Seanad debates

Thursday, 5 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

1:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Níor éist siad leis an phraiseach agus leis an amaidí a bhí ar siúl ag Sinn Féin. Anois, táimid ag fáil cuidiú ón Eoraip agus tá mise dóchasach sna blianta amach romhainn, le cuidiú Dé, go mbeidh níos mó acmhainní le fáil againn leis an phlean seo a chur i bhfeidhm.

É sin ráite, agus tá mé ag diriú mo shúl ar an economist atá inár measc, an Seanadóir Barrett ó Choláiste na Tríonóide, táimid chun €60 milliún i mbliana a chur isteach sa Ghaeilge sa tír seo. Níl suim bheag í sin. Táimid ag cur €500 milliún isteach sa Roinn Oideachais agus Scileanna le teagasc na Gaeilge a chur chun cinn. Níl mise sásta go bhfuilimid ag fáil luacha ar ár gcuid airgid agus sin an fáth go bhfuil comhráití ag dul ar aghaidh idir mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna i láthair na huaire. Beidh athruithe móra ag teacht ar theagasc na Gaeilge sna blianta amach romhainn.

Táimid ag cur acmhainní isteach sna meáin chumarsáide, TG4. Moladh go deo le hUachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, agus le Fine Gael nuair a bhí siad i gcumhacht, gur bhunaigh siad TG4.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.