Seanad debates
Thursday, 28 June 2012
Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage
3:00 am
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Chuaigh an Bille chuig na Ranna go léir, an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais san áireamh, agus tháinig an Bille ó Oifig an Ard-Aighne. Níl mise in ann barántas níos fearr ná sin a chur in iúl don Teach. Tháinig sé ó Oifig an Ard-Aighne agus má tá an tArd-Aighne ag rá go bhfuil sé bunreachtúil, glacaim go fonnmhar leis go bhfuil sé bunreachtúil. Sin an fáth nach féidir liom glacadh leis an leasú seo.
No comments