarraidh a fháil amach - tá sé féaráilte fiafraí dó - cad ar a bhunaigh sé a thuairim, cén fáth ar bhunaigh sé é agus an bhfuil sé in ann seasamh leis ó thaobh staitisticí, staidéar idirnáisiúnta agus ó thaobh cur chuige a úsáideadh i dtír éigin eile. An bhfuil sampla den cur chuige seo in aon tír eile ina bhfuil miontheanga á labhairt, mar shampla, An Bhreatain Bheag, Ceanada nó Albain? An bhfuil an cur chuige seo in úsáid in aon áit eile ar fud na hEorpa? Má tá, glacfaidh mé le sin. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ar chéard a bhfuil tuairimí an Aire Stáit bunaithe.

Bhí cuid mhaith den staidéar bunaithe ar an daonáireamh agus staitisticí scéim labhairt na Gaeilge agus an fáth ar bhriseadh síos na ceantair i gcatagóirí A, B agus C ná mar gheall ar na héagsúlachtaí eatarthu. Ach sa bhriseadh síos atá déanta maidir leis na limistéir atá roghnaithe, tá an tAire Stáit tar éis A, B agus C a chur isteach i mullach a chéile. Ní dhéanann sin ciall nó réasún. Ní chuirfidh sé an Ghaeilge chun cinn ar an mbealach is cóir í a chur chun cinn agus ní bhaineann sé an leas is fearr as na hacmhainní teoranta atá ar fáil. In áit a bheith ag déanamh ráitis mhóir drámatúil dá lucht féachana anseo, atá breá sásta bualadh bos a thabhairt dó ó am go chéile, ba bhreá liom dá bhfreagródh an tAire Stáit na ceisteanna atá á chur air againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.