Seanad debates

Wednesday, 4 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

2:00 am

Photo of Sean BarrettSean Barrett (Independent)

I would like to remind the Minister of State of some comments he made in the Dáil as an Opposition Deputy. Speaking on 6 July 2010 about the Bill that provided for the two-year delay, he said "ní féidir liom fáilte a chur roimh an mBille". I agree with the position he took at that time. He continued:

Is Bille an-ghairid é agus níl ach fáth amháin gur tugadh isteach é, is é sin ionas gur féidir leis an Rialtas an toghchán atá dlite ó mhí Aibreán seo caite a sheacaint agus é a chur siar bliain, dhá bhliain nó trí bliana. Is cuma cad a déarfaidh an tAire nó an Rialtas, níl sin daonlathach. Tá siad ag teitheadh ón daonlathas.

What did the current Minister of State see at that time as the advantage of having democratically elected people? He said:

An buntáiste mór atá ag Údarás na Gaeltachta ná go bhfuil bunús daonlathach leis an údarás. Tháinig Údarás na Gaeltachta agus thug sé deis do mhuintir na Gaeltachta a gcuid baill a thoghadh go daonlathach. Toghadh baill as an tuaisceart, an iarthar, an deisceart agus fiú as Contae na Mí agus bhíodar go léir san údarás go daonlathach. Bhí tuiscint acu ar a gceantair féin agus ar na deacrachtaí atá ag muintir na Gaeltachta agus ar na féidireachtaí atá sna Gaeltachtaí. Tá jab an-mhaith déanta acu ó chuireadh ar bun iad.

He continued:

Is cuma mar gheall ar an mBille seo. Cuirfidh an Rialtas tríd é mar tá tromlach ag an Rialtas. Ní bheidh aon toghchán ann ar feadh dhá nó trí bliana agus is olc an rud é sin.

Aontaím leis an Aire Stáit gur olc an rud é go bhfuil an daonlathas á chur ar ceal. Is mór an náire é go bhfuil sé tar éis a thuairim a athrú. Bhí an ceart aige dhá bhliain ó shin nuair a chríochnaigh sé a leanas, "an dream is fearr a thuigeann an dóigh is fearr le obair a thabhairt isteach sa Ghaeltacht anois ná Údarás na Gaeltachta". The Minister of State was full of praise for Údarás na Gaeltachta then. I agree with what he said on that occasion. Speaking from this side of the House, I would like to be able to support him again. He cannot expect anybody to support a U-turn on democracy. Voting is too precious. We heard in recent weeks that we will have eight fewer Deputies. We are now being asked to provide for 17 fewer democratically elected members of Údarás na Gaeltachta. We will be asked to agree to 60 fewer Senators in the years to come. I do not like this tendency at all.

Séard a fheicfidh muid ná daoine atá tofa ag Fine Gael, jobs for the boys, cronyism den chéad scoth.

An rud is tábhachtaí a bhí ann maidir le toghchán bhord Údarás na Gaeltachta ná go raibh cead ag duine ar bith seasamh sna toghcháin, go raibh vótaí ag teacht ó mhuintir na Gaeltachta do phobal na Gaeltachta le seasamh suas do na mianta a bhí ag muintir na Gaeltachta le fócas ar cheisteanna Gaeltachta. Fiú má thógtar cás Chonamara anseo, tá leath de Chonamara sa Ghaeltacht agus leath eile nach bhfuil. Sa gcás sin tá comhairleoirí contae nach bhfuil as an nGaeltacht ná nach bhfuil Gaeilge acu as Chonamara agus bheadh siad ag vótáil ar son daoine a chur ar aghaidh maidir leis an nGaeltacht. Tá sé fíor thábhachtach go mbeadh an fócas sin ann agus go mbeadh tuiscin an-mhaith ag an dream atá ag plé le bord Údarás na Gaeltachta, go háirithe i gcomhthéacs na hacmhainní teoranta a bheidh ag an údarás sna blianta atá romhainn, de réir an méid atá ráite ag an Aire Stáit.

Dúirt an tAire Stáit nach bhfuil sé ag iarraidh "ordinary board". Tá bord Údarás na Gaeltachta chuile shórt ach "ordinary". Tá siad iontach neamhghnách, mar is é an t-aon bhord Stáit atá tofa. Is iontach an rud an daonlathas sin agus ba chóir é a choinneáil. Dúirt an tAire Stáit freisin go bhfuil sé ag iarraidh cothromaíochta, ach séard atá á dhéanamh aige ná baint den chothromaíocht ó thaobh na réigiúin de. Mar, má théann sé i dtreo an mholta atá aige, níl sé ag tabhairt cothromaíochta fiú. Faoi láthair, tá cothromaíocht ann ó thaobh thír eolais de agus líon an daonra atá ag cónaí sna ceantair, mar tá méid ionadaithe difriúil ag na ceantair éagsúla de réir an daonra atá acu. Tá an tAire Stáit ag baint den chothromaíocht atá ann do na ceantair beaga ar nó Múscraí, An Rinn agus Contae na Mí, mar ní bheith ionadaí acu sin ach uair chuile sé bliana.

Ní ghlacaim ar chor ar bith leis na hargóintí atá déanta ag an Aire Stáit. Tá sé an deacair dom a fheiceáil cé atá ar son an mholta atá aige nó cé as a dtáinig sé. Ní fheicim go bhfuil aon cheann de na heagrais ná na grúpaí pobal sna Gaeltachta ag tacú leis an moladh fáil réidh leis an rud atá ann. Ní fheicim aon duine in ann míniú iomlán a thabhairt ar ché mhéid airgid a bheidh le sábháil. Dá bhrí sin, iarraim ar an Aire Stáit athmhacnamh iomlán a dhéanamh agus athbhreithniú a dhéanamh ar an rud atá á moladh aige. Ba mhaith liom freisin tacú go hiomlán leis an méid a dúirt an Seanadóir Barrett roimh ré maidir leis an méid adúirt an Aire Stáit cheana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.