Seanad debates

Wednesday, 4 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

2:00 am

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

I move amendment No. 6:

In page 8, lines 30 to 32, to delete all words from and including "(whether" in line 30 down to and including "persons;" in line 32 and substitute the following:

"which will conform to standards and structures to be prescribed by the Minister;".

Fágfaidh mé faoin tSeanadóir Ó Clochartaigh leasú uimh. a 7 a phlé

Leasú teicniúil atá i leasú uimh. a 6 faoi na mínithe sa Bhille. De réir mar atá scríofa i líne 30, ciallaíonn "eagraíocht" comhlacht corpraithe, cibé acu ilchorparáid nó corparáid aonair é, agus comhlacht neamhchorpraithe daoine. Nuair a déantar cuardach ar an idirlín, to check out the term "body corporate", one finds the definition "a person, an association or group of persons legally incorporated, corporation". Má fágtar an míniú atá sa Bhille mar atá sé, is é an trioblóid mhór atá ann ná go mbéadh grúpaí príobháideacha nó grúpaí corparáide atá lonnaithe i gceantair Gaeltachta in ann cur isteach fá choinne na pleananna teanga a n-ullmhú agus a gcur ar fáil. Níl sé sonrach sa Bhille gur grúpaí pobal bhunaithe atá i gceist. Tá sé tábhachtach go mbéadh an dualgas sin ar ghrúpaí pobal-bhunaithe, is é sin comharchumainn, coistí paróiste nó coistí a bhfuil baint acu le Cumann Lúthchleas Gael agus a leithéid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.