Seanad debates

Thursday, 28 June 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage

 

11:00 am

Photo of Jim D'ArcyJim D'Arcy (Fine Gael)

Shíl mé gur tháinig mé isteach anseo inniu le caint faoi Bhille na Gaeltachta, ach cloisim go leor faoi phoblachtánachas. Bhí mise i Rann na Feirste samhradh amháin ag fanacht i teach ansin. Bhi an Cairdinéal Ó Fiach sa teach céanna liom. Tháinig deartháir fear an tí isteach sa teach agus dúirt sé: "I am a republican to the hilt." D'fhreagair a dheartháir: "Aye, a bacchanalian republican." Is iomaí cineál poblachtánach atá againn sa tír seo, ach tá tír ghrá ag gach duine sa tír agus tá grá don teanga againn go léir sa Teach seo.

An cheist is mó ná an dóigh leis na Seanadóirí go n-oibreoidh na limistéir pleanála teanga Ghaeltachta? An coincheap nó an smaoineamh maith é? An bhfuil siad sásta tacú leis an Aire Stáit, an chéad Aire ó 1956 anuas a bhí sásta Bille Gaeltachta a thabhairt isteach sa Teach seo? Feicim go bhfuil 168 leasuithe molta ag Seanadóirí. Ní molaim é sin. Bheinn níos sásta dá mbeadh 20 nó 30 leasuithe ann, mar thiocfadh linn ansin iad a phlé. Cé nach bhfuilim sásta faoin méid leasuithe atá ann, aontaím go bhfuil an ceart ag duine ar bith leasú a mholadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.