Seanad debates

Thursday, 28 June 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage

 

3:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Tá cuid mhaith ráite ag an Aire Stáit ansin arís agus glacaim leis an méid atá sé ag rá ach tá mé ag dul ar ais chuig an phointe dlí a bhaineann leis seo. Bíonn comhráití ar siúl idir an Aire Stáit agus an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Sé Chontae agus tá caidreamh an-mhaith eatarthu. Tá an tAire ó Thuaidh in ann athrú agus tá Airí in ann teacht i bhfeidhm nach mbeadh chomh báúil don Ghaeilge agus atá an tAire faoi láthair agus caithfimid bheith cúramach nuair atáimid ag dréachtáil reachtaíochta go bhfuil na ceisteanna áirithe sin san áireamh againn.

Táimid ag plé leasuithe Uimh, 2, 3, 110. Tarraingím aird an Aire Stáit ar leasú Uimh. 110, a bhaineann le leathanach 23, alt 10. Cuirtear a leanas in iúl ansin: "Féadfaidh aon eagraíocht laistigh de phobal lena mbaineann fo-alt (2), agus a measfaidh Foras na Gaeilge í a bheith ionadaitheach don phobal lena mbaineann, plean Gaeilge a ullmhú, le cúnamh ó Fhoras na Gaeilge, ar plean é a bheidh le cur i ngníomh ag an bpobal sin, agus an plean sin a chur faoi bhráid an Aire."

Tá mé ag iarraidh ceist shimplí a chur. An bhfuil soiléiriú faighte ón Ard-Aighne maidir leis an bhfo-alt seo? De réir mo thuisceana, tá próiseas comhchinnteoireachta ag baint le Foras na Gaeilge. Cé go bhfuil Foras na Gaeilge ó Thuaidh ag feidhmiú as cur i bhfeidhm cúrsaí teanga sa Sé Chontae, tá Foras na Gaeilge ó Dheas ag feidhmiú sa 26 Contae maidir le cur chun cinn na Gaeilge taobh amuigh de na Gaeltachtaí. Níl dhá fhoras ann, áfach, tá Foras na Gaeilge ann, le bord amháin agus tá an bord sin freagrach don dá Aire comhionann. Tá mé ag iarraidh soiléiriú faoi sin agus sin an fáth go bhfuilimid ag moladh na leasuithe beag seo, nach mbeadh aon idirdhealú ann agus go mbeimis clúdaithe ó thaobh an dlí de. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil faoi sin agus sin an fáth go bhfuilimid ag moladh agus go mbeimid ag brú na leasuithe seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.